Éabhlóid
banner
eabhloid.bsky.social
Éabhlóid
@eabhloid.bsky.social
Foilsitheoirí Leabhar
Comhghairdeas le Dairena Ní Chinnéide, Caitríona Ní Chléirchín agus Máire Nic Mhaoláin atá ainmnithe do Ghradam Litríochta an Oireachtais i mbliana. Onóir mór dúinn a gcuid leabharthaí a fhoilsiú. Ádh mór leis na hainmnithigh uilig nuair a fhógraítear na buaiteoirí an mhí seo chugainn i nGaillimh.
August 20, 2025 at 9:22 AM
Reposted by Éabhlóid
✨Gearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin 2025!✨

Comhghairdeas leis na tithe foilsitheoireachta & na scríbhneoirí ar fad a bhain gearrliosta na bliana amach!🎉

Tuilleadh Eolais: https://www.antoireachtas.ie/gradaim-foilsitheoireachta/gradam-ui-shuilleabhain-2025/

#Oireachtas2025 #LoveLeabhairGaeilge
August 20, 2025 at 8:51 AM
Reposted by Éabhlóid
Fáilte go Sárthaispeántas Áis - léargas ar a gcuid seirbhísí dáileacháin agus corparáideacha.

Fan go bhfeicfidh tú na leabhair Ghaeilge atá ar fáil do dáileoirí an fómhar seo!📚

@forasnagaeilge.bsky.social
August 14, 2025 at 7:00 PM
Reposted by Éabhlóid
Má tá tú ag obair i siopa leabhar, is fiú go mór leabhair Ghaeilge a chur ar fáil do do chuid custaiméirí! 🤩📚
@forasnagaeilge.bsky.social
August 14, 2025 at 7:29 PM
Tá muid féin ag eitilt ag an scéala go bhfuil "An Áit a nEitlíonn na Madaí Crainn" uimhir 1 ar an liosta "Leabhair is Mó Díol" in Hodges Figgis. Is maith Aileen Crossley agus tá muid iontach bródúil as an saothar álainn atá déanta aici.
@aileencrossley.bsky.social @hodgesfiggis.bsky.social
July 25, 2025 at 10:53 AM
Cur síos breá anseo ar leabhar úr Aileen Crossley a bheas á sheoladh ag Áine Lawlor 6pm Dé hAoine in Hodges Figgis i mBÁC. "An Áit a nEitlíonn na Madaí Crainn" - leabhar pictiúr do pháistí. Buail isteach don tseoladh! www.independent.ie/seachtain/sa...

eabhloid.com/siopa/madai-...
‘Saothar speisialta’ le seoladh agus gaisce déanta ag an údar Aileen
Tá turas fada déanta ag Aileen Crossley a fhad leis an bhuaicphointe is déanaí atá bainte amach aici – An Áit a nEitlíonn na Madaí Crainn, leabhar do pháistí idir 5-8 a mheascann bua na scéalaíochta, ...
www.independent.ie
July 16, 2025 at 5:22 PM
Reposted by Éabhlóid
'Más ag pacáil le dul ar saoire atá tú, ba dheacair rogha léitheoireachta taistil níb’ oiriúnaí a mholadh ná an dá leabhar filíochta seo.'

@eabhloid.bsky.social 👏

tuairisc.ie/uaireanta-is...
Uaireanta is é an dán is giorra is áille -dhá sheoidleabhar nua filíochta
Léiríonn dhá leabhairín beag gleoite nua a léiríonn nach beag na smaointe ná an áilleacht a bhíonn á n-iompar ag an dán gearr
tuairisc.ie
June 10, 2025 at 9:05 AM
Tá muid iontach buíoch do Mháirín Nic Eoin as a léirmheas thuisceanach ar leabhair Dhairena Ní Chinnéide agus Caitríona Ní Cléirchín in Poetry Ireland Review 145. Bhí ócáid dheas a sheolta ann i gCearnóg Mhuirfean inniu le Máirín ag léamh dánta leis an dá fhile.
May 15, 2025 at 7:06 PM
Reposted by Éabhlóid
May 6, 2025 at 12:03 PM
Reposted by Éabhlóid
‘Vulnerability is her superpower, her greatest weapon as a writer’

—Áine Ní Ghlinn reviews Teacht Aniar: Meascra Dánta & Dánta Nua, by Dairena Ní Chinnéide @eabhloid.bsky.social

booksirelandmagazine.com/warrior-woma...
Warrior woman—Teacht Aniar, by Dairena Ní Chinnéide - Books Ireland
'Vulnerability is her superpower'—Áine Ní Ghlinn on Teacht Aniar, by Dairena Ní Chinnéide (Éabhlóid).
booksirelandmagazine.com
April 30, 2025 at 9:22 AM
Reposted by Éabhlóid
Labhair an file Dairena Ní Chinnéide linn faoina cnuasach is déanaí Teacht Aniar: Meascra Dánta & Dánta Nua.

