Séamus Ó Conaill
banner
conallach.bsky.social
Séamus Ó Conaill
@conallach.bsky.social
Fear Céile agus Athair | Gaeilge | Cultúr | Litríocht | Amhráin ar an Sean-Nós | Cearta Teanga | Dúlra
Tá áilleacht i loime na gcraobhacha
November 9, 2025 at 11:32 AM
Reposted by Séamus Ó Conaill
I labhairt na Gaeilge lenár bpáistí táimid ag leigheas créachtaí ár sinsir.

Mo smaointe faoi anáil @tomai.bsky.social
November 1, 2025 at 7:15 AM
Dathanna an fhómhair
October 29, 2025 at 8:45 AM
Agairg na gcuileanna
(Ar chlé)
October 28, 2025 at 10:13 AM
Sioscadh na gaoithe
I gcroílár na foraoise
Caillte go meidhreach

#haiku
October 25, 2025 at 5:10 PM
’Drogall’ le Pauline Nic Chonaonaigh

(📖 Gearr Gonta: Céad Dán le Céad File)
October 13, 2025 at 5:31 PM
Reposted by Séamus Ó Conaill
Ag sochraid Mhancháin, thit an Fáinne a bhí orm díom ach agus mé á lorg ar m'ucht bhí bóín Dé ina áit.

Measaim go dtaitneodh sé sin leis.
October 6, 2025 at 3:38 PM
Sheasfainn sa sneachta, sa díle agus i ngile na gréine ag éisteacht leis an amhrán seo.

‘Ceol an Phíobaire‘ le Niamh Ní Charra.

niamhnicharra.bandcamp.com/track/ceol-a...
Ceol An Phíobaire (Song), by Niamh Ní Charra
from the album Donnelly's Arm
niamhnicharra.bandcamp.com
October 4, 2025 at 9:48 AM
Cuid den taispeántas ‘Créatúir na Cartlainne’

📍Gailearaí Náisiúnta na hÉireann
September 29, 2025 at 3:52 PM
Is breá liom úsáid nádúrtha na Gaeilge ar na meáin Bhéarla. Sinéad Ní Uallacháin ar maidin leis an nuacht tráchta: ‘chuig an bpríomhchathair ar dtús…’
September 29, 2025 at 7:18 AM
Reposted by Séamus Ó Conaill
Suíomh álainn nua faoi oidhreacht na gcrann in Éirinn
www.crainnte.ie
Baile - Crainnte agus Sceacha
Suíomh faoi chrainn agus sceacha in Éirinn
www.crainnte.ie
September 26, 2025 at 4:56 PM
Cuan Bhaile Átha Cliath tráthnóna
September 21, 2025 at 3:12 PM
Reposted by Séamus Ó Conaill
An ann d'aon phodchraoladh Gaeilge do leanaí?
September 13, 2025 at 12:56 PM
Bliosán cruinn.
August 8, 2025 at 4:30 PM
Mo Pháistín Fionn ag rince i gcroí na duimhche,
ribín i do cheann is fáinní óir ar do mhéaranta
duitse nach bhfuil fós ach a cúig nó a sé de bhlianta
tíolacaim gach a bhfuil sa domhan mín mín.

✍️ Nuala Ní Dhomhnaill
August 5, 2025 at 6:03 PM
A chairde Gael, má tá deis agaibh tugaigí cuairt ar Ghairdíní Altamont i gContae Cheatharlach.

Gairdíní bláfara glémhaiseacha cois locha agus siúlóid álainn choille ar bhruach na Sláine.
August 2, 2025 at 5:48 PM
Ruán beag
July 29, 2025 at 9:02 PM
Suaimhneas an úllghoirt ar scáth na gréine.
July 9, 2025 at 5:57 PM
‘…chomh buí le croí an nóinín mhóir i dtús an tsamhraidh’

-ón úrscéal ‘An Claíomh Solais’ le Liam Mac Cóil.
June 29, 2025 at 9:03 AM
Bosca poist

S É = Saorstát Éireann

Caiseal, Co. Thiobraid Árann
June 28, 2025 at 6:47 PM
‘Gráinne - Gaiscíoch Gael’ (2019) le Siobhán Parkinson léite agam. Úrscéal stairiúil an-taitneamhach, miontaighde déanta ag an údar ar shaol na pearsan mistéirí seo. Úrscéal greannmhar fileata soléite a thugann léargas ar ghliceas agus ar dhiongbháilteacht na mná.
June 25, 2025 at 4:33 PM
‘Na Ríthe Beaga’ - sár-aistriúchán Gaeilge ag Máirín Nic Con Iomaire ar an úrscéal Fraincise le Delphine de Vigan. Fíonn an t-údar saol na gcarachtar le chéile i mbealach nádúrtha soléite le teachtaireacht úr. Seoid eile ó ghort torthúil Barzaz.
June 18, 2025 at 8:10 PM
Adhmhaidin shamhraidh
Ag fágaint an ospidéil
Gach rud athraithe

#haiku
June 17, 2025 at 5:04 PM
‘Uaireanta ceapaimid go gcaithfimid rud ollmhór a dhéanamh chun athrú a dhéanamh. Ach is iad na gníomhartha beaga rialta a chruthaíonn an fíorathrú.’

Alt spreagúil le Marian Ní Chonghaile anseo:

tuairisc.ie/eist-le-do-c...
Éist le do chorp sula dtiteann an tóin as an saol…
Ní thar oíche a chloítear an duine –tabharfar duit comharthaí beaga ciúine ar furasta neamhaird a dhéanamh díobh
tuairisc.ie
June 16, 2025 at 4:16 PM
Moladh ceoil eile:

An EP ‘Thread’ le Amano & Kalabanx.

Ceol uathúil Gaelach ina bhfuil meascán den sean-nós, hip-hop, ceol leictreonach…

Liam Ó Maonlaí agus Rónán Ó Snodaigh le cloisteáil mar aíonna.

Tá an t-amhrán HEART thar barr.

amanoanseo.bandcamp.com/album/thread
THREAD, by Amano x Kalabanx
7 track album
amanoanseo.bandcamp.com
May 25, 2025 at 10:16 AM