Seosamh Ó Dálaigh
dalyjoey.bsky.social
Seosamh Ó Dálaigh
@dalyjoey.bsky.social
Manchach (Eadarnaidh/Ederney) ar deoraíocht ar an Lorgain Chontae Ard Mhacha.

Suim i gcúrsaí litríochta 7 Gaeilge.

Taighdeoir PhD (páirtaimseartha)
An Spidéal ar maidin, aifreann i gCill Éinde (5ú Cuimhneachán - Joe Steve Ó Neachtain), cuairt gasta ar Ros na Rún ar ndóighe agus tiomáint a fhad le Ros a’ Mhíl. Ba deas le feiceáil an chuid sin den Ghaeltacht, áit nach mbím ann go minic.
January 19, 2025 at 4:40 PM
Sliabh na Slat - Páirc Foraise Chaisleán Uidhilín / Slievenaslat - Castlewellan Forest Park.

Siúlóid bheag thart fá Pháirc Fhoraise Chaisleán Uidhilín / Wee walk around Castlewellan Forest Park.
January 4, 2025 at 6:23 PM
Rinne muid cuairt de na lochanna in Craigavon nó rinne muid iarracht ar chuairt a shiúil ach bhí ár mbealach blocáilte le uisce ón drochaimsir a bhí ann le cúpla lá anuas.
November 24, 2024 at 9:27 PM
Ceann de na bailte fearainn is ansa liomsa sa cheantar ina rugadh agus togadh mé (Eadarnaidh) - Doire na gCapall Caoch / One of my favourite townlands where I was brought up (Ederney) - Dernacapplekeagh which means oak-wood of the blind horses in English.
November 19, 2024 at 8:17 PM
A leithéid de chluiche. Bhí Sleacht Néill ró-láidir do Bhun Abhann Dalla ag an deireadh. Cluiche ar dóigh d'iomáint Uladh.
November 16, 2024 at 9:25 PM
Seán Mac Nia ag tabhairt léacht na Samhna ar 'Ainmneacha Maslacha sa Ghaeilge' ar an Lorgain anocht. An-suimiúil ar fad le feiceáil go bhfuil cuid acu fós in úsáid i mBearla. Sásta le feiceáil chomh maith go bhfuil an focal maslach is ansa le @emma-louise50.bsky.social ón Ghaeilge - Glipe ó chaidhp.
November 7, 2024 at 7:47 PM
Nach madramhail an lá é seo. Is ag fanacht le turadh ón fhearthainn cois locha a bhí muid nuair a thug mé fá dear na healaí a bhí ar an loch i Craigavon. Ní gá domh a ráit gur fliuch báite a bhí muid i ndiaidh na siúlóide.
October 27, 2024 at 4:38 PM