Neil Ó Laoghaire
banner
olaoghaire.bsky.social
Neil Ó Laoghaire
@olaoghaire.bsky.social
Cé mé fhéin, anyway
Raon rothar snasta,
Gabhfaidh muid go gasta,
Obair, siopaí, scoil,
Gach áit ar do thoil.
December 20, 2025 at 2:21 PM
Is maith liom 'rothar lastais' a fheiceáil mar chuid de na téarmaí na bliana ag tearma.ie 😀

Téarma agus rud thar a bheith lárnach inár saol le níos mó ná 5 bliana anuas 🚲

www.tearma.ie/id/4636832/
December 16, 2025 at 12:31 PM
Lá fliuch. Lá feiliúinach do MS Paint leis na páistí ag úsáid sean-taibléid ceannaithe le haghaidh teagaisc i rith aimsir COVID.

Siod é doras mo chuisneoir digiteach is dóigh.
December 14, 2025 at 11:32 PM
Agus é fógartha inniu go mbeidh clogaid riachtanach go gach imreoir camanachd ó 2030...
www.bbc.com/naidheachdan...
cuireann sé i gcuimhne dom an sábhailt a rinne an cúlbáire seo ó Loch Abar i 2010 😮
www.youtube.com/watch?app=de...
Shinty keeper saves.mpg
YouTube video by HomerJenkins
www.youtube.com
December 3, 2025 at 12:18 PM
Streachailt dúinne sa teaghlach seo, agus muid ag iarraidh an Ghaeilge a cothú agus a choinneáil mar theanga bheo a bhaineann le chuile aicme den tsaol ná i gcúrsaí STEM/ETIM.

Má tá páistí fiosracha agat, b'fhiú iad a bheith fiosrach i mBéarla amháin de réir neart eagraíochtaí in Éirinn.
December 2, 2025 at 10:52 PM
Reposted by Neil Ó Laoghaire
"An buairt atá ormsa nach bhfuil daoine ag tógáil a bpáistí le Gaeilge"

Croí na ceiste @osgurociardha.bsky.social

Sin an straitéis fiche bliain atá de dhíth.

Tógann sé fós gníomhaí teanga páistí a thógáil le Gaeilge lasmuigh den nGaeltacht. Cé nach mothaím gur gníomhaí mé, is dócha gurb ea.
December 2, 2025 at 6:25 PM
Reposted by Neil Ó Laoghaire
'"Ba iad baill Fhine Gael a threoraigh an cur i gcoinne [an rúin] le ‘His/Her Worship’ a bhaint den teideal agus a chuir rún chun cinn lena choinneáil..."'

Cén fáth? @finegael.bsky.social @simonharrisireland.bsky.social

tuairisc.ie/diultaithe-a...
Diúltaithe ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe ‘Méara na Gaillimhe’ a úsáid in áit ‘Mayor of Galway’
Dúirt Méara na Gaillimhe Mike Cubbard gur chuir baill Fhine Gael in aghaidh rún a chuir sé féin chun cinn teideal a oifige a athrú
tuairisc.ie
November 21, 2025 at 6:31 AM
Droch-scéal, ach is fíorbheagán ábhair a chuir RTÉJr Radio ar fáil i nGaeilge do ghasúir agus is mór an trua é sin.

Ní dóigh liom go mbeadh sé ró-dheacair uair a' chloig sa lá de chláracha Gaeilge a chur amach, nó níos mó na 2 shraith podchraoladh in iomlán ó 2010

www.thejournal.ie/rte-digital-...
RTÉ will permanently close four digital radio stations - including 2XM and Pulse - on 31 December
Other impacted stations are RTÉ Radio 1 Extra, RTÉ 2XM, RTÉ Pulse and RTÉjr.
www.thejournal.ie
November 20, 2025 at 6:42 PM
Agus an aintiún nua mórtasach ag an gcoláiste ná:

"An bhfaca tú mo shéimhiú-sín, mo shéimhiú-sín, mo shéimhiú-sín. An bhfaca tú mo shéimhiú-sín, is é curtha ar gach focal."
November 19, 2025 at 8:55 AM
Áis nua iontach do na haistir fada sa gcarr...
open.spotify.com/show/5DA2wo0...
November 17, 2025 at 7:30 PM
Reposted by Neil Ó Laoghaire
A chairde, tá nuacht iontach le roinnt againn!! 🎉⭐

Is féidir leat éisteacht le Scéal an Lae ar Spotify anois!! 🌈🙌

Scéalta do leanaí á léamh ag láithreoirí, aisteoirí agus scríbhneoirí mór le rá!! 📚🌈

Éist anois ar Spotify!! 🎧🎶
November 17, 2025 at 4:29 PM
Gaimh nó gaimhín a chloisim i gcanúintí timpeall anseo. Agus tá gaimhín ann inniu cinnte.
November 17, 2025 at 8:56 AM
"D'íosfadh sé tuí as srathair."

