Leabhar Breac
banner
leabharbreac.bsky.social
Leabhar Breac
@leabharbreac.bsky.social
Teach foilsitheoireachta i gcroílár Chonamara.
Labhrás Ó Finneadha faoi agallamh ag Micheál Ó Tuathail ar Iris Aniar Raidió Na Gaeltachta inniu. Tá a leabhar nua Ceas an Chait le seoladh ag Máire Ní Neachtain Tigh Charlie Byrne i nGaillimh 6pm inniu. Fáilte roimh chách.
Iris Aniar Déardaoin 12 Feabhra 2026
Clár irise á chur i láthair ó cheannáras Raidió na Gaeltachta i gCasla.
www.rte.ie
February 12, 2026 at 1:20 PM
Tigh Charlie Byrne i nGaillimh, 6pm Déardaoin, seolfaidh Máire Ní Neachtain leabhar nua Labhráis Fhinneadha, Ceas an Chait — pictiúrleabhar do léitheoirí fásta agus é maisithe ag Aodh Mac Lochlainn. "Údar aoibhnis" dar le Máire Ní Fhinneadha ar Tuairisc.ie
Ceas an Chait le Seoladh i nGaillimh - Leabhar Breac
Tigh Charlie Byrne, Déardaoin 12 Feabhra, seolfaidh Máire Ní Neachtain leabhar nua Labhráis Fhinneadha, Ceas an Chait. Pictiúrleabhar do léitheoirí fásta é Ceas an Chait, agus is é Aodh Mac Lochlainn ...
leabharbreac.com
February 9, 2026 at 11:16 AM
Marc 9/10 agus 9.5/10 ag Bódléar! Míle buíochas le Clubleabhar,
Bódléar - Leabhar mhí Feabhra 2026 | February's Book of the Month 2026
[English version below] I mbaile beag ar an gcósta thiar, gach samhradh, cumann an máistir scoile dán ar son mhuintir an bhaile agus tugann leis ó dheas chuig Cúirt Mhór na bhFilí i gCúige Mumhan é.
soundcloud.com
February 6, 2026 at 3:06 PM
An fear eagair, an tOllamh Gearóid Denvir, i gcuideachta Mhonnie Hallahan, garmhac an fhile, ag seoladh Trí Glúine Gael le Pádraig Ó Miléadha sa Rinn Dé Sathairn. leabharbreac.com/shop/leabhai...
February 3, 2026 at 3:58 PM
Ní in Éirinn amháin atá sé ina bháisteach! Éist anseo thíos leis an dán nua le Diarmuid Johnson, "Mos Fliuch". leabharbreac.com/shop/leabhai...
Conamara agus Tíortha Eile - Leabhar Breac
Idir 2015 agus 2025 a cumadh an fhilíocht atá sa díolaim seo. Tá dánta inti i sé cinn de theangacha. Is tír ar leith gach teanga de na sé theanga sin, tíortha a bhíonn an file a shiúl agus ...
leabharbreac.com
February 3, 2026 at 12:14 PM
"Dán atá ar maos i gcaint throdach radacach ó reacaire nach leasc leis a bharúil a chur in iúl gan frapa, gan taca agus, fearacht na bhfilí a chuaigh roimhe, tá friotal fileata an dáin neadaithe sa traidisiún as ar fáisceadh Ó Miléadha." leabharbreac.com/tri-gluine-g...
Trí Glúine Gael le seoladh sna Déise - Leabhar Breac
Dé Sathairn 31 Eanáir, seolfaidh an Dr Ciarán Ó Gealbháin Trí Glúine Gael, eagrán nua den dán fada clúiteach a chum an Déiseach Pádraig Ó Miléadha agus a d’fhoilsigh sé sa bhliain 1953. Chomh maith le...
leabharbreac.com
January 28, 2026 at 2:44 PM
"Leabhairín gleoite" arsa Eoin P. “Tá spraoi ann, agus an-ghreann!”
January 26, 2026 at 9:45 PM
Adhlacfar an mórscríbhneoir Seán Mac Mathúna i Séipéal an Ghairdín, Cnoc Iaróim, Dé Sathairn. rip.ie/death-notice...
Death Notice of Seán Mac Mathúna (Dun Laoghaire, Dublin) | rip.ie
The death has occurred of Seán Mac Mathúna of Dun Laoghaire, Dublin Ireland, on 27/12/2025. You can view the full death notice and add your condolences here.
rip.ie
January 22, 2026 at 1:08 PM
Inniu, le linn Éigse Cholm Cille in ionad deoiseach Eaglais na hÉireann i nDoire, a sheolfaidh na heaspaig Donal McKeown agus Andrew Forster an leabhar Fri Selb Séagainn: Aistí ar Ghnéithe D’oidhreacht Choluim Chille. Ollscoil Uladh atá i mbun na hócáide. leabharbreac.com/cnuasach-ais...
Cnuasach aistí ar Cholmcille le seoladh inniu - Leabhar Breac
Le linn Éigse Cholm Cille nDoiire, in ionad deoiseach Eaglais na hÉireann inniu, a sheolfar an leabhar Fri Selb Séagainn: Aistí ar Ghnéithe D’oidhreacht Choluim Chille inniu. Cnuasach aistí ar thionch...
leabharbreac.com
January 16, 2026 at 9:07 AM
Tá an mórscríbhneoir aitheanta Seán Mac Mathúna imithe ar shlí na fírinne, in aois a 89 mbliana. tuairisc.ie/an-morscribh...
An mórscríbhneoir Seán Mac Mathúna ar shlí na fírinne
Bhí Seán Mac Mathúna ar an líon beag scríbhneoirí a fuair aitheantas dá shaothar i nGaeilge agus i mBéarla
tuairisc.ie
December 31, 2025 at 9:24 AM
Tá an scríbhneoir Seán Mac Mathúna ar lár. San fhíseán seo a rinneadh in 2013, tá Seán ag labhairt ar a úrscéal Gealach. www.youtube.com/watch?v=CA_d...
