Leabhar Breac
banner
leabharbreac.bsky.social
Leabhar Breac
@leabharbreac.bsky.social
Teach foilsitheoireachta i gcroílár Chonamara.
Tá na Normannaigh chugainn go deimhin — tá agus an leabhar is nuaí le Diarmuid Johnson tagtha chugainn ó na clódóirí! leabharbreac.com/ta-na-norman...
An Cláirseoir i gCló
Tá na Normannaigh chugainn go deimhin, agus tá An Cláirseoir, leabhar nua an scríbhneora, Diarmuid Johnson, tagtha ó na clódóirí.
leabharbreac.com
November 24, 2025 at 4:14 PM
Reposted by Leabhar Breac
November 18, 2025 at 7:16 AM
Lascaine 50% ar gach leabhar dóibh siúd atá cláraithe le Nuachtlitir Leabhar Breac roimh 17 Nollaig. Cláraigh linn inniu! leabharbreac.com/shop/leabhai...
Ceas an Chait
Naoi mbeatha (agus naoi mbás) atá ag an gcat, de réir an traidisiúin, agus is naoi gcaibidil ghearra agus clabhsúr atá sa phictiúrleabhar álainn gleoite seo; naoi n-eachtra chinniúnacha i saol an chai...
leabharbreac.com
November 17, 2025 at 10:51 AM
Reposted by Leabhar Breac
D'fhéadfadh tithe foilsitheoireachta na Gaeilge cóip de chuile leabhar nua a chur suas go BÁC chuig Catherine - ní rachaidís amú @barzazie.bsky.social @leabharbreac.bsky.social
November 12, 2025 at 5:00 PM
Ag Oireachtas na bliana seo ghnóthaigh úrscéal nua le Diarmuid Johnson an duais mhór. Is gearr uainn anois é: An Cláirseoir. leabharbreac.com/an-clairseoi...
Duaisleabhar nua chugainn!
Tá an t-úrscéal is nuaí le Diarmuid Johnson, An Cláirseoir (Duais an Oireachtais 2025) á chur i gcló agus beidh sí ar fáil roimh dheireadh na míosa. San úrscéal seo, is é scéal na Normannach roimh ion...
leabharbreac.com
November 12, 2025 at 4:28 PM
Reposted by Leabhar Breac
Tá teidil don scoth dhá bhfoilsiú ag @leabharbreac.bsky.social chomh maith, an dá leabhar seo acu ar an ngearrliosta le leabhar ficsin gaeilge na bliana #APIBA
November 8, 2025 at 6:47 PM
Sadhbh: Athinsint ar an seanscéal ina bhfaigheann an bhean an ceann is fearr ar na fir go léir, Ceasacht Iníon Ghuile, É maisithe ag an sárealaíontóir Alé Mercado. @alemercadodraws.bsky.social leabharbreac.com/sadhbh-alain...
Sadhbh álainn dhraíochtúil
Pictiúrleabhar álainn nua do léitheoirí fásta leis an scríbhneoir Darach Ó Scolaí agus an t-ealaíontóir Alé Mercado is ea Sadhbh, leagan úrnua den seanscéal Ceasacht Iníon Ghuile.
leabharbreac.com
November 8, 2025 at 1:23 PM
An Luan tar éis na Samhna a d’imíodar. Soir ó dheas as Cruachain Aoi leo ...
leabharbreac.com/shop/leabhar...
Táin Bó Cuailnge
Is é Táin Bó Cuailnge an scéal is mó atá againn sa luathlitríocht, agus tá sé ar cheann de na heipicí próis is mó agus is clúití dár scríobhadh riamh. Is é Darach Ó Scolaí a chuir i Nua-Ghaeilge
leabharbreac.com
November 3, 2025 at 5:03 PM
A chairde, tá an vótáil tosaithe i gcomórtas An Post Irish Book Awards: FICHE le Colm Ó Ceallacháin
www.irishbookawards.ie/vote/
October 28, 2025 at 3:12 PM
Tá muid fíorchruógach inniu: leabhar eile tagtha ó na clódóirí! Pictiúrleabhar álainn nua do léitheoirí fásta leis an scríbhneoir Labhrás Finneadha agus an t-ealaíontóir Aodh Mac Lochlainn is ea Ceas an Chait. leabharbreac.com/ceas-an-chai...
Ceas an Chait tagtha ó na clódóirí
Faoi dheireadh thiar, tá Ceas an Chait i gcló. Pictiúrleabhar álainn nua do léitheoirí fásta leis an scríbhneoir Labhrás Finneadha agus an t-ealaíontóir Aodh Mac Lochlainn is ea Ceas an Chait.
leabharbreac.com
October 28, 2025 at 1:11 PM
Tá Sadhbh i gcló — agus í ar a bealach amach chuig siopaí maithe leabhar fud fad na tíre. Pictiúrleabhar álainn nua do léitheoirí fásta leis an scríbhneoir Darach Ó Scolaí agus an t-ealaíontóir Alé Mercado is ea Sadhbh, leagan úrnua den seanscéal Ceasacht Iníon Ghuile.
Sadhbh tagtha ó na clódóirí!
Tá an pictiúrleabhar nua Sadhbh i gcló faoi dheireadh! Pictiúrleabhar álainn nua do léitheoirí fásta ón scríbhneoir Darach Ó Scolaí agus an t-ealaíontóir Alé Mercado is ea Sadhbh. Seolfaidh an tOllamh...
leabharbreac.com
October 28, 2025 at 9:04 AM
Ríméad an domhain orainn: Dhá leabhar againn ar ghearrliosta An Post Irish Book Awards. Comhghairdeachas leis na scríbhneoirí ar fad! #APIBA
October 23, 2025 at 7:33 AM
Stóras nua Leabhar Breac (Stóras 2), agus caithfear áit a dhéanamh ann fós do leabhair nua na bliana seo. Airím go bhfuil sladmhargadh ar an mbealach....
