Laoighseach Ní Choistealbha
banner
laoighseach.bsky.social
Laoighseach Ní Choistealbha
@laoighseach.bsky.social
Lagánach, Conallach, Ultach. Ar strae i gConamara.

Filíocht, taighde, ealaín agus eile.
Oíche iontach 🦇✨ agus comhluadar iontach freisin
Asarlaíocht san Acadamh
Triúr ban ultach (cf FGB), Duibhneach, Albanach agus an file físe @mlonergan.bsky.social
Dán na Caillí @imramfeile.bsky.social san @ria.ie

@laoighseach.bsky.social
November 18, 2025 at 10:16 PM
'Stoite' le Máirtín Ó Direáin. Níos tráthúla ná riamh, seans...
November 18, 2025 at 2:59 PM
Reposted by Laoighseach Ní Choistealbha
Leabhair nua!
Seoladh na foilsiúcháin is deireannaí de chuid na Scoile aréir.
New books!
The latest publications from SCS were launched last night.
Fergus Kelly, The Triads of Ireland
Deirdre Nic Chárthaigh, Bodach an Chóta Lachtna.
#DIASdiscovers
Available soon on www.dias.ie.
November 15, 2025 at 2:14 PM
Rud a bhí ar an mhéar fhada agam le bliain anuas: bileog/irisín filíochta a chruthú le @ellenfcorbett.bsky.social

Beidh teorainn le líon na ndánta ar féidir linn a chur i gcló an t-am seo (cúrsaí maoinithe srl) ach má tá dán agat (nach bhfuil i gcló cheana féin), seol chugam é roimh an 10 Nollaig.
November 15, 2025 at 7:03 PM
Reposted by Laoighseach Ní Choistealbha
Míle buíochas le Mary Claire agus lucht @raidiofailte.bsky.social as labhairt liom faoin siompóisiam a bheas ar siúl againn sa Chultúrlann ar Dé Máirt an 25 Samhain. Is féidir clárú anseo: www.eventbrite.co.uk/e/symposium-...
@irishstudiesqub.bsky.social @qubelfastofficial.bsky.social
November 14, 2025 at 5:26 PM
Arsa mise, nuair a chasaim ar dhuine ar bith:
Bhfuil Mis Biddy Jenkinson léite agat?
November 10, 2025 at 4:32 PM
Beidh an gabhar á róstadh ar an 28ú Samhain i dtigh Charlie Byrne ag a 6.00in - beidh fáilte roimh chách!
Ba mhór againn do chomhluadar agus dhá leabhar nua á seoladh againn – an cnuasach filíochta ‘Mainistir na Feola’ le Laoighseach Ní Choistealbha, agus an t-úrscéal ‘An Saol Sona’ le David Foenkinos, aistrithe ón bhFraincis ag Máirín Ní Mhárta.
November 4, 2025 at 1:53 PM
Bhí mise san Iodáil an samhradh seo caite agus an gcreidfeá anois go raibh siad ag labhairt na Iodáilise an t-am ar fad agus gan aon Iodáilis agam? So rude
Nuair a bhíonn Uachtarán tofa na hÉireann ag labhairt i nGaeilge in Éireann......

'Some might even consider it rude to continue at length in a language in which statistically over half of those present in the room will not understand what is being said.'
"Spare a thought"

Cuimhním orthu siúd gan an deis chéanna acu liomsa an Ghaeilge a bheith acu ar pé chúis - cos ar bholg, bochtaineacht, éagumas nó rochtain is déanaim iarracht na baic sin a scrios seachas éisteacht leo siúd ab b'fhearr leo géilleadh.

archive.is/flRku
November 3, 2025 at 11:17 AM
Reposted by Laoighseach Ní Choistealbha
Go raibh maith agat @laoighseach.bsky.social bhaineamar triúr taitneamh as an scannán. Séimh, álainn cé brónach.
November 1, 2025 at 7:23 AM
Tá mé thar a bheith sásta leis an léirmheas flaithiúil seo ar Mhainistir na Feola in @tuairisc.bsky.social

tuairisc.ie/faigh-greim-...
Faigh greim ar an gcnuasach seo go beo, geallaim pléisiúr, léargas is míorúiltí duit
I gcnuasach ina bhfuil breis is dhá scór dán, tá a chomhoiread suíomh, eachtra, ábhar is iontas ann
tuairisc.ie
October 30, 2025 at 8:04 AM
Reposted by Laoighseach Ní Choistealbha
Gliondar agus iontas orm go bhfuil dán tiomnaithe dom sa chnuasach nua Mainistir na Feola le mo chara agus le mo chomhghleacaí @laoighseach.bsky.social <3

Tá Mainistir na Feola ar fáil anois! @barzazie.bsky.social
October 27, 2025 at 2:32 PM
Reposted by Laoighseach Ní Choistealbha
V

Gan V a bheith san aibítir
níl samhailt litreach agam
dár lámha ag luascadh.

