Eoin Ó Cróinín
cronanai.bsky.social
Eoin Ó Cróinín
@cronanai.bsky.social
Aistritheoir sa Bhruiséil
/ Irish translator in Brussels
Níor léigh mé faic roimhe seo le Salman Rushdie, ach táim ag baint taitneamh as an gceann seo. Dúirt dochtúir le Rushdie go raibh an t-ádh air nach raibh tuairim ag an té a d’ionsaigh é conas fear a mharú le scian.
April 29, 2025 at 6:14 PM
Leagan Polainnise de 'Mein Kampf' ar díol go hoscailte i siopaí leabhar Vársá. Eagrán acadúil é ina bhfuil tráchtaireacht chriticiúil agus go leor fonótaí. Is é an dara leagan criticiúil a foilsíodh ón Dara Cogadh Domhanda i leith: foilsíodh eagrán Gearmáinise in 2017, rud a raibh an-díol air.
April 18, 2025 at 8:40 AM
Áit dheas don bhricfeasta.
April 18, 2025 at 6:46 AM
An radharc ón óstán i Vársá. Chuirfeadh sé Nua-Eabhrac i gcuimhne do dhuine.
April 17, 2025 at 4:00 PM
Bhain mé fíorthaitneamh as an leabhar seo - idir eachtraíocht, greann, agus teacht in inmhe le linn léigear Leiníngráid. An-taighde déanta agus carachtair láidre. Agus faoi mar a dúirt Isaac Singer - 'Is dual don úrscéal scéal grá a bheith ann', tá scéal grá ann freisin.
April 15, 2025 at 10:19 AM
Téarma deas sa Fhraincis nach bhfuil sa Bhéarla: 'vis-à-vis' (i gcomhthéacs árasáin/tí agus an leibhéal príobháideachais atá agat). 'J'aime mon appartement parce que mon vis-à-vis est agréable': Is maith liom m'árasán mar nach bhfuil radharc anuas/isteach ag na comharsana air.
March 8, 2025 at 10:34 AM
Dul chun cinn mall á dhéanamh agam sa Pholainnis. Is breá liom cur chuige na leabhar seo ach tá siad costasach (€50 an ceann ar chóip nua). Is sásta a bhí mé teacht ar chóip athláimhe den dara ceann ar €20 in @chaptersbookstore.bsky.social áfach! Beidh orm an chéad cheann a chríochnú anois.
January 9, 2025 at 8:57 PM
Leabhar maith é seo - Gearmánach atá in athair an údair agus Francach is ea a máthair. Scrúdaíonn sí an méid a rinne (nó nach ndearna) a seantuistí Gearmánacha sa Dara Cogadh Domhanda agus dar léi gur léiriú maith é cás a seantuistí ar na milliúin 'gnáthGhearmánach' eile a 'chuaigh leis an sruth'.
November 30, 2024 at 11:48 AM