@eabhloid.bsky.social
February 22, 2025 at 4:17 PM
Reposted by Éabhlóid
'Only illustrate work that you enjoy doing, if you are happy with the process and the style, the finished project will be a lot more satisfying.'—Illustrator Graham Corcoran

@grahamartwork.bsky.social @theobrienpress.bsky.social @eabhloid.bsky.social booksirelandmagazine.com/under-the-co...
Under the Covers—Graham Corcoran - Books Ireland
'Illustrate what you love doing'—Graham Corcoran.
booksirelandmagazine.com
February 25, 2025 at 12:27 PM
Reposted by Éabhlóid
Léite, agus thaitin sé go mór liom. Mar a scríobh @aonghusoha.bsky.social ina léirmheas, seo 'aistriúchán a shaibhríonn saol liteartha na Gaeilge' agus aontaím leis. 👇
aonghus.blogspot.com/2024/02/athm...
Maith sibh @eabhloid.bsky.social 👏👏 Sár-leabhar. Maith í Máire Nic Mhaoláin a d'aistrigh.
April 12, 2025 at 3:09 PM
Bhí oíche ghalánta in Aonad James Joyce anocht le Dairena Ní Chinnéide agus Síle Denvir ag seoladh leabhar úr Dairena
February 17, 2025 at 9:28 PM
Dé Luain 6pm beidh muid ag seoladh leabhar úr filíochta Dairena Ní Chinnéide san ardchathair in Aonad James Joyce agus beidh Síle Denvir inár dteannta le ceol agus comhrá. Buail isteach más maith leat filíocht, ceol agus cuideachta. @jamesjoycecentre.bsky.social
February 15, 2025 at 9:09 PM
Tá seastán againn inniu ag Comhdháil Ghnó na Leabhar in Éirinn in Óstán Galmont i nGaillimh. Béim acu i mbliana ar leabhair Ghaeilge. Is deas casadh le lucht leabhair na tíre agus ár gcuid leabhair a chur ina láthair.
February 10, 2025 at 5:30 PM
Faigh do thicéad anseo do cheolchoirm speisialta sa James Joyce Centre le Síle Denvir agus Dairena Ní Chinnéide mar chuid de cheiliúradh ar an leabhar úr filíochta 'Teacht Aniar' le Dairena Ní Chinnéide - 17ú Feabhra 6pm @jamesjoycecentre.bsky.social

www.eventbrite.ie/e/teacht-ani...
Teacht Aniar: Meascra Dánta & Dánta Nua
Join us for the launch of a collection of Irish poetry by acclaimed Irish poet Dairena Ní Chinnéide with Síle Denvir.
www.eventbrite.ie
February 4, 2025 at 4:26 PM
Síle Denvir agus Dairena Ní Chinnéide ag seoladh 'Teacht Aniar', cnuasach nua filíochta Dairena, mar pháirt d'fhéile Tonnta in Amharclann Mick Lally i nGaillimh tráthnóna na féil' Bríde.
January 31, 2025 at 7:10 PM
Reposted by Éabhlóid
Tá Conradh na Gaeilge ag tabhairt seans do chách a insint don Rialtas cén chaoi ar mhaith leo feabhas a chur ar thacaíocht don Ghaeilge
Teachtaireacht ó Chonradh na Gaeilge – Seans brú ar Rialtas
Tá Conradh na Gaeilge ag tabhairt seans do chách a insint don Rialtas cén chaoi ar mhaith leo feabhas a chur ar thacaíocht don Ghaeilge
extrag.ie
January 14, 2025 at 7:22 AM
Comhrá suimiúil le Caitríona Ní Chléirchín faoina leabhar úr filíochta "Rince Aeir" ar an chlár An Cúinne Dána le Tristan Rosenstock.
www.rte.ie/radio/rnag/a...
An Cúinne Dána Déardaoin 9 Eanáir 2025
Spléachadh ar na healaíona le Tristan Rosenstock, idir dhramaíocht, litríocht, scannáin is ceol. Agallaimh le mórealaíontóirí na tíre, léirmheasanna, agus go leor eile.
www.rte.ie
January 13, 2025 at 8:35 PM
Alt sa Donegal News faoi sheoladh Mhamaí Gé a bhí san Amharclann i nGaoth Dobhair Dé Sath. Buíochas mór leis na páistí uilig a ghlac páirt. Comhghairdeas le Kim agus Gabriel. @donegalnews.bsky.social
December 19, 2024 at 10:22 AM
Bhí sé iontach speisialta Mamaí Gé, leabhar úr Gabriel Rosenstock agus Kim Sharkey, a fheiceáil ar an Late Late Toy Show aréir. Comhghairdeas le Kim agus le Gabriel agus míle buíochas le foireann an Late Late Toy Show.
@kimsharkeyart.bsky.social
@latelateshow.rte.ie

eabhloid.com/siopa/mamai-...
December 7, 2024 at 11:12 AM
Má tá píosa suimiúil léitheoireachta uait, seo píosa téagartha dea-scríofa piarmheasta leis an Dr. Peter Weakliam faoi scéal Mháire Dinny Wren "An Doras Cúng". Foilsíodh é san eagrán úr de ComharTaighde.ie a seoladh aréir in DCU agus duais Ghael Linn bronnta air.
comhartaighde.ie/ailt-taighde...
‘An doras cúng’ le Máire Dinny Wren: Léiriú cumhachtach ar an drochíde sa teaghlach | COMHARTaighde
Réamhrá Téama is ea an drochíde sa teaghlach a bhfuil roinnt mhaith scríbhneoirí Gaeilge tar éis aird a dhíriú air le blianta beaga anuas. I measc na saothar is suntasaí ina bhfaightear plé ar an téam...
comhartaighde.ie
November 29, 2024 at 4:29 PM
Reposted by Éabhlóid
Leabhar Ficsin Gaeilge na Bliana buaite ag 'Geansaithe Móra' Ghearóidín Nic Cárthaigh anocht.
November 27, 2024 at 11:02 PM