Seán Mac Mathúna Gealach
YouTube video by Leabhar Breac
www.youtube.com
December 27, 2025 at 9:48 AM
Táimid an-bhródúil as seo, agus as an leabhar breá le Pól Breathnach atá le foilsiú in 2026 againn: An Cosán Ceilte.
Dán Nollag le m'athair ar thosach an Irish Times ar maidin. (Agus a leabhar le foilsiú ag @darachoscolai.bsky.social go luath)
December 24, 2025 at 10:08 AM
An CLÁIRSEOIR, Diarmuid Johnson: “Tá buaic nua ag traidisiún liteartha na Gaeilge.” —An tOllamh Máire Ní Annracháin, Comhar comhar.ie/iris/85/12/l...
Leabhair na bliana 2025
Caitheann ár meitheal léitheoirí súil siar ar na leabhair is mó a chuaigh i gcion orthu i mbliana
comhar.ie
December 18, 2025 at 6:57 PM
"Dearbhaíonn Darach Ó Scolaí nach dtiocfaidh deireadh le hÉigse go brách an fhad is a bheidh clanna Gael ag saothrú an phinn.” leabharbreac.com/bodlear-duai...
Bódléar, Duaisleabhar na Bliana
Seo í bliain Bhódléir. Is ar an úrscéal seo le Darach Ó Scolaí a bronnadh trí mhórdhuais na foilsitheoireachta le bliain anuas, Duais an Oireachtais 2024, Gradam Uí Shúilleabháin 2025, agus Gradam An ...
leabharbreac.com
December 10, 2025 at 2:48 PM
Máire Ní Fhinneadha: "Údar aoibhnis dom an mhuinín atá aige as a theanga féin, ise agus eisean inniúil ar chuile ghné den saol catúil seo a léiriú gan an siolla fhéin ar sliobarna agus na glúnta d’eagna is seanchas a chine a fhuint in aon saothar snoite amháin." tuairisc.ie/cnuasach-gea...
Cnuasach gearrscéalta don chatghráthóir is don chatséantóir
Deirtí riamh gur iomaí bealach le cat a mharú seachas é a thachtadh leis an im agus tá naoi gcinn de na bealaí sin sna naoi ngearrscéal i gcnuasach nua
tuairisc.ie
December 4, 2025 at 6:05 PM
Tá na Normannaigh chugainn go deimhin — tá agus an leabhar is nuaí le Diarmuid Johnson tagtha chugainn ó na clódóirí! leabharbreac.com/ta-na-norman...
An Cláirseoir i gCló
Tá na Normannaigh chugainn go deimhin, agus tá An Cláirseoir, leabhar nua an scríbhneora, Diarmuid Johnson, tagtha ó na clódóirí.
leabharbreac.com
November 24, 2025 at 4:14 PM
Reposted by Leabhar Breac
November 18, 2025 at 7:16 AM
Lascaine 50% ar gach leabhar dóibh siúd atá cláraithe le Nuachtlitir Leabhar Breac roimh 17 Nollaig. Cláraigh linn inniu! leabharbreac.com/shop/leabhai...
Ceas an Chait
Naoi mbeatha (agus naoi mbás) atá ag an gcat, de réir an traidisiúin, agus is naoi gcaibidil ghearra agus clabhsúr atá sa phictiúrleabhar álainn gleoite seo; naoi n-eachtra chinniúnacha i saol an chai...
leabharbreac.com
November 17, 2025 at 10:51 AM
Ag Oireachtas na bliana seo ghnóthaigh úrscéal nua le Diarmuid Johnson an duais mhór. Is gearr uainn anois é: An Cláirseoir. leabharbreac.com/an-clairseoi...
Duaisleabhar nua chugainn!
Tá an t-úrscéal is nuaí le Diarmuid Johnson, An Cláirseoir (Duais an Oireachtais 2025) á chur i gcló agus beidh sí ar fáil roimh dheireadh na míosa. San úrscéal seo, is é scéal na Normannach roimh ion...
leabharbreac.com
November 12, 2025 at 4:28 PM
Reposted by Leabhar Breac
Tá teidil don scoth dhá bhfoilsiú ag @leabharbreac.bsky.social chomh maith, an dá leabhar seo acu ar an ngearrliosta le leabhar ficsin gaeilge na bliana #APIBA
November 8, 2025 at 6:47 PM
Sadhbh: Athinsint ar an seanscéal ina bhfaigheann an bhean an ceann is fearr ar na fir go léir, Ceasacht Iníon Ghuile, É maisithe ag an sárealaíontóir Alé Mercado. @alemercadodraws.bsky.social leabharbreac.com/sadhbh-alain...
Sadhbh álainn dhraíochtúil
Pictiúrleabhar álainn nua do léitheoirí fásta leis an scríbhneoir Darach Ó Scolaí agus an t-ealaíontóir Alé Mercado is ea Sadhbh, leagan úrnua den seanscéal Ceasacht Iníon Ghuile.
leabharbreac.com
November 8, 2025 at 1:23 PM
An Luan tar éis na Samhna a d’imíodar. Soir ó dheas as Cruachain Aoi leo ...
leabharbreac.com/shop/leabhar...
Táin Bó Cuailnge
Is é Táin Bó Cuailnge an scéal is mó atá againn sa luathlitríocht, agus tá sé ar cheann de na heipicí próis is mó agus is clúití dár scríobhadh riamh. Is é Darach Ó Scolaí a chuir i Nua-Ghaeilge
leabharbreac.com
November 3, 2025 at 5:03 PM