banner
cula4.bsky.social
@cula4.bsky.social
Cén áit ar féidir leat féachaint ar Cúla4?! 📺⭐🌈✨

Tabhair faoi deara go bhfuil Cúla4 ar fáil ar chainéal difriúil ar Sky Glass ó Thuaidh anois! ☀️💚🎉
November 13, 2025 at 11:14 AM
🥳🎈CÓISIR CÚLA4🎈🥳
Bí linn do chóisir Cúla4 ag Oireachtas na Samhna!🎉

Beidh neart spraoi, rince agus féiríní ann chomh maith le seoladh 'Dar le Daideo' , clár úrnua ar Cúla4! Wúhúú!! 🥳⭐🌈

@tg4.bsky.social @oirnagaeilge.bsky.social
October 29, 2025 at 2:45 PM
🎉Tá ríméad orainn!! 🎉

Ainmníodh ceithre chlár atá ar Cúla4 ar ghearrliostaí Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2025!!🥳🥳 Táimid ar bís wúhúú!!🙌🌈🧡

🎥Nuacht Cúla4
🌩️ANFA
🦦Lí Ban
🐶Mo Pheata
September 19, 2025 at 10:46 AM
Cuir aithne ar ár dtuairisceoir nuachta Áine Humphreys!!✨🎥

💻Má tá scéal nuachta agat is féidir leat ríomhphost a chur chuig nuacht@cula4.com

📺Nuacht Cúla4 Máirt - Aoine
⏰13:30 & 17:30
September 17, 2025 at 3:37 PM
🚨 CLÁR NUA 🚨

⏰ Am Abú ⏰

Téann Leithreas Lugh siar san am chun cúrsaí staire a chur as riocht. Is faoi Fionn agus Nóra atá sé dul siar san am agus rudaí a chur ina gceart! 🚽🪠🛟

⏰Ag tosú anocht ag 17:00
📅Gach Déardaoin ar Cúla4
September 11, 2025 at 10:37 AM
Fáilte ar ais go Nuacht Cúla4!! 🙌🎉⭐
Beidh séasúr nua ag tosú inniu!! Ná caill amach air!!📢🎥🎬

📅Máirt - Aoine
⏰13:30 & 17:30
September 9, 2025 at 10:48 AM
Táimid ar bís le bualadh lenár dtuairisceoirí nua agus seo na ceantair a bheidh siad ag clúdach!!🥳📢⭐🎥

Beidh Nuacht Cúla4 ag teacht chugat gach Máirt - Aoine ag 13:30 & 17:30 le plé a dhéanamh ar nuacht mhór an lae!! 📰🎤
September 8, 2025 at 4:17 PM
Inniu táimid ag ceiliúradh dhá bhliain ar an aer!!🥳🥳 Bhí bliain lán le spraoi, craic agus cláracha nua againn ar Cúla4!!🎉🧡 Bígí linn le haghaidh bliain eile den chéad scoth!!⭐🌈
September 8, 2025 at 10:27 AM
Tá Sceideal an Fhómhair beo anois agus táimid ar bís!!🥳🎉
Bígí ag faire amach le haghaidh cláracha nua ar Cúla4!! Wúhúúú!!🎉🎉
September 1, 2025 at 10:47 AM
🚨CLÁR NUA 🚨

🦚 FÍRICÍ FÍOCHMHARA 🦚
Sraith é seo atá dírithe ar dhaltaí réamhscoile, tabharfar léargas ar chuid de na hainmhithe is spéisiúla, is aistí agus is iontaí!! 🐘🐅🦍

⏰Gach Luan agus Céadaoin ag 14:05
June 18, 2025 at 10:15 AM
🪲Ba é an frása ‘Aithníonn ciaróg ciaróg eile’ a spreag an smaoineamh do na suaitheantais seo - ar bealach é do chainteoirí óga Gaeilge a chéile a aithint agus ceangal a dhéanamh trínár dteanga dhúchais.
Bígí bródúil iad a chaitheamh, agus cuirigí tús leis an gcomhrá.⭐🌈🙌
May 13, 2025 at 10:39 AM
A Mhúinteoirí,

Tá tionscnamh suaitheantais nua, 'Ciaróg Chara' á sheoladh againn chun Cainteoirí Gaeilge Óga a Cheiliúradh!! 🪲🥳

Is féidir le scoileanna rannpháirteacha a n-ábhar Ciaróg Chara a iarraidh ó Cúla4 trí ríomhphost a sheoladh chuig cula4@tg4.ie 🙌🌈
May 12, 2025 at 10:45 AM
Míle buíochas le @lorgmedia.bsky.social a bhí linn an tseachtain seo caite le ceardlann a dhéanamh le láithreoirí an lae amárach 💫🙌🧡
Bhí lá iontach againn le @cula4.bsky.social ag déanamh ceardlann MoJo agus féin-bhrandála le láithreoirí a bhfuil gealladh fúthu! 🎥

We really enjoyed our day spent training 12 up-and-coming presenters in MoJo and Personal Branding yesterday!

Tá ré órga amach romhainn 🌟

#MoJo #LorgMedia
February 24, 2025 at 4:56 PM
📢 Glao ar Iarratais!!
Sraith Dhrámaíochta Ghearrfhoirme do Pháistí (YouTube) 💫
Spriocdháta: 21/03/25

www.tg4.ie/en/commissio...
Cúla4 Neamhlíneach 2025 - TG4
Cúla4 Neamhlíneach 2025 FÓGRA D’ÁBHAR NEAMHLÍNEACH 9-12 BHLIAIN Glao ar Iarratais: Sraith Dhrámaíochta Ghearrfhoirme do Pháistí (YouTube) Spriocdháta d’iarratais: 15:00 an 21 Márta 2025.   Buiséad: €1...
www.tg4.ie
February 20, 2025 at 4:24 PM
🎉 Sraitheanna nua ar YouTube Cúla4! 🎉
Draíocht, damhsa, feirmeoireacht agus ealaín - aimsigh an tsraith is fearr leat ar youtube.com/cula4! 🙌🎨
February 5, 2025 at 4:43 PM
Bhí lá speisialta againn ag Lá na bPáistí mar chuid den fhéile Tonnta i gcathair na Gaillimhe le déanaí! 💫🎉

Míle buíochas le gach duine a bhí linn agus a tháinig isteach chuig stiúideo Cúla4 🧡
February 4, 2025 at 4:54 PM