Eoin Ó Cróinín
cronanai.bsky.social
Eoin Ó Cróinín
@cronanai.bsky.social
Aistritheoir sa Bhruiséil
/ Irish translator in Brussels
Níor léigh mé faic roimhe seo le Salman Rushdie, ach táim ag baint taitneamh as an gceann seo. Dúirt dochtúir le Rushdie go raibh an t-ádh air nach raibh tuairim ag an té a d’ionsaigh é conas fear a mharú le scian.
April 29, 2025 at 6:14 PM
Leagan Polainnise de 'Mein Kampf' ar díol go hoscailte i siopaí leabhar Vársá. Eagrán acadúil é ina bhfuil tráchtaireacht chriticiúil agus go leor fonótaí. Is é an dara leagan criticiúil a foilsíodh ón Dara Cogadh Domhanda i leith: foilsíodh eagrán Gearmáinise in 2017, rud a raibh an-díol air.
April 18, 2025 at 8:40 AM
Áit dheas don bhricfeasta.
April 18, 2025 at 6:46 AM
An radharc ón óstán i Vársá. Chuirfeadh sé Nua-Eabhrac i gcuimhne do dhuine.
April 17, 2025 at 4:00 PM
Bhain mé fíorthaitneamh as an leabhar seo - idir eachtraíocht, greann, agus teacht in inmhe le linn léigear Leiníngráid. An-taighde déanta agus carachtair láidre. Agus faoi mar a dúirt Isaac Singer - 'Is dual don úrscéal scéal grá a bheith ann', tá scéal grá ann freisin.
April 15, 2025 at 10:19 AM
Téarma deas sa Fhraincis nach bhfuil sa Bhéarla: 'vis-à-vis' (i gcomhthéacs árasáin/tí agus an leibhéal príobháideachais atá agat). 'J'aime mon appartement parce que mon vis-à-vis est agréable': Is maith liom m'árasán mar nach bhfuil radharc anuas/isteach ag na comharsana air.
March 8, 2025 at 10:34 AM
Cuma shuimiúil air seo. Agus an t-údar ag trácht ar an tionchar a bhí ag na Normannaigh ar an mBéarla, deir sé ‘if it hadn’t been for the Normans, English today would be another Dutch.’
‘The story of Anglo-French is the story of a time when the understandings of language and nation were wholly different to our own; contemporary categories collapse in the face of the linguistic dynamism of medieval Europe.’

@earlymodernjohn.bsky.social on Anglo-French:
www.lrb.co.uk/the-paper/v4...
John Gallagher · What a spalage! Mis languages est bons
With contemporary English including more than eighty thousand terms of French origin, Georges Clemenceau might have had...
www.lrb.co.uk
March 4, 2025 at 10:57 AM
Le concas na Normannach ar Shasana sa 11ú haois, cuireadh an Fhraincis i réim i gcúrsaí dlí agus riaracháin agus ba í rogha teanga na huasaicme agus na cumhachta ar feadh i bhfad ina dhiaidh sin í, ach lean na gnáthdhaoine orthu ag labhairt Béarla.
February 14, 2025 at 10:55 AM
Dul chun cinn mall á dhéanamh agam sa Pholainnis. Is breá liom cur chuige na leabhar seo ach tá siad costasach (€50 an ceann ar chóip nua). Is sásta a bhí mé teacht ar chóip athláimhe den dara ceann ar €20 in @chaptersbookstore.bsky.social áfach! Beidh orm an chéad cheann a chríochnú anois.
January 9, 2025 at 8:57 PM
Níor thug mé féin faoi deara an 'rabharta mór fógraí, físeán agus clabaireachta ar líne' faoi rúin na hathbhliana a luaitear anseo. Na fógraí a fheicim féin ar líne baineann siad le hairgead a infheistiú & conas carr a luacháil! 😁 Seans go mbaineann sé le cúrsaí algartaim www.rte.ie/gaeilge/2025...
Rún na hAthbhliana?
Bí deas, bí staonach, bí aclaí, bí uaillmhianach, bí níos dílse don boss, bí foirfe. Bí ciallmhar? Bí dearfach. Bí cineálta duit féin thar rud ar bith eile.
www.rte.ie
January 9, 2025 at 3:47 PM
Tugaim seo faoi deara nuair a théim chuig an bPolainn - bíonn beocht & fuinneamh ann, agus an chuma ar chúrsaí go bhfuil an saol ag dul i bhfeabhas. Tá an tír ag éirí saibhir agus iad ag déanamh infheistíochta sna rudaí cearta - infreastruchtúr, seirbhísí, etc.
January 3, 2025 at 10:14 AM
Gukesh na hIndia a bhuaigh Craobhchomórtas Fichille an Domhain inniu, agus cabhair mhór aige ón bPolainn! Bíonn foireann cúntóirí ag na himreoirí ag an gCraobhchomórtas chun cabhrú leo prapáil, cluichí traenála a imirt, straitéisí a fhorbairt agus a leithéid.
Gukesh has now revealed his winning team:
🇵🇱 Grzegorz Gajewski
🇵🇱 Radoslaw Wojtaszek
🇮🇳 Pentala Harikrishna
🇩🇪 Vincent Keymer
🇵🇱 Jan-Krzysztof Duda
🇵🇱 Jan Klimkowski
🇮🇳 Vishy Anand
🇿🇦 Paddy Upton
December 12, 2024 at 5:07 PM
'An té ar mian leis foghlaim conas scéal a insint, tá dhá rogha aige: clárú ar chúrsa costasach scríbhneoireachta, nó Isaac Bashevis Singer a léamh'. Ó alt faoi eagrán nua Iodáilise de ghearrscéalta Isaac Singer. Tá sé ar dhuine de na scríbhneoirí is ansa liom féin. www.ilgiornale.it/news/corte-s...
Alla corte di Singer, maestro di scrittura
Una raccolta-capolavoro di 49 racconti, in cui trasforma la complessità in semplicità
www.ilgiornale.it
December 6, 2024 at 11:20 AM
Alt maith faoin titim i ndíolacháin na leabhar neamhfhicsin le bliain anuas. Síleann daoine go bhfuil a gcuid oideachais 'críochnaithe' acu nuair a bhaineann siad céim ollscoile amach, a deir an t-údar. www.thetimes.com/comment/colu...
True knowledge is worth a million TikToks
In an age of distraction it’s no wonder non-fiction book sales are down but self-education always necessitates hard work
www.thetimes.com
December 3, 2024 at 4:24 PM
Leabhar maith é seo - Gearmánach atá in athair an údair agus Francach is ea a máthair. Scrúdaíonn sí an méid a rinne (nó nach ndearna) a seantuistí Gearmánacha sa Dara Cogadh Domhanda agus dar léi gur léiriú maith é cás a seantuistí ar na milliúin 'gnáthGhearmánach' eile a 'chuaigh leis an sruth'.
November 30, 2024 at 11:48 AM