Séamus Ó Conaill
banner
conallach.bsky.social
Séamus Ó Conaill
@conallach.bsky.social
Fear Céile agus Athair | Gaeilge | Cultúr | Litríocht | Amhráin ar an Sean-Nós | Cearta Teanga | Dúlra
Tá áilleacht i loime na gcraobhacha
November 9, 2025 at 11:32 AM
Dathanna an fhómhair
October 29, 2025 at 8:45 AM
Agairg na gcuileanna
(Ar chlé)
October 28, 2025 at 10:13 AM
’Drogall’ le Pauline Nic Chonaonaigh

(📖 Gearr Gonta: Céad Dán le Céad File)
October 13, 2025 at 5:31 PM
Cuid den taispeántas ‘Créatúir na Cartlainne’

📍Gailearaí Náisiúnta na hÉireann
September 29, 2025 at 3:52 PM
Cuan Bhaile Átha Cliath tráthnóna
September 21, 2025 at 3:12 PM
Bliosán cruinn.
August 8, 2025 at 4:30 PM
Mo Pháistín Fionn ag rince i gcroí na duimhche,
ribín i do cheann is fáinní óir ar do mhéaranta
duitse nach bhfuil fós ach a cúig nó a sé de bhlianta
tíolacaim gach a bhfuil sa domhan mín mín.

✍️ Nuala Ní Dhomhnaill
August 5, 2025 at 6:03 PM
A chairde Gael, má tá deis agaibh tugaigí cuairt ar Ghairdíní Altamont i gContae Cheatharlach.

Gairdíní bláfara glémhaiseacha cois locha agus siúlóid álainn choille ar bhruach na Sláine.
August 2, 2025 at 5:48 PM
Ruán beag
July 29, 2025 at 9:02 PM
Suaimhneas an úllghoirt ar scáth na gréine.
July 9, 2025 at 5:57 PM
Bosca poist

S É = Saorstát Éireann

Caiseal, Co. Thiobraid Árann
June 28, 2025 at 6:47 PM
‘Gráinne - Gaiscíoch Gael’ (2019) le Siobhán Parkinson léite agam. Úrscéal stairiúil an-taitneamhach, miontaighde déanta ag an údar ar shaol na pearsan mistéirí seo. Úrscéal greannmhar fileata soléite a thugann léargas ar ghliceas agus ar dhiongbháilteacht na mná.
June 25, 2025 at 4:33 PM
Aistriúchán Gaeilge ar fhocail Stephen King ag tús an úrscéil ‘Na Ríthe Beaga’
June 20, 2025 at 11:22 AM
‘Na Ríthe Beaga’ - sár-aistriúchán Gaeilge ag Máirín Nic Con Iomaire ar an úrscéal Fraincise le Delphine de Vigan. Fíonn an t-údar saol na gcarachtar le chéile i mbealach nádúrtha soléite le teachtaireacht úr. Seoid eile ó ghort torthúil Barzaz.
June 18, 2025 at 8:10 PM
Fán Óir, Co. an Chláir.

Lá Caille.
January 1, 2025 at 5:30 PM
Scamall íseal ar An Dochtóg os cionn Ghleann an Smóil, ‘gleann aoibhinn seilige na Féinne’ i gContae Átha Cliath.
December 26, 2024 at 9:08 PM
Na sléibhte Giolaspar agus Ó Cualann ag gobadh a gceann tríd na scamaill inniu.
December 26, 2024 at 9:02 PM
Ní bhíonn sé riamh rómhall le do scéal féin a scríobh, nó caibidil eile a chur leis.
November 26, 2024 at 8:13 PM
‘Sa Pholl Báite’ - Sár-úrscéal bleachtaireachta le hAnna Heussaff, scéinséir réalaíoch taitneamhach. Éiríonn leis an údar snáithí éagsúla an scéil a fhí le chéile, le carachtair spéisiúla inchreidte agus Gaeilge álainn. Is léir go ndearna an t-údar neart taighde chun cur le réalachas an tsaothair.
November 24, 2024 at 2:04 PM