Conchúr Mag Eacháin
banner
mageachain.bsky.social
Conchúr Mag Eacháin
@mageachain.bsky.social
Taighdeoir Gaeilge, Eagarthóir cúnta ar Fhoclóir Stairiúil na Gaeilge, RIA.
Canúintí, focail, béaloideas, toibreacha, CLG. Mo thuairimí féin. Ard Mhacha/BÁC
Pinned
Níl a fhios agam fán witchcraft ach is cinnte gur charmers muid gan amhras.
Reposted by Conchúr Mag Eacháin
Airstrikes don’t “test” a ceasefire. They break a ceasefire. Language isn’t that hard, media. Neither is professionalism and bravery.
November 22, 2025 at 7:42 PM
Sámh Dá Éan
November 22, 2025 at 3:23 PM
Seán Ó Donnabháin ag tuairimiú faoin ainm Loch na Séad

🤝

Mise ag léamh na leabharthaí Béarla sin faoin Ghaeilge

www.logainm.ie/ga/1165008
November 22, 2025 at 10:43 AM
Reposted by Conchúr Mag Eacháin
GRMA as seo a Áine, tá n ceart agad go bhfuil neart taighde e dhíth nó is iomaí barúil a tchím ó mhuintir Bhaile Átha Cliath fá mheon na sé gcondae agus go háirid meon na bprotastúnach (mo mhuintir féin) ar an cheist gí nár chaith siad lá i mBéal Feirste! Caithfear an chosmhuintir a chur i lár báire
November 21, 2025 at 9:37 PM
"An mbeidh gloine fíona agat?"
Mise: "Chan go fóill."

*Amhrán na Scadán ar an TV*

Mise: "Tabhair domh an buidéal."
November 21, 2025 at 8:46 PM
"Déarfá liom é, nach ndéarfá? An bhfuil mé rómhór don chraobh seo?"
November 21, 2025 at 2:19 PM
Meabhrúchán:

Is fearr Gaeilge spraíúil ná Béarla ríúil
"Phréachfadh sé na Danes."
"Phréachfadh. Chonálfadh sé na corra."
"Chonálfadh. Reoidhfeadh sé an cac sa phréachán."
"..."
November 21, 2025 at 10:57 AM
"Tá an Ghaeilge cool anois."

An Ghaeilge: "Tháinig mise amach na blianta ó shin a ghrá"

(Chuala mé an t-amhrán le Diana Ross nuair a léigh mé an píosa thíos i dtoiseach 😄)

focloiruichadhain.ria.ie/1/tar-amach/
November 20, 2025 at 12:03 PM
Toibreacha Chú Mhaighe - Áit spéisiúil, thugadh seanmháthair mo mhná í ann is í óg. Seans gurb é sin an chúis a chuireann sé suas le mo chaitheamh aimsire! nóta suimiúil ar @placenamesni.bsky.social Ballyquintin atá ar an bf, samhlaíodh Cú Mhaighe le Quintin...ach tá sé níos casta ná sin is cosúil!
November 19, 2025 at 9:06 PM
Tá mé conáilte a mhac!

www.teanglann.ie/ga/fgb/con%c...
November 19, 2025 at 1:45 PM
Beidh iomaíocht ghéar idir Dunnes agus Lidl i mbliana @duinedeas.bsky.social
November 17, 2025 at 8:14 PM
Reposted by Conchúr Mag Eacháin
Lascaine 50% ar gach leabhar dóibh siúd atá cláraithe le Nuachtlitir Leabhar Breac roimh 17 Nollaig. Cláraigh linn inniu! leabharbreac.com/shop/leabhai...
Ceas an Chait
Naoi mbeatha (agus naoi mbás) atá ag an gcat, de réir an traidisiúin, agus is naoi gcaibidil ghearra agus clabhsúr atá sa phictiúrleabhar álainn gleoite seo; naoi n-eachtra chinniúnacha i saol an chai...
leabharbreac.com
November 17, 2025 at 10:51 AM
Mallachtaí na Gaeilge: "Go n-ithe an cat thú, is go n-ithe an diabhal an cat!"

