Seosamh Ó Dálaigh
dalyjoey.bsky.social
Seosamh Ó Dálaigh
@dalyjoey.bsky.social
Manchach (Eadarnaidh/Ederney) ar deoraíocht ar an Lorgain Chontae Ard Mhacha.

Suim i gcúrsaí litríochta 7 Gaeilge.

Taighdeoir PhD (páirtaimseartha)
An Spidéal ar maidin, aifreann i gCill Éinde (5ú Cuimhneachán - Joe Steve Ó Neachtain), cuairt gasta ar Ros na Rún ar ndóighe agus tiomáint a fhad le Ros a’ Mhíl. Ba deas le feiceáil an chuid sin den Ghaeltacht, áit nach mbím ann go minic.
January 19, 2025 at 4:40 PM
Reposted by Seosamh Ó Dálaigh
I couldn't just make a snowman like a normal person, I had to make a snow version of the Dreenan Figure from Boa Island ⛄️

#Sneachta #SnowaIsland
January 5, 2025 at 4:14 PM
Sliabh na Slat - Páirc Foraise Chaisleán Uidhilín / Slievenaslat - Castlewellan Forest Park.

Siúlóid bheag thart fá Pháirc Fhoraise Chaisleán Uidhilín / Wee walk around Castlewellan Forest Park.
January 4, 2025 at 6:23 PM
Reposted by Seosamh Ó Dálaigh
Munachar agus Manachar (Tweedledum and Tweedledee). Nath tráthúil.
November 30, 2024 at 10:38 AM
Rinne muid cuairt de na lochanna in Craigavon nó rinne muid iarracht ar chuairt a shiúil ach bhí ár mbealach blocáilte le uisce ón drochaimsir a bhí ann le cúpla lá anuas.
November 24, 2024 at 9:27 PM
Reposted by Seosamh Ó Dálaigh
Níos fearr?
November 17, 2024 at 4:32 AM
Ceann de na bailte fearainn is ansa liomsa sa cheantar ina rugadh agus togadh mé (Eadarnaidh) - Doire na gCapall Caoch / One of my favourite townlands where I was brought up (Ederney) - Dernacapplekeagh which means oak-wood of the blind horses in English.
November 19, 2024 at 8:17 PM
A leithéid de chluiche. Bhí Sleacht Néill ró-láidir do Bhun Abhann Dalla ag an deireadh. Cluiche ar dóigh d'iomáint Uladh.
November 16, 2024 at 9:25 PM
Seán Mac Nia ag tabhairt léacht na Samhna ar 'Ainmneacha Maslacha sa Ghaeilge' ar an Lorgain anocht. An-suimiúil ar fad le feiceáil go bhfuil cuid acu fós in úsáid i mBearla. Sásta le feiceáil chomh maith go bhfuil an focal maslach is ansa le @emma-louise50.bsky.social ón Ghaeilge - Glipe ó chaidhp.
November 7, 2024 at 7:47 PM
Nach madramhail an lá é seo. Is ag fanacht le turadh ón fhearthainn cois locha a bhí muid nuair a thug mé fá dear na healaí a bhí ar an loch i Craigavon. Ní gá domh a ráit gur fliuch báite a bhí muid i ndiaidh na siúlóide.
October 27, 2024 at 4:38 PM
Aifreann anocht. Bhí tráth na gceist ann in áit seanmóra, agus muid ag fágáil na hEaglaise, bhí Daidí na Nollag agus an Grinch ag tabhairt roghabhoscaí amach ag doras na hEaglaise. Athrú mór atá ann anois i gcodarsnacht le bliantaí ó shoin. Ohh bhí seacláid the ar fáil chomh maith.
December 24, 2023 at 8:58 PM