A chuala mé ráite faoi dhuine le goile/ocras mór orthu.
November 16, 2025 at 11:46 AM
Reposted by Neil Ó Laoghaire
📢 FÓGRA POIST 📢

Tá post buan mar Oifigeach Pleanála Teanga á thairiscint ag Gaeilge ABC.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar an bpost tríd an nasc inár bhféinfhaisnéis.
October 23, 2025 at 3:09 PM
Go hannamh, ach uaireanta, cruthaíonn an séimhiú/urú beagáinín doiléiriú sa caint ceapaim.

Céard a dhéanann daoine nuair atá siad ag iarriadh soiléiriú a dhéanamh idir "sé bhilliún" agus "sé mhilliún", nó idir "seacht mbilliún" agus "seacht milliún" nó a leithéid?
Someone posted a letter to the IT here recently and the writer was suggesting making Irish more accessible by scrapping an t-urú agus an séimhiú. Now I’m not qualified to speak on the intricacies of this, but simply, where’s the flavour man? You don’t want to say “ar an mbus”?
Imigh sa foc
November 15, 2025 at 5:29 PM
Léarscáil agus sonraí spéisiúil anseo. Ach cén fáth nach bhfuil logainmneacha, sna Gaeltachtaí ar a laghad, sa teanga ceart?

Éire an t-aon stáit le logainmneacha (go hiomlán) i mBéarla

An locht ar Tailte Éireann nó An Phríomh-Oifig Staidrimh nó Eurostat féin meas sibh?
ec.europa.eu/eurostat/sta...
November 15, 2025 at 4:45 PM
Moladh spéisiúil, ach níl mé cinnte faoi.

An ndéarfaí an rud chéanna faoi Átha Cliath, gur chontae stairiúil é, agus é scartha ina 4 riarachán áitiúil ó 1994?

Nó faoi Tiobraid Árann, nuair a bhí sé scartha idir tuaisceart agus deisceart idir 1899 agus 2014?
B'fhearr 'contae stairiúil' a thabhairt air mar scoradh na contaetha go léir sa tuaisceart in 1973 - ach amháin i gcás na gcluichí Gaelacha ar ndóigh.
November 6, 2025 at 9:29 AM
Níl mé cinnte faoi seo...

Deir sé liom go gcaithfidh muid an saol a dhéanamh níos éasca do Bhéarlóirí nach bhfuil sásta foghlaim agus úsáid fuaimeanna a dhéanann litreacha, taobh amuigh de fonaic an Bhéarla.

www.youtube.com/watch?v=Gfzj...
University of Galway CSE StartsWithAName
YouTube video by Science and Engineering @University of Galway
www.youtube.com
October 17, 2025 at 12:43 PM
D'fhreastail mo chuid gasúr féin ar an gcampa samhraidh seo i mbliana, agus bhain siad an-sult agus muinín as.

Bhí Oisín agus na teagascóirí thar cionn, eolach agus taicúil, agus bhí na himeachtaí iontach spraíoúil.
September 1, 2025 at 4:13 PM
Tá na creachadóirí réidh don dinnéar anocht
August 29, 2025 at 9:26 PM
Tá a fhios agam go mbíonn staitisticí faoin nGaeilge ón daonáireamh pléite go rí-mhinic, ach níor thuig mé cé chomh dona is atá dearadh na gceisteanna faoin nGaeilge ar fhoirm an daonáirimh

Cibé faoin chéad cheist, is droch-dhearadh ceistneora (a glacadh ó 2006) faoi cé chomh minic a labhraítear í.
August 29, 2025 at 8:20 AM
Ón gcartlann an Galway Advertiser, D. Fómhair 1992, litir ó Thómas Ó Broin, ollamh agus bailitheoir béaloidis.

Argóint mhaith nach bhfuil bunús ceart nó bailíocht de "C(h)noc na Cathrach" in iarthar cathrach na Gaillimhe

An coincheap cumtha ag na forbróirí sna 1980í é "Cnoc na Cathrach" b'fhéidir?
August 28, 2025 at 11:19 PM
Reposted by Neil Ó Laoghaire
Tá Gaeilge ABC fíor-shásta a fhógairt go mbeidh muid ag cur tús le téarma nua ranganna Gaeilge i mBearna agus Cnoc na Cathrach i mí Mheán Fómhair.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil, nó clárú do na ranganna, tríd an nasc inár bhféinfhaisnéis.
August 28, 2025 at 3:37 PM
Reposted by Neil Ó Laoghaire
Bhí mé ann anocht. Áit an-deas agus obair mhór déanta. Deas cothrom agus tírdhreach álainn (i gcomhthéacs lom Chonamara)

ACH: ab iod cosán nuachóirithe?! Locháin uisce ann cheana féin, easpa comharthaíochta AGUS Seanadh Mhach(a?) litrithe mícheart ar na fógraí uilig.
August 27, 2025 at 8:35 PM