Lorna
banner
mouke.bsky.social
Lorna
@mouke.bsky.social
Labhair Gaeilge liom. Tá cónaí orm sa Nua-Shéalainn. Leabhair. Teangacha. Polaitíocht.
Is comhairleoir cathrach mé (Páirtí an Lucht Oibre) in Palmerston North.
Pinned
Má tá tú nua anseo, is mise Lorna. Tá cónaí orm sa Nua-Shéalainn le trí bliana is fiche. Rugadh i Sasana mé, (tá brón orm 😅) ach ba as Baile Átha Cliath mo mháthair. Thosaigh mé ag foghlaim Gaeilge ceithre bliana ó shin. Bím ag postáil i nGaeilge an chuid is mó den am. Fáilte roimh cheartúcháin!
Reposted by Lorna
is dócha nach féidir linn rud ar bith a chur go Stáit Aontaithe Mheiriceá níos mó. Táim díreach tar éis imeacht abhaile ó fanacht isteach déanach le bheith in ann glaonna a chur ar chustaiméirí ar an taobh eile den domhan le míniú go bhfuil a mbeartanna ar a mbealach ar ais chugainn anseo.
November 24, 2025 at 7:50 PM
D'éirigh liom an tuiseal ginideach a mhúineadh den chéad uair riamh anocht agus tá mé ar bís.
November 24, 2025 at 9:40 AM
Tá ceist agam, a chairde, ós rud é nár tógadh in Éirinn mé: an bhfuil a fhios ag gach duine scéal fhoilsiú leabhar Gaeilge i Lováin sa Bheilg sa seachtú haois déag?
November 22, 2025 at 8:04 AM
Rinneadh athchóiriú ar an stáisiún peitril sa cheantar le déanaí agus chuir sé iontas agus áthas orm comharthaí dátheangacha a fheiceáil anois (Maorais/Béarla). An rud is annamh is iontach.
November 21, 2025 at 7:35 PM
Na rósanna faoi bhláth i mo ghairdín 🌹
November 20, 2025 at 9:21 PM
Faigheann foigne fortacht, ach go háirithe nuair atá tú lonnaithe sa Nua-Shéalainn! GRMA @leabharbreac.bsky.social @darachoscolai.bsky.social
November 20, 2025 at 5:42 AM
Reposted by Lorna
Lascaine 50% ar gach leabhar dóibh siúd atá cláraithe le Nuachtlitir Leabhar Breac roimh 17 Nollaig. Cláraigh linn inniu! leabharbreac.com/shop/leabhai...
Ceas an Chait
Naoi mbeatha (agus naoi mbás) atá ag an gcat, de réir an traidisiúin, agus is naoi gcaibidil ghearra agus clabhsúr atá sa phictiúrleabhar álainn gleoite seo; naoi n-eachtra chinniúnacha i saol an chai...
leabharbreac.com
November 17, 2025 at 10:51 AM
Tá mé leath bealaigh tríd na cúrsaí Gaeilge atá á múineadh agam faoi láthair. Is é an chomhairle is fearr atá agam d'aon duine atá ag foghlaim teanga: ní gá duit a bheith éirimiúil, níl le déanamh agat ach a bheith diongbháilte.
November 17, 2025 at 8:49 AM
Reposted by Lorna
Rud a bhí ar an mhéar fhada agam le bliain anuas: bileog/irisín filíochta a chruthú le @ellenfcorbett.bsky.social

Beidh teorainn le líon na ndánta ar féidir linn a chur i gcló an t-am seo (cúrsaí maoinithe srl) ach má tá dán agat (nach bhfuil i gcló cheana féin), seol chugam é roimh an 10 Nollaig.
November 15, 2025 at 7:03 PM
🦔🦔 Tá trua agam don chat, nach bhfuil deis aige a chuid bia féin a ithe!
November 14, 2025 at 8:53 AM
Tháinig mo chárta aitheantais mic léinn inniu. Tá mé an-sásta leis, mothaím gur mac léinn ceart mé anois 😂
November 13, 2025 at 6:18 AM
Tá díomá agus fearg orm inniu. Ni bheidh ionadaithe ón treibh áitiúil ar aon cheann dár gcoistí comhairle a thuilleadh.
www.thepost.co.nz/nz-news/3608...
Rāngitane excluded from council committee
Palmerston North City councillors were equally divided about whether unelected Rangitāne members should be appointed.
www.thepost.co.nz
November 12, 2025 at 8:10 AM
Reposted by Lorna
Arsa mise, nuair a chasaim ar dhuine ar bith:
Bhfuil Mis Biddy Jenkinson léite agat?
November 10, 2025 at 4:32 PM
Is post lánaimseartha é, ag foghlaim na Gaeilge. An méid ama a chaithim air, shílfeá go mbeinn foirfe faoin am seo 😂 Ar aon nós, cúig bliana anois agus tá mé fós faoina gheasa.
November 9, 2025 at 8:32 AM
'idir dhá theanga
a chaithim mo shaol
idir dhá shaol'
Léamh - Trén bhFearann Breac
Léamh den dán, 'Trén bhFearann Breac', le Colm Breathnach.
foghlaim.tg4.ie
November 7, 2025 at 7:36 AM
Searmanas mionnaithe
November 5, 2025 at 9:40 AM
Bhí díospóireacht bhríomhar againn sa rang inniu faoin bhfrása 'Is cosúil dom'. An béarlachas é, i do thuairim? 'Taibhsíodh dom' an frása eile a bhí san iomaíocht leis. Níos fearr/nádúrtha?
November 1, 2025 at 9:49 PM
Reposted by Lorna
AoNZ - do you use your local public library?
Let Public Libraries NZ know!

www.surveymonkey.com/r/9YRW5C7
2025 Library Community Impact Survey
Take this survey powered by surveymonkey.com. Create your own surveys for free.
www.surveymonkey.com
October 29, 2025 at 12:42 AM
Bhuel...mhúin mé mo chéad rang Gaeilge meánleibhéal anocht. Bhí cúig dhuine dhéag ann, agus an-éagsúlacht ar a gcumas Gaeilge. Bhí na hacmhainní beagáinín ródheacair dóibh, cathfidh mé rud éigin níos éasca a eagrú don tseachtain seo chugainn.
October 27, 2025 at 8:47 AM
Líon na gcainteoirí Maoraise.
October 27, 2025 at 3:54 AM
Tuairisc nuachta ón Nua-Shéalainn ar an Uachtarán.
www.stuff.co.nz/world-news/3...
Left-winger wins Irish presidential election in a landslide
Catherine Connolly, who campaigned on economic justice and Gaza, vows to champion diversity and be a voice for peace.
www.stuff.co.nz
October 26, 2025 at 6:31 AM
Reposted by Lorna
Óráid cumhachtach a thug ardú croí dom ag an Uachtarán nuathofa Catherine Connolly, agus sin i bpríomhtheanga oifigiúil na tíre ar dtúis aici. Ana bhaoch aisti, ag am ina bhfuil bagairtí daonlathacha agus míshocracht pholaitiúil i réim in ana chuid tíortha eile. #Áras25
October 25, 2025 at 6:36 PM
Ardú croí dom nuair a thagann leabhair Ghaeilge.
October 25, 2025 at 7:17 AM