Ó Raġallaiġ ᚑᚏᚐᚌᚆᚐᚂᚂᚐᚔᚌᚆ
banner
reallynahreilly.bsky.social
Ó Raġallaiġ ᚑᚏᚐᚌᚆᚐᚂᚂᚐᚔᚌᚆ
@reallynahreilly.bsky.social
Bréan de bholgán aonteangach an Bhéarla
日本語でもオーケー、最近使っていないけど
Sé/é/彼
Bheith ag ithe bananaí - bhí ceann i mo bhosca lóin ar meánscoil tráth ⁊ bhí cuid de mo chomhscoláirí ag breathnú orm mar seo;
November 9, 2025 at 6:53 PM
Mar gheall ar ábhar cainte áirid atá ag dul thart le déanaí, tá mé ag filleadh go tromchúiseach ar an méim seo ó na seanlaethanta, ar nós an tseansaighdiúra ag tógáil an phíce anuas as an tuí. 😔
November 6, 2025 at 6:42 PM
Diabhal ‘fhios agam, méim nua de shaghas éicint sílim!
November 3, 2025 at 6:23 PM
Bhí mé riamh tugtha don gha, ⁊ téad bheag air lena scaoileadh.
October 31, 2025 at 8:17 AM
Tharraing mé mé féin as an leabaigh ⁊ aniar trasna na tíre go dtí an oifig inniu go moch ar maidin, ⁊ is mise an t-aon duine ón bhfoireann atá san fhoirgneamh inniu.
October 20, 2025 at 1:11 PM
Mise chuile uair a fheicim an snáithe seo ar m’fhotha;
October 7, 2025 at 9:11 AM
Tá mé ag déanamh athléamh ar an leabhar seo faoi láthair ⁊ tá sé deacair an léirmheas seo a shárú;
September 22, 2025 at 3:47 PM
Slua mór slachtmhar ann inniu. ⭕️💪
September 20, 2025 at 4:10 PM
September 11, 2025 at 8:35 PM
Neach mínaofa de shliocht Shelob agus Ungoliant an Fíodóir Scátha roimpi, an tAlpaire Solais a mharaigh An Dá Chrann i Valinor fadó;
September 7, 2025 at 8:06 PM
Déarfainn go bhfuil sé éirithe rud beag níos fearr le blianta anuas, beagán ar bheagán - mar shampla tá na suíocháin in ann déileáil le hainmneacha Gaelacha anois! Ach a lán obair fós le déanamh cinnte.
September 1, 2025 at 3:46 PM
Rian bhotún cló an Bhéarla fós le feiceáil sa Ghaeilge 👀
September 1, 2025 at 3:09 PM
Fear simplí atá ionam - feicim an seanchló ⁊ ardaíonn sé mo chroí

(bíonn ardú croí ag teastáil ⁊ mé ag dul i mbun oibre sa seomra áirid seo)
June 11, 2025 at 9:05 AM
Mise ag seoladh an smaoinimh seo chuig Elon;
June 6, 2025 at 6:00 AM
Meon na Céadaoine;
June 4, 2025 at 12:07 PM
Fuair mé spléachadh ar an bPoncánach úd lena léamh ar Éireannachas as ruball mo shúile, ach ní bheidh mé ag breathnú aríst. Aithním guais chognaíochta nuair a fheicim é. 😤
June 3, 2025 at 7:13 AM
Is fear mór suaitheantas mé caithfear a rá
May 29, 2025 at 9:02 AM
⁊ níos measa fós, beidh muid ag fanacht 11,000 bliain eile ar Jihad De Buitléir;
May 26, 2025 at 5:00 PM
Chonaic mé leagan nua de Thiarna na bhFáinní i @kennysbookshop.bsky.social le déanaí ⁊ bhí sé deacair guaim a choinneáil orm héin.
May 20, 2025 at 9:55 AM
Deirtear gur caithimh aimsire dhifriúla iad leabhra a cheannach ⁊ leabhra a léamh. Bíonn sé deacair an dá thrá a fhreastal amantaí, go háirid ⁊ clúdaigh áille mar seo le fáil.
May 20, 2025 at 9:44 AM
Solamar scéil atá i dTehanu, beag an t-ionadh. Ciúin go leor ach tá sé lán le comhráite atá chomh spéisiúla (nó níos spéisiúla?) ná na rudaí móra eile atá ar siúl i ndomhan Thalamhuir.
May 19, 2025 at 3:54 PM
Chaill mé amach ar mo chuid scuats ag an ngiom an tseachtain seo, mar sin tá mé ar na feabhsuithe ceimiceacha ar son na glutes.
🏋️🍑
May 17, 2025 at 9:30 PM
Gan aon chúis ar bith, cuirfidh mé in iúl dhaoibh go raibh a bad boy blasta seo agam aréir ⁊ bhí na comhábhair ar fad scríofa i nGaeilge (⁊ an teanga úd eile) air.
May 14, 2025 at 11:49 AM
Díreach críochnaithe leis an gcéad ghníomh. Cluichíocht den scoth.
May 5, 2025 at 1:00 PM
Nuair atá braon faoin bhfiacail agam ⁊ feiceann mé rud ar bith leis an gcluiche is ansa liom riamh ann;
May 3, 2025 at 7:27 PM