Neil Ó Laoghaire
banner
olaoghaire.bsky.social
Neil Ó Laoghaire
@olaoghaire.bsky.social
Cé mé fhéin, anyway
Nach iad 'bib-pants' rudaí a bhaineann le sciáil, seoltóireacht nó sléibhteoireacht? 'Salopettes' mar a déarfá an bourgeoisie 😃

An cruith céanna orthu le bhríste dungaraí, ach níl siad déanta as denim.
November 20, 2025 at 6:56 PM
Bean Óran Mór í. B'fhéidir go ngabhfaidh sí chuig é seo chun tús a chur lena hath-fhoghlaim?
November 19, 2025 at 9:00 AM
Mise, ag cumadh teidil...

- Ceabairé Cliste
- Sa Saoithiúil-lann
- Plé do Bharrúil
November 16, 2025 at 11:34 AM
Leagan Gaeilge den leathanach b'fhéidir?
November 15, 2025 at 4:58 PM
Má tá tú ag iarraidh dul i dteagmháil le Eurostat, tá seirbhís ilteangach acu. Iontach.

Ach...tá teanga oifigiúil ar iarraidh...🤔

ec.europa.eu/eurostat/web...
November 15, 2025 at 4:53 PM
Léarscáil agus sonraí spéisiúil anseo. Ach cén fáth nach bhfuil logainmneacha, sna Gaeltachtaí ar a laghad, sa teanga ceart?

Éire an t-aon stáit le logainmneacha (go hiomlán) i mBéarla

An locht ar Tailte Éireann nó An Phríomh-Oifig Staidrimh nó Eurostat féin meas sibh?
ec.europa.eu/eurostat/sta...
November 15, 2025 at 4:45 PM
Cé go gcreidim go bhfuil go leor buntáistí a bhaineann le ilteangachas, ní hionann comhchoibhneas agus cúisíocht faraor, agus níl a dhóthain fianaise sa staidéir sin chun é sin a mhaíomh.

Pointe maith déanta ag Peter Tennant faoi seo...

Is fadhb mhór é le roinnt taighde breathnóireachta.
November 14, 2025 at 12:19 PM
Nach bhfuil sé sach soiléir anseo 👇 go bhfuil cumhacht acu, más ar son Spórt Éireann atá na comharthaí sin crochta?

Tá Treoirleabhar den Acht ar suíomh Spórt Éireann fiú:
www.sportireland.ie/ga/node/9965

Dár ndóigh tá gach rud i mBéarla ar "leagan Gaeilge" den suíomh 🙃
October 17, 2025 at 1:06 PM
Mar sin, tá sé tabháchtach go mbeadh eagraíochtaí, cosúil le Fóram Chois Fharraige um Phleanáil Teanga ag cur isteach aighneachtaí agus ag tarraingt airde do na rudaí seo.

Díreach mar a rinne siad maidir le comharthaíocht sa gcás seo.
September 2, 2025 at 1:13 PM
Ceapaim go bhfuil sé sin riachtanach de réir Plean Forbartha Chontae na Gaillimhe (Aidhm GA 6).

Ní bheinn ag braith ar dea-thoil na gcomhlachtaí móra an Ghaeilge a chur chun cinn, níos mó ná atá de dhualgas orthu.
September 2, 2025 at 12:43 PM
Tá na creachadóirí réidh don dinnéar anocht
August 29, 2025 at 9:26 PM
Níor smaoinigh mé faoi na ceisteanna ón tuaisceart. Is maith liom iad. Thabharfadh siad léargas faoi gnéithe cumas teanga ar leith.
August 29, 2025 at 12:49 PM
Ní dóigh liom go bhfuil. I 2006 a scaradh minicíocht labhartha idir minicíocht sa gcóras oideachais agus minicíocht lasmuigh den chóras oideachais.

Réitigh siad fadhb amháin agus chruithigh siad fadhb bunúsach eile.
August 29, 2025 at 12:42 PM
Gan dabht

Agus daoine ann nach bhfuil sa chóras oideachais ar chor ar bith, nó daoine a oibríonn sa chóras oideachais agus daoine atá i mbun staidéir ann

Ach, na trí fhreagra/rogha ag an mbun atá ag cur as dom is mó. Níos fearr leagan amach mar seo, nó a leithéid. Ní thógadh sé mórán níos mó spáis
August 29, 2025 at 8:47 AM
Tá a fhios agam go mbíonn staitisticí faoin nGaeilge ón daonáireamh pléite go rí-mhinic, ach níor thuig mé cé chomh dona is atá dearadh na gceisteanna faoin nGaeilge ar fhoirm an daonáirimh

Cibé faoin chéad cheist, is droch-dhearadh ceistneora (a glacadh ó 2006) faoi cé chomh minic a labhraítear í.
August 29, 2025 at 8:20 AM
Is léir go raibh drogall ort cuairt a thabhairt ar Co. na Mí! 😜
August 29, 2025 at 8:05 AM
Ón gcartlann an Galway Advertiser, D. Fómhair 1992, litir ó Thómas Ó Broin, ollamh agus bailitheoir béaloidis.

Argóint mhaith nach bhfuil bunús ceart nó bailíocht de "C(h)noc na Cathrach" in iarthar cathrach na Gaillimhe

An coincheap cumtha ag na forbróirí sna 1980í é "Cnoc na Cathrach" b'fhéidir?
August 28, 2025 at 11:19 PM
Cinnte. Ach ní rud mór é stráice beag criathraigh díreach taobh an bhóthair a cheannacht.

Agus tá ciumhais sach leathan do chosán chomh fada leis an loch (Loch Uí Chadain?) de réir a fheicim freisin.
August 27, 2025 at 4:13 PM
B'fhéidir níos fearr, agus níos taitneamhaí duitse, é a rothaíocht agus do léarmheas a thabhairt faoi, nuair atá am agat 😀

Is mór an trua nach bhfuil sé nasctha le cosán taobh an bhóthair ó Tigh Nicolas, (500m buí). Ceapaim go bhfuil rochtain ar leith idir an pháirc ghnó agus lár an baile (dearg).
August 27, 2025 at 3:42 PM
Hup Seana Mhach!

Osclófar raon rothaíochta/siúil nua gar go Casla le bheith oscailte go hoifigiúil inniu de réir nuacht ar RnaG...

B'fhéidir go mbeidh tuilleadh eolais faoi ar Tuairisc.ie ar ball @maitiuocoimin.bsky.social?

D'aimsigh mé an léarscáil seo ar líne
www.sportireland.ie/sites/defaul...
August 27, 2025 at 12:59 PM
f) Mílaoiseach: Sine mé ná an Chailleach Bhláir
August 26, 2025 at 7:24 PM
Maidin ar bharr An Blascaod Mór. Oíche dhraíochtúil caite againn ar an oileán.
August 18, 2025 at 6:55 PM
Ceann duitse @derekholly7.bsky.social

Maitiú McCanathaobh

Is deisceartach (Muimhneach) é, is dóigh.
August 4, 2025 at 1:36 PM
Seachtain i ndiaidh na sluaite, turas gearr go Oileán Mhic Dara.

Bhí an t-oileán againn féinn, seachas tréad caorach, agus thart ar 100 acu ann. Ní fheicim go bhfuil an áit ró-mhaith dóibh féin, agus níl na bláthanna fiáná chomh foirleathan mar a atá ar oileáin eile thart anseo.
July 27, 2025 at 3:31 PM
Oileán Máisean, Iorras Aithneach. Gan aon áitritheoir buan ó 1957.
July 22, 2025 at 8:46 PM