Gaeilge ABC
gaeilgeabc.bsky.social
Gaeilge ABC
@gaeilgeabc.bsky.social
Úsáid na Gaeilge á neartú i mBearna agus i gCnoc na Cathrach 💚 Promoting the use of the Irish language in Bearna and Knocknacarra

https://linktr.ee/gaeilgeabc
📢 FÓGRA POIST 📢

Tá post buan mar Oifigeach Pleanála Teanga á thairiscint ag Gaeilge ABC.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar an bpost tríd an nasc inár bhféinfhaisnéis.
October 23, 2025 at 3:09 PM
Bí linn le haghaidh oíche lán le huafás againn😱 agus muid ag taispeáint Fréwaka mar Scannán na Samhna i gColáiste na Coiribe [H91 RC97] ag 19:00, Dé hAoine, 17 Deireadh Fómhair.

Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil agus do spás don scannán a chur in áirithe tríd an nasc inár bhféinfhaisnéis. 🎟️
October 8, 2025 at 10:40 AM
Beidh Éinne Ó Cathasaigh ar ais linn mar stiúrthóir den chéad siúlóid dúlra eile a bheas againn i mbliana ar Satharn, 13ú Meán Fómhair ó 10:30 i bPáirc Loch an Roisín (H91 KX75). Ar an siúlóid seo beidh Éinne ag labhairt linn faoi éanacha.

Tuilleadh eolais ag optgaeilgeabc@gmail.com.
September 8, 2025 at 12:05 PM
Gaeilge ABC is delighted to announce that we will be starting a new term of Irish classes in Bearna and Knocknacarra in September.

You can find out more, or register for the classes, via the link in our bio.
August 28, 2025 at 3:37 PM
Tá Gaeilge ABC fíor-shásta a fhógairt go mbeidh muid ag cur tús le téarma nua ranganna Gaeilge i mBearna agus Cnoc na Cathrach i mí Mheán Fómhair.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil, nó clárú do na ranganna, tríd an nasc inár bhféinfhaisnéis.
August 28, 2025 at 3:37 PM
Beidh CEARTA: Agóid Náisiúnta na nGael ar siúl ar an Satharn 20 Meán Fómhair i mBaile Átha Cliath. Tá bus saor in aisce ón nGaillimh.

Imeoidh an bus ag a 10:00 ón Ard-Eaglais, agus beidh sé ag filleadh tráthnóna c.17:00

Is féidir leat clárú don bhus tríd an nasc inár bhféinfhaisnéis!
August 19, 2025 at 9:14 AM
Reposted by Gaeilge ABC
Séanta ag comhlacht ceadaithe tithíochta go bhfuil siad ag dul in aghaidh polasaithe teanga sa nGaeltacht
tuairisc.ie/seanta-ag-co...
Séanta ag comhlacht ceadaithe tithíochta go bhfuil siad ag dul in aghaidh polasaithe teanga sa nGaeltacht
Dúirt Tuath gur comhlíonadh an coinníoll teanga d’fhorbairt nua i mBearna sular tháinig an comhlacht isteach sa scéal ar chor bith
tuairisc.ie
August 6, 2025 at 9:24 AM
Tar linn le haghaidh siúlóide tumthach trí Pháirc Loch an Roisín (H91 KX75) agus foghlaim faoi na bláthanna, ainmhithe, agus éin sa bpáirc leis an éiceolaí Éinne Ó Cathasaigh ar Satharn, 9ú Lúnasa ag 10:00rn!

Tuilleadh eolais ar fáil uaidh Mhicheál ag optgaeilgeabc@gmail.com
August 7, 2025 at 8:22 AM
Tá fóghrúpa beag bunaithe ag Gaeilge ABC chun féachaint ar an mbunús a bhaineann leis an 43 baile fearainn i limistéar pleanála teanga Bhearna-Chnoc na Cathrach. Bheadh suim againn cloisteáil ó dhaoine le spéis i stair agus dinnseanchas.

Tuilleadh eolais ar fáil sa nasc inár bhféinfhaisnéis
July 15, 2025 at 8:15 AM