October 7, 2025 at 9:08 AM
Tréaslaímid leis na scríbhneoirí, eagarthóirí, ealaíontóirí & eile a bhí páirteach sna gradaim foilsitheoireachta, & leis na buaiteoirí, Antain Mac Lochlainn (Gradam Réics Carló & Gradam de Bhaldraithe) @antainmac.bsky.social & Darach Ó Scolaí @darachoscolai.bsky.social (Gradam Uí Shúilleabháin).
October 1, 2025 at 2:31 PM
Inniu lá na cinniúna: bronnfar Gradam Réics Carló tráthnóna. Guímid an t-ádh ar Cholm Ó Ceallacháin agus ar a shár-úrscéal FICHE. @oirnagaeilge.bsky.social
leabharbreac.com/fiche-ar-ghe...
Óró ar Ghearrliosta na nGradam
"Scéal grá agus tragóid suite in Éirinn atá beagán difriúil leis an tír a bhfuil taithí againn uirthi."
leabharbreac.com
September 30, 2025 at 11:48 AM
Inniu, lá mór na cinniúna, a bhronnfar Gradam Réics Carló. Guímid an t-ádh ar Alan Titley agus ar a shár-úrscéal ÓRÓ.
leabharbreac.com/oro-ar-ghear...
Óró ar ghearrliosta na nGradam
Óró le hAlan Titley fógartha ar ghearrliosta na nGradam Litríochta 2025! Úrscéal do léitheoirí óga ina n-éalaíonn ógánach ar bord loinge go dtéann thar farraige siar go hollchríoch aineoil an óir sa t...
leabharbreac.com
September 30, 2025 at 11:46 AM
Inniu, lá mór na cinniúna, a bhronnfar Gradam Uí Shúilleabháin @oirnagaeilge.bsky.social. Guímid an t-ádh ar Dharach Ó Scolaí @darachoscolai.bsky.social agus ar a shár-úrscéal BÓDLÉAR.
leabharbreac.com/bodlear-ar-g...
Bódléar ar Ghearrliosta na nGradam - Leabhar Breac
Cúis ríméid dúinn go bhfuil Bódléar le Darach Ó Scolaí ainmnithe ar ghearrliosta Ghradam Foilsitheoireachta an Oireachtais. I mí Mheán Fómhair a fhógrófar an buaiteoir.
leabharbreac.com
September 30, 2025 at 11:20 AM
Inniu, lá na cinniúna, bronnfar Gradam Réics Carló. Guímid an t-ádh ar Antain Mac Lochlainn @antainmac.bsky.social agus ar a shár-úrscéal ÉANNA CORR leabharbreac.com/eanna-corr-a...
Éanna Corr ar ghearrliosta na nGradam
Éanna Corr ar ghearrliosta na nGradam: "Ní dalta mar gach dalta eile é Síomón Collina: tá sé ag iarraidh a bheith mór le hÉanna"
leabharbreac.com
September 30, 2025 at 11:02 AM
... agus 5/25 foilsithe againn féin (agus iad ar fad sa gcéad 12)! Nár laga Dia Comhar!
6/25 de Leabhair na Ceathrún Céid léite agam 😵‍💫
September 29, 2025 at 6:56 PM
Joe Ó Fátharta, Countrywide: "Darach Ó Scolaí has just written this book [Bódléar] that is engaging, has great rhythm throughout, and is written in beautiful Irish." www.rte.ie/radio/radio1...
Listen up Irish
A brand new language school which creates an on line community of Irish language learners who audio-read a book together. Lorna Siggins took a look into the new way of learning Irish and some of its c...
www.rte.ie
September 20, 2025 at 12:06 PM
Lacáistí ar leabhair nua, agus ar na leabhair ar fad atá ainmnithe ar ghearrliostaí na Gradam Foilsitheoireachta, dóibh siúd atá cláraithe linn. Cláraigh le nuachtlitir Leabhar Breac inniu!
Deoch an Tobair
Panorama de phrós na Gaeilge le míle bliain anuas atá sa leabhar éachtach seo leis an údar agus scoláire Diarmuid Johnson. Tá léargas sna sleachta sin ar an éagsúlacht agus ar an mbisiúlach...
leabharbreac.com
September 19, 2025 at 1:45 PM
"Thaitin coincheap an scéil liom, is é sin go mbeadh sé suite san am atá caite, ach in am nárbh ann dó riamh i ndáiríre. Bréagstair í seo, le macallaí síos tríthi den fhírinne." Leabhar na míosa: Fiche le Colm Ó Ceallacháin www.rte.ie/gaeilge/2025...
Leabhar na míosa: Fiche le Colm Ó Ceallacháin
Labhair muid le Colm Ó Ceallacháin, údar an leabhar nua, Fiche faoina chéad úrscéal. Roghnaíodh an leabhar seo mar leabhar na míosa ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus beidh sé á phlé ar An Cúinne Dána a...
www.rte.ie
September 15, 2025 at 3:31 PM
Lascaine ar FICHE le Colm Ó Ceallacháin ar nuachtlitir Leabhar Breac. Cláraigh linn agus beidh fáil agat ar gach uile leabhar nua ... ar lascaine. leabharbreac.com/shop/leabhai...
September 10, 2025 at 8:05 AM