Séamus Ó Conaill
banner
conallach.bsky.social
Séamus Ó Conaill
@conallach.bsky.social
Fear Céile agus Athair | Gaeilge | Cultúr | Litríocht | Amhráin ar an Sean-Nós | Cearta Teanga | Dúlra
Do bhaineas ana-shúp as an leabhar seo. Thar a bheith fileata agus greannmhar. Is iontach an rud é go bhfuil seanscéalta mar seo ar fáil sa Nua-Ghaelainn anois.
January 26, 2026 at 8:53 PM
‘An Mianadóir’ le Jackie Mac Donncha.
Úrscéilín taitneamhach tuairisciúil don aos óg faoi fhear aosta a fhilleann ar a fhód dúchais théis dó blianta a chaitheamh in Montana agus an t-amhras a chothaítear faoi. Tuilleadh forbartha ag teastáil i gcás an phríomhcharachtair b’fhéidir ach soléite beoga.
January 24, 2026 at 5:46 PM
Os rud é nach bhfuil m’uaireadóir cliste ró-chliste, táimse chun ‘dúradóir’ a thabhairt air as seo amach.
January 18, 2026 at 8:30 AM
TEACH AR DÍOL

📍Dún Lóich, Co. Chiarraí.
✅Radharc ar Loch Léin* (*b’fheidir)
❌Bhuel, gach rud eile 👇

📖 as ‘Sadhbh’ le Darach Ó Scolaí
January 12, 2026 at 6:10 PM
’Snáithíní Solais’, gearrscéal fíorálainn léite ag an údar Eoghan Mac Giolla Bhríde.

Léargas cumhachtach mothálach ar an néaltrú, ar an gcuimhne agus thar aon ní eile ar bhuaine an ghrá.
www.rte.ie/radio/rnag/s...
Snáithíní Solais - RTÉ Raidió na Gaeltachta
Cloisfear gearrscéal a scríobh Eoghan Mac Giolla Bhríde faoi théama an neamhspléachais, céad bliain tar éis Chogadh na Saoirse in Éireann.Craoladh an clár seo ar dtús ar RTÉ Radio 1 mar chuid den Srai...
www.rte.ie
January 10, 2026 at 3:03 PM
Reposted by Séamus Ó Conaill
IMLÉ - Beo ón gCuan

youtu.be/u8sPqWd-tng?...
BEO ÓN gCUAN: IMLÉ
YouTube video by RaidionaGaeltachta
youtu.be
January 5, 2026 at 8:54 PM
Tá Iúpatar ag lonrú go gléineach faoin ngealach lán anocht.
January 3, 2026 at 6:53 PM
Balla cloiche.

Muiriúch Tuaithe, Co. an Chláir.
December 30, 2025 at 3:43 PM
Ó chamhaoir go clapsholas
December 29, 2025 at 11:17 AM
Reposted by Séamus Ó Conaill
Titim na hoíche, Iorras Aithneach
December 28, 2025 at 9:27 AM
Fuineadh gréine
December 27, 2025 at 6:32 PM
Lá an Dreoilín

Abhainn na Life
December 26, 2025 at 5:30 PM
‘Don Oíche Naofa Úd’ á rá ag Sharon Lyons le tionlacan ar an dordveidhil agus an pianó. Leagan binn Gaeilge de ‘O Holy Night.’
m.youtube.com/watch?v=NZmt...
Don Oíche Naofa Úd - O Holy Night
YouTube video by Sharon Lyons
m.youtube.com
December 24, 2025 at 1:38 PM
Tá an scannán ‘Wolfwalkers’ i nGaeilge ar fáilt ar sheinnteoir RTÉ.

Scannán eile le Cartoon Saloon a thagann sna sála ar ’Rún Cheanannais Mhóir’ agus ‘Amhrán na Mara’

www.rte.ie/player/movie...
Wolfwalkers
A young apprentice hunter and her father journey to Ireland to help wipe out the last wolf pack. But everything changes when she befriends a free-spirited girl. Watch Wolfwalkers on RTÉ Player for fre...
www.rte.ie
December 24, 2025 at 12:16 PM
Reposted by Séamus Ó Conaill
Go maire muid uilig na móimintí beaga nuair a thig siad chugainn.
December 1, 2025 at 3:30 PM
Tá áilleacht i loime na gcraobhacha
November 9, 2025 at 11:32 AM
Reposted by Séamus Ó Conaill
I labhairt na Gaeilge lenár bpáistí táimid ag leigheas créachtaí ár sinsir.

Mo smaointe faoi anáil @tomai.bsky.social
November 1, 2025 at 7:15 AM
Dathanna an fhómhair
October 29, 2025 at 8:45 AM
Agairg na gcuileanna
(Ar chlé)
October 28, 2025 at 10:13 AM
Sioscadh na gaoithe
I gcroílár na foraoise
Caillte go meidhreach

#haiku
October 25, 2025 at 5:10 PM
’Drogall’ le Pauline Nic Chonaonaigh

(📖 Gearr Gonta: Céad Dán le Céad File)
October 13, 2025 at 5:31 PM
Reposted by Séamus Ó Conaill
Ag sochraid Mhancháin, thit an Fáinne a bhí orm díom ach agus mé á lorg ar m'ucht bhí bóín Dé ina áit.

Measaim go dtaitneodh sé sin leis.
October 6, 2025 at 3:38 PM
Sheasfainn sa sneachta, sa díle agus i ngile na gréine ag éisteacht leis an amhrán seo.

‘Ceol an Phíobaire‘ le Niamh Ní Charra.

niamhnicharra.bandcamp.com/track/ceol-a...
Ceol An Phíobaire (Song), by Niamh Ní Charra
from the album Donnelly's Arm
niamhnicharra.bandcamp.com
October 4, 2025 at 9:48 AM
Cuid den taispeántas ‘Créatúir na Cartlainne’

📍Gailearaí Náisiúnta na hÉireann
September 29, 2025 at 3:52 PM
Is breá liom úsáid nádúrtha na Gaeilge ar na meáin Bhéarla. Sinéad Ní Uallacháin ar maidin leis an nuacht tráchta: ‘chuig an bpríomhchathair ar dtús…’
September 29, 2025 at 7:18 AM