Éabhlóid
banner
eabhloid.bsky.social
Éabhlóid
@eabhloid.bsky.social
Foilsitheoirí Leabhar
Comhghairdeas le Dairena Ní Chinnéide, Caitríona Ní Chléirchín agus Máire Nic Mhaoláin atá ainmnithe do Ghradam Litríochta an Oireachtais i mbliana. Onóir mór dúinn a gcuid leabharthaí a fhoilsiú. Ádh mór leis na hainmnithigh uilig nuair a fhógraítear na buaiteoirí an mhí seo chugainn i nGaillimh.
August 20, 2025 at 9:22 AM
Tá muid féin ag eitilt ag an scéala go bhfuil "An Áit a nEitlíonn na Madaí Crainn" uimhir 1 ar an liosta "Leabhair is Mó Díol" in Hodges Figgis. Is maith Aileen Crossley agus tá muid iontach bródúil as an saothar álainn atá déanta aici.
@aileencrossley.bsky.social @hodgesfiggis.bsky.social
July 25, 2025 at 10:53 AM
Tá muid iontach buíoch do Mháirín Nic Eoin as a léirmheas thuisceanach ar leabhair Dhairena Ní Chinnéide agus Caitríona Ní Cléirchín in Poetry Ireland Review 145. Bhí ócáid dheas a sheolta ann i gCearnóg Mhuirfean inniu le Máirín ag léamh dánta leis an dá fhile.
May 15, 2025 at 7:06 PM
Bhí oíche ghalánta in Aonad James Joyce anocht le Dairena Ní Chinnéide agus Síle Denvir ag seoladh leabhar úr Dairena
February 17, 2025 at 9:28 PM
Dé Luain 6pm beidh muid ag seoladh leabhar úr filíochta Dairena Ní Chinnéide san ardchathair in Aonad James Joyce agus beidh Síle Denvir inár dteannta le ceol agus comhrá. Buail isteach más maith leat filíocht, ceol agus cuideachta. @jamesjoycecentre.bsky.social
February 15, 2025 at 9:09 PM
Tá seastán againn inniu ag Comhdháil Ghnó na Leabhar in Éirinn in Óstán Galmont i nGaillimh. Béim acu i mbliana ar leabhair Ghaeilge. Is deas casadh le lucht leabhair na tíre agus ár gcuid leabhair a chur ina láthair.
February 10, 2025 at 5:30 PM
Síle Denvir agus Dairena Ní Chinnéide ag seoladh 'Teacht Aniar', cnuasach nua filíochta Dairena, mar pháirt d'fhéile Tonnta in Amharclann Mick Lally i nGaillimh tráthnóna na féil' Bríde.
January 31, 2025 at 7:10 PM
Is maith do shúil! Lth. 136 in Athmháthair.
January 9, 2025 at 1:30 PM
Alt sa Donegal News faoi sheoladh Mhamaí Gé a bhí san Amharclann i nGaoth Dobhair Dé Sath. Buíochas mór leis na páistí uilig a ghlac páirt. Comhghairdeas le Kim agus Gabriel. @donegalnews.bsky.social
December 19, 2024 at 10:22 AM
Bhí sé iontach speisialta Mamaí Gé, leabhar úr Gabriel Rosenstock agus Kim Sharkey, a fheiceáil ar an Late Late Toy Show aréir. Comhghairdeas le Kim agus le Gabriel agus míle buíochas le foireann an Late Late Toy Show.
@kimsharkeyart.bsky.social
@latelateshow.rte.ie

eabhloid.com/siopa/mamai-...
December 7, 2024 at 11:12 AM
Má thaitin an leabhar "Athmháthair" leat seans go dtaitneoidh "Glórtha an Tráthnóna" leat, aistriúchán úr le Máire Nic Mhaoláin ar Le Voci Della Sera le Natalia Ginzburg. Scéal atá suite i dtuaisceart na hIodála ina dtumtar isteach i saol agus i nósanna na hIodála tú. Ar fáil ó eabhloid.com
November 13, 2024 at 4:23 PM
Rinne an ceoltóir Síle Denvir leabhar nua Dairena Ní Chinnéide "Teacht Aniar" a sheoladh ag Oireachtas an Gaeilge Dé Sathairn agus bhí ócáid speisialta ann. Is féidir léamh faoin ócáid anseo:
eabhloid.com/seoladh-teac...
November 8, 2024 at 2:16 PM
"Mamaí Gé" - leabhar úr le Gabriel Rosenstock agus Kim Sharkey seolta ag Áine Ní Ghlinn ag Oireachtas na Gaeilge - agus tá sí go gleoite ar fad - léigh faoin ócáid anseo:

eabhloid.com/seoladh-an-l...
November 7, 2024 at 12:42 PM
Leabhar úr aistrithe ag Máire Nic Mhaoláin, Glórtha an Tráthnóna le Natalia Ginzburg, á sheoladh ag Cathal Póirtéir ag Oireachtas na Gaeilge i gCill Airne. Scoith an aistriúcháin déanta ón Iodáilis ag Nic Mhaoláin - a bhuaigh Gradam De Bhaldraithe 2024 leis an leabhar Athmháthair.
October 31, 2024 at 4:06 PM
Seoladh leabhair Louis de Paor "Cé a Mharaigh Emma Mhic Mhathúna agus dánta eile" sa Chultúrlann i mBéal Feirste agus Louis faoi agallamh ag Síobhra Aiken
October 12, 2024 at 12:34 PM
Tá sé bunaithe ar an ealaíon a rinne Austin Ó Maolaoid don chéad eagrán a tháinig amach in 1929. A bhuíochas le Caomhán Ó Scolaí as an dearadh.
January 15, 2024 at 5:14 PM
An Grá agus an Ghruaim le Seosamh Mac Grianna ar ais in stoc sa deireadh!
January 15, 2024 at 3:15 PM
Comhghairdeas mór le Róise Ní Bhaoill buaiteoir Leabhar na Bliana Foras na Gaeilge ag an Post Irish Book Awards 2023.
November 22, 2023 at 10:00 PM
Ní hé gach ilcheardaí is snasúla obair.
November 8, 2023 at 3:03 PM
Scéilíní Scanrúla, leabhar úr do dhaoine óga le Gabriel Rosenstock á sheoladh inniu ag Proinsias Mac a' Bhaird @ 5pm. Svuít 5 ag Oireachtas na Gaeilge. Ná bíodh barraíocht eagla oraibh bualadh isteach...
November 3, 2023 at 9:58 AM
Comhgháirdeas le Róise Ní Bhaoill a ainmníodh ar an ghearrliosta inniu do dhuais Fhoras na Gaeilge do An Post Irish Book Awards don leabhar iontach IMRAM. Agus comhghairdeas le Fionntán de Brún, Alan Titley, Diarmuid Johnson agus Anna Heussaff atá ar an liosta chomh maith. Go n-éirí libh!
October 19, 2023 at 7:00 PM
Leabhar ghalánta í seo ar éanacha le Maitiú Ó Murchú, curtha amach go snasta ag LeabhairComhar. Neart eolais ann de gach cineál faoi na héiníní agus na héin mhóra.
August 23, 2023 at 10:36 PM