Ná níl litir agam
don chrot a dhéanann m'ordóg
agus mo mhéar thosaigh
agus mo smig anuas orthu
is mé
ag machnav.

Biddy Jenkinson
October 25, 2025 at 5:02 AM
Reposted by Laoighseach Ní Choistealbha
We're thrilled to announce the winner and finalists of our #artcompetition.

Comhghairdeas libh!

Winner: @laoighseach.bsky.social for a piece inspired by "An Cluiche Fichille faoin gCrann Iúir" (The Chess Game beneath the Yew Tree).
October 24, 2025 at 12:20 PM
Fair plé do Charlie Byrne's as an fhuinneog a mhaisiú d'ócáid Bhiddy Jenkinson sa Taibhdhearc inniu. 📚
October 23, 2025 at 8:02 AM
Reposted by Laoighseach Ní Choistealbha
October 22, 2025 at 6:07 PM
Reposted by Laoighseach Ní Choistealbha
m.independent.ie/seachtain/ag...

Ar na rudaí is suntasaí faoi Éirinn an lae inniu tá an ráta ard foréigin in éadan na mban agus sin comhthéacs an tSiompóisiam seo,” ~ @siobhraaiken.bsky.social

Agus seoladh leabhair @laoighseach.bsky.social ag deireadh an siompóisiam
Ag fiosrú fuath ban i litríocht na Gaeilge
Le cúig bliana anuas, maraíodh 62 bean in Éirinn, 37 ó dheas agus 25 ó thuaidh, ach seans mór go bhfuil sé méadaithe ó shin i leith. Is ionann sin agus bean amháin gach mí.
m.independent.ie
October 22, 2025 at 5:09 PM
Tá an lá mór ag drannadh linn...

'Mún Dreoilín i bhFarraigí Ama: Céiliúradh ar Shaothar Bhiddy Jenkinson'

23ú Deireadh Fómhair (Déardaoin beag seo) sa Taibhdhearc.

Scoth na gcainteoirí ag plé shaothar Bhiddy Jenkinson, mórfhile ár linne.

Fáilte roimh chách!
October 20, 2025 at 3:46 PM
Reposted by Laoighseach Ní Choistealbha
October 19, 2025 at 7:23 AM
Creidim nach bhfuil rud ar bith níos tábhachtaí ná cruthaitheacht ar son na cruthaitheachta, dánta amaideacha míshlachtmhara a scríobh ar imeall leathanaigh, pictiúirí beaga a tharraingt agus tú ag fanacht ar an bhus, port nó dhó a bhaint as an chairdín agus an citeal ag fiuchadh...
the five-year-old just got her first ai-generated birthday invitation

look at this soulless garbage

compare it to the invitation she made for her own birthday

how are these joyful parts of life the things that people want to outsource to a machine, it makes me sick that this is where we're moving
October 14, 2025 at 7:15 PM
Reposted by Laoighseach Ní Choistealbha
Ealaíon @laoighseach.bsky.social ag saibhriú taispeántas spéisiúil faoin gCadhnach i Leabharlann Ollscoil na Gaillimhe
October 12, 2025 at 4:45 PM
Tá mé an-bhuíoch d'Aonghus as an chéad léirmheas seo ar Mhainistir na Feola a scríobh.
@aonghusoha.bsky.social @barzazie.bsky.social
October 12, 2025 at 8:27 AM
Reposted by Laoighseach Ní Choistealbha
Tá mo scéal 'Corrán na Maidine', atá ar ghearrliosta chomórtas Francis MacManus @rteradio1.bsky.social le léamh anseo anois: www.rte.ie/culture/2025...
Short Story Competition: Corrán na Maidine, by Niall Ó Siadhail
We present another story from the RTÉ Short Story Competition shortlist 2025...
www.rte.ie
October 11, 2025 at 4:48 PM
Reposted by Laoighseach Ní Choistealbha
Dán deireadh Margadh na Feola @laoighseach.bsky.social

Tús
Ar mo lacht dom
ceanglaíonn an Bhé mé
le buarach seo na teanga

a choinníonn socair mé
agus é do mo bhleán,
le nach mbeidh mé ag rancás
i macnas Béarla.
October 10, 2025 at 8:25 PM
Reposted by Laoighseach Ní Choistealbha
Is scéal iontais den scoth an dán fada 𝑪𝒂𝒊𝒍𝒊́𝒏 𝒏𝒂 𝑴𝒐́𝒏𝒂 𝒂𝒈𝒖𝒔 𝑴𝒂𝒄 𝒂𝒏 𝑰𝒂𝒔𝒄𝒂𝒊𝒓𝒆 @laoighseach.bsky.social

(cé mhéid catagóir de chuid Aarne Thomson ar éirigh leat cuir ann?)
October 10, 2025 at 8:29 PM