Bagairtí na Gaeilge: "Cute. ...."

focloiruichadhain.ria.ie/0/fead%C3%A1n/
November 15, 2025 at 11:56 AM
Truffle Shuffle, leann dubh seacláide nua ó Wicklow Wolf i gcomhar le Butlers. Milis mar a bhíos a leithéid ach an-deas. Beidh cúpla ceann sa chuisneoir don Nollaig. Is maith iad WW, bíonn beoracha deasa suimiúla acu i gcónaí.
November 14, 2025 at 9:00 PM
"Ní liomsa inslin, is leis an tsaol mhór í," arsa Frederick Banting agus é ag iarraidh go mbeadh sí ar fáil do chách. Rugadh é ar an lá seo in 1891.
The team also sold the patent for insulin to the University of Toronto for $1 in 1923.
Banting was awarded regular payments for life by the Government of Canada for his research. In 1935, he was knighted by King George V for his accomplishment.

🧵 8/12
November 14, 2025 at 4:25 PM
Reposted by Conchúr Mag Eacháin
Sir Frederick Banting wasn't just the co-discover of insulin.
He was the youngest recipient of the Nobel prize in Physiology or Medicine, an accomplished artist, and a decorated war hero.
This is the story of one of the greatest Canadians.

🧵 1/12
November 14, 2025 at 3:01 PM
An galar craosach ceann de na hainmneacha dúchasacha a bhí ar an diaibéiteas toisc go mbíonn íota tarta agus ocras aisteach ar dhuine. Is é an tart ceann de na comharthaí is suntasaí.

Féar gortach luaite mar ainm eile ag an Duinníneach - ocras a bhuaileann daoine mar gheall ar phoc sí
November 14, 2025 at 1:13 PM
Reposted by Conchúr Mag Eacháin
‘Deireadh ré na Gaeltachta ag bagairt, sin an fhadhb nach dtuigeann an Rialtas’
‘Deireadh ré na Gaeltachta ag bagairt, sin an fhadhb nach dtuigeann an Rialtas’
Údar díomá atá sa phlean náisiúnta tithíochta ó thaobh na Gaeltachta de, a deir lucht feachtais agus an freasúra
tuairisc.ie
November 14, 2025 at 5:55 AM
Smaoitím ar an iontráil seo ag an Duinníneach ó am go chéile

Meann
stuttering; surname Minn (Kuno Meyer found a large percentage of stutterers amongst people of this name in Liverpool)

Níl a fhios agam an cumarsáid phearsanta a bhí i gceist nó an rabh rud éigin foilsithe ag Meyer 🤔

dil.ie/31960
November 13, 2025 at 4:14 PM
Mallacht an lae* as Teileann

"Bás bíodhgamhar** go bhfaghaidh tú ar bharr píce oíche gaoithe móire le splancacha mire agus toirneach gan taiséadach."***

*Ní bheidh mallachtaí á scaipeadh gach lá
**bás tobann: "éag de bhíodhg" suddden death (Duinn.); pron. bíogúr
***go rabh lá maith agaibh ar fad!
November 13, 2025 at 8:33 AM
Níl a fhios agam ach ní dóigh liom go dtaitníonn 'layering' leis na Gaeil cibé ar bith

bústa, duine a mbeadh an iomarca éadaigh air

folach, tá sé ina fholach inniu, tá go leor leor éadaigh air

Sniotar ... A shniotair na bpucaí! - le duine fuar a mbeadh go leor éadaigh air
November 12, 2025 at 7:07 PM
Bunaithe ar na pics ar fad ón Oireachtas glacaim leis go bhfuair na Gaeil ar fad cuireadh chuig cóisir oirnithe Catherine Connolly aréir is sin an fáth go bhfuil an áit seo chomh ciúin sin inniu 😵‍💫😄
November 12, 2025 at 3:48 PM
Roinnt mallachtaí as Réilthíní Óir agus ceann nach rabh agam cheana,

"Casachtach fiacal ort!"

Níl a fhios cad go díreach atá i gceist ach is maith liom é
November 12, 2025 at 11:49 AM