Nigel McLoughlin
skintownboy.bsky.social
Nigel McLoughlin
@skintownboy.bsky.social
Maker of poems, habitual dismantler of stories and poems, Gaeilge agus Béarla, cognitive style-o-phile
Fuair mé an tseoid bheag seo inniu.
August 15, 2025 at 7:08 PM
Fan go gcluine siad faoin mhórsheisear.
Went to go look at Grok but got distracted by this quite funny burn on Continental philosophy.
July 9, 2025 at 10:32 AM
Fuair muid an bád agus chuaigh muid soir an bóthar go Dún Phrís áit ar fhan muid ar feadh oíche. Bhí sé ag reo lasmuigh agus thit an teocht i rith na hoíche. Tar éis bricfeasta maith, bhí orm an carr a dhíreo. Bhí oighear ar an uisce a níonn na fuinneoga. 1/3. #100daysofGaeilge
January 13, 2025 at 12:25 PM
Chuaigh maid fríd an sneachta thar Bhearna Ghleann Seáin a bhí chomh breá agus a d'iarrfadh do bhéal í a bheith. Ach cuireann sé an-iontas orm i gcónaí cad é mar a bheadh ​​sé roimhe seo, nuair a bheadh ​​ort iarracht a dhéanamh é a dhul thart le cóiste agus capall… 1/3. #100daysofGaeilge
January 12, 2025 at 12:33 PM
Inniu féasta Naomh Faolán na láimhe lonrúla - is cosúil gur chuir sé seo go mór lena chuid foghlama, rud a ligeann dó léamh faoi na clúdaigh agus é ina leanbh ina leaba gach oíche gan fhios dá thuismitheoirí. 1/4. #100daysofGaeilge
January 9, 2025 at 9:56 PM
Lá a bhí inniu ann nár tharla rud ar bith, agus tharla an méid sin go han-mhall. Thug gaoth éadrom cith flichshneachta. Fiú níor fhan sé sin i bhfad. Bhí sé déanach nuair a fuair mé deis féachaint ar an nuacht. Cén t-ádh atá orainn anseo inár n-áit nach dtarlaíonn rud ar bith. 1/3. 100daysofGaeilge
January 8, 2025 at 11:00 PM
Bhí sneachta ann inniu. Bhí an seanduine creatán ag taisteal i nDún na nGall. Bhí rudaí ag dul ar aghaidh go measartha maith go dtí gur tháinig sé ar an líne tráchta a bhí páirceáilte, mar ba chuma leo, sa sneachta ag dul suas an cnoc go dtí Mullach an tSléibhe. 1/3. #100daysofGaeilge
January 7, 2025 at 11:07 PM
Tá sé fliuch inniu ach níl sé chomh fliuch anseo mar a bhí sé san áit ina raibh mé i mo chónaí ann am amháin. Chonaic mé daoine agus iad amach ag snámh ar na goirt. Bhí an pháirc mhór in aici linn mar linn snámha Oilimpeacha go dtí gur reodh é…1/3. #100daysofGaeilge
January 6, 2025 at 8:33 PM
Tá sé fuar, agus cuireann sé i gcuimhne dom geimhridh m’óige nuair a bhí na corraí conáilte amach ar Loch Éirne agus muid ag iascaireacht. Bhíodh orainn toitíní a chaitheamh ceann amháin i gceachtar ár dhá láimh, sa chaoi go gcoinníodh an teas ón toitín an siocdhó ónár méara. 1/3. #100daysofGaeilge
January 5, 2025 at 2:35 PM
Bhí muid i mbialann dheas ar na crois bhealaí agus deirim leat go raibh na codanna uafásach mór inti. Bhí taobh amháin den Ghlas Ghaibhleann agam mar bhurgar mairteola agus bhí mac amháin ábalta snámh ina chuid babhla linguiní. 1/3 #100daysofGaeilge
January 4, 2025 at 2:52 PM
Bhí mé amuigh aréir ag an fhéile bhliantúil naomh Mainicín. Ar an oíche lá Maincín is fada an traidisiúin atá ann chun daoine róbaí deasghnáth ar a dtugtar maincíní a chur orthu agus dul ag damhsa timpeall teorainneacha an bhaile fearainn a bhaineann leis an naomh. 1/2. #100daysofGaeilge
January 3, 2025 at 2:34 PM
Rinne mé meancóg dólásach aréir agus chuir an Seanduine Liath in iúl dom go raibh mé i m’argthóir na teanga agus ní bheadh an t-easpaig é féin in ann maithiúnas a thabhairt dom as ucht gur thit mé i bpeaca marfa is measa na bhfoghlaimeoirí falsa: 1/3 #100daysofGaeilge
January 2, 2025 at 2:02 PM
Athbhliain faoi shéan agus faoi mhaise daoibh go léir ó ascaill seo an ghleanna atá ar thaobh do láimhe chlé agus tú ag tabhairt an bóthar siar cois farraige nuair a mbíonn d’aghaidh dírithe ar binn na gcnoc i ndiaidh luí na gréine agus An Béal Bocht i do phóca agat.
January 1, 2025 at 6:11 PM