Eoin Ó Cróinín
cronanai.bsky.social
Eoin Ó Cróinín
@cronanai.bsky.social
Aistritheoir sa Bhruiséil
/ Irish translator in Brussels
Tagaim leat - níl an pobal mór go leor chun go mbeadh rath ar iris sainspéise, cuir i gcás, nó fiú ailt rialta ar ábhar sainspéise i leithéidí Comhar. Sin an fáth a mbíonn na hábhair chéanna á bplé i gcónaí - an Ghaeilge, polaitíocht na hÉireann/Mheiriceá (an Tuaisceart go háirithe) agus TG4/an CLG.
May 4, 2025 at 8:03 PM
Ní nua-Naitsithe a cheannaíonn ach lucht acadúil agus daoine a bhfuil an-spéis acu sa pholaitíocht, de réir dealraimh. Tá leagan Fraincise ann freisin ach is gnách go gcoimeádtar taobh thiar den chuntar é agus gur gá iarraidh ar an díoltóir leabhar é a thabhairt duit.
April 18, 2025 at 8:40 AM
Vársá
April 18, 2025 at 8:29 AM
Nílim cinnte an dtuigim seo - tá sé i gceist acu an fhoireann chéanna a chur ag obair ar an bhfoclóir Gaeilge-Fraincise... An saineolaithe ar an bhFraincis iad gach duine ar an bhfoireann? Nó an é go gceapfar daoine a bhfuil saineolas acu ar an teanga?
April 16, 2025 at 12:35 PM
Tá rian na Fraincise fós le feiceáil ar réim na bhfocal sa Bhéarla: bruise (Béarla) vs contusion (Fraincis), deadly vs morbid, clothing vs couture, flood vs deluge, awkward vs gauche, old vs ancient, smell vs odour, sight vs vision.
February 14, 2025 at 10:55 AM
I gcás na hÉireann, sílim gurb é Seán de Fréine a dúirt gur bac ar infheistíocht fhadtéarmach é nach bhfuil teanga dár gcuid féin againn, rud a lagaíonn an mórtas cine/fadbhreathnaitheacht an chultúir.
January 3, 2025 at 10:53 AM
Luann Derek Scally go bhfuil aos polaitiúil na Polainne go maith ag an bpleanáil fhadtéarmach. Bhfuil baint aige sin leis an mbród atá acu as a gcultúr féin & iad ag iarraidh an tír a fheabhsú don chéad ghlúin eile?
January 3, 2025 at 10:53 AM
Níl Gukesh ach 18 mbliana d’aois - an duine is óige riamh chun é a bhuachaint. Bhuaigh sé ar Ding Liren, Síneach arb é a bhuaigh an comórtas an uair dheireanach. Seo rud a scríobh mé tamall ó shin faoi bhorradh na fichille san India: guthnamarbh.wordpress.com/2023/11/18/b...
Borradh na fichille san India
Níorbh aon ionadh mór é gurb é an tIoruach Magnus Carlsen a bhuaigh Corn Domhanda na Fichille le déanaí, ós rud é gurb eisean an t-imreoir is fearr ar domhan le hos cionn deich mbliana anuas. Ba dh…
guthnamarbh.wordpress.com
December 12, 2024 at 5:07 PM
Cheap foilsitheoirí go mbeadh ré órga ann don neamfhicsean de réir mar a mhéadaigh ar an líon daoine a bhain céim ollscoile amach - ní mar sin a tharla. Tráth dá raibh bhíodh cíocras chun eolais ar dhaoine ina gcuid ama shaoir - anois táimid sásta breathnú ar fhíseáin Tiktok.
December 3, 2024 at 4:24 PM
É aistrithe go teangacha eile, Béarla ina measc: 'Those Who Forget: My Family's Story in Nazi Europe – A Memoir, A History, A Warning'.
November 30, 2024 at 11:48 AM