Oisín Mac Giolla Dhaltúin
banner
oisinmac.bsky.social
Oisín Mac Giolla Dhaltúin
@oisinmac.bsky.social
Mar a dúradh faoin mbleachtaire iomráiteach Réics Carló, ''Gael uirbeach a bhí éirimiúil, cróga agus tírghrách, é fréamhaithe ina chultúr dúchais ach muiníneach as a ról sa saol nua-aoiseach''
A chairde,

Cé is moite de Ráth Chairn, Baile Ghib, Baile Ailín, agus Cill Bhríde/An tInbhear Mór, an bhfuil aon eolas ag duine ar bith agaibh ar na coilíneachtaí Gaeltachta eile a bhunaigh Coimisiún na Talún in oirthear na tíre?
February 8, 2026 at 11:38 AM
Ar tháinig mé ar amhrán ó aimsir an Ghorta mar gheall ar dhaoine ag caitheamh raithní i mBéal Feirste? Proto-Kneecap 🤔
January 31, 2026 at 12:49 PM
Dar leis an athbhreithniú ar na 10 limistéir pleanála teanga a foilsíodh inné, tháinig méadú suntasach ar líon na gcainteoirí laethúla GA i 9 gcinn de na LPTanna idir 2016, 2022, ach tá sé seo ag tíocht salach ar thorthaí an daonáirimh agus níl aon tagairt ann dos na figiúirí úd.
Cá bhfuarthas iad?
January 20, 2026 at 11:51 AM
Bhain mé an-taitneamh go deo as an leabhairín seo. Sár-phíosa litríochta é gan agó. Táim cinnte go mbeidh caint air fós sna blianta fada amach romhainn agus daoine ag déanamh plé ar na leabhra is fearr den 21ú haois. Nár laga Dia thú @darachoscolai.bsky.social
January 5, 2026 at 3:47 PM
Scríobhas alt mar gheall ar oíche stairiúil i gcinniúint an Hip Hap Ghaelaigh a thit amach sa gCeannchathair Ibeirní le linn féile @imramfeile.bsky.social 2025.

Cúirt filíochta do chleachtóirí an chomhardaidh cathrach chomhaimseartha, tá ré an Hip Hap Ghaelaigh buailte linn.

nos.ie/cultur/ceol/...
An oíche is mó sa Hip Hap Gaelach... go dtí seo - NÓS
Grianghraf le Jeaic Mag Fhinn. Is dóigh go raibh ceithre nó cúig bliana déag slánaithe agam nuair a scríobhas véarsa rapcheoil i nGaeilge den chéad uair, rud a fhágann go bhfuilim ag plé le véarsaíoch...
nos.ie
January 1, 2026 at 2:23 PM
An ann d'aon phodchraoladh Gaeilge do leanaí?
September 13, 2025 at 12:56 PM
", cé a bheidh"?

Is léir gur meaisínaistriúchán ón mBéarla ", who will be" é seo. Céard atá ag tarlú leis an Údarás? An ea gur scríobh ChatGPT an bunfhógra seo i mBéarla agus gur úsáideadh Google translate lena iompú go Gaeilge?
May 28, 2025 at 1:33 PM
Reposted by Oisín Mac Giolla Dhaltúin
Bígí linn an Satharn seo! Scaipigí an scéal le bur dtoil. #gaeilge #foghlaimgaeilge
April 9, 2025 at 10:19 AM
An maireann aon taifead fuaime de Ghaeilge An Chladaigh, i gcathair na Gaillimhe?
January 19, 2025 at 5:44 PM
Is ann do "Teach an Chustaim", "Teach an Ard-Mhéara" agus na tithe tábhairne "Teach na Céibhe" agus "Teach Neilí Rua" i lárchathair Bhleá Cliath. An bhfuil cúis ar leith ann go n-úsáidtear "Teach" in ionad "Tigh" i mBÁC, ar nós na n-Ultach?
January 18, 2025 at 3:35 PM
Cuidiú uaim! Táim ag breathnú ar fhíseán de chuid Chnuasach Bhéaloideas Éireann ina bhfuil "Pádraig Ó Luinigh" as áit éicint i Maigh Eo ar a dtugtar "Léana an Mhianaigh" ag aithris dáin, ach ní féidir liom áit ar bith leis an logainm sin a aimsiú. Cá bhfuil sé? @logainm.bsky.social
January 16, 2025 at 4:39 PM
An ann d'aistriúchán Gaeilge ar an "Epic of Gilgamesh"? Eipic Ghilgemeis, nó a leithéid, abair?
January 11, 2025 at 11:10 PM
Céard a d'ith an canablach dá dhinnéar? Cos cos
#seanjócnua #jócdaid
December 17, 2024 at 6:24 PM
Reposted by Oisín Mac Giolla Dhaltúin
Rudaí a d'fhoghlaim mé faoi Shéamas Ó Conghaile ag seoladh leabhair Chonor McCabe i nGlaschú aréir:

Bhí an Conghaileach líofa in Iodáilise (ar thug sé leis ó oibrithe Iodálacha i Meiriceá), agus is dócha go léadh sé nuachtáin Fhraincise.
December 5, 2024 at 11:11 AM
Reposted by Oisín Mac Giolla Dhaltúin
Go dtí go n-úsáideann na "Gaeil", a toghadh inné, an Ghaeilge mar theanga feidhmiúil go rialta/go príomha sa Dáil, go dtí go seasann siad le pobal na Gaeltachta ⁊ na Gaeilge - nílim ró-thógtha lena gcuid plámás ar RnaG/TG4.
a woman wearing a leopard print hooded scarf says that don 't impress me much
ALT: a woman wearing a leopard print hooded scarf says that don 't impress me much
media.tenor.com
December 1, 2024 at 5:21 PM
Tuige nach dtéann Bus Bhleá Cliath chomh fada le Nás na Ríogh, na Solláin, an Chill, Baile Eoin, ná Claonadh?
December 1, 2024 at 9:40 AM
A shaoithe agus a shaineolaithe na spéire goirme, an bhfios daoibh má bhí Gaeilge ag Pádraig Sáirséal/Patrick Sarsfield agus más ann d'aon fhianaise ina leith sin?
November 21, 2024 at 8:24 PM