Idir Inné agus Inniú — writing between yesterday and today.
#Gaeilge #FilíochtGhaeilge #Dánfhocail #Poetry #BilingualPoetry
An t-easnamh
Tá easnamh
i gcroí na hÉireann
Lenár lámha folamha a ghlacamar leis
Muid 'tá as láthair —
na hiomarcaigh
Dhá péire ceathrúna
a shaolaigh muid
An cúige scaoilte —
an fuíoll
Caite, ar fhoraoil
Tá easnamh
i gcroí na hÉireann
Muidne Midi —
neamhluaite
Anfa
Í a chiúin-chorraigh uisce na linne
A thug puth-póg cabhrach don éan
A chuir ag damhsa géaga na gcrann
Go réidh, rialta, luascach.
N’fheadar céard a chorraigh í aréir?
Í feargach, glórach, garbh, meisciúil
Muidne i bhfolach aireach sa leaba.
Ar maidin –
An saol millte.
“Ríomhaire”
Scríobhaimse "grá"
Scríobhtar "grab"
I dtaobh an ríomhaire,
Bí ar do riamh-aire!
“Ríomhaire”
Scríobhaimse "grá"
Scríobhtar "grab"
I dtaobh an ríomhaire,
Bí ar do riamh-aire!
Ar Mo Fhéachaint Siar
San aimsir chaite
Ar mhodh coinníollach
Ní mar a bhí -
Mar is gá
Ar Mo Fhéachaint Siar
San aimsir chaite
Ar mhodh coinníollach
Ní mar a bhí -
Mar is gá
The inimitable and timeless Burns
On these cold dark days
“Man was made to mourn”
“And man, whose heav'n-erected face
The smiles of love adorn, -
Man's inhumanity to man
Makes countless thousands mourn!”
www.poetryverse.com/robert-burns...
The inimitable and timeless Burns
On these cold dark days
“Man was made to mourn”
“And man, whose heav'n-erected face
The smiles of love adorn, -
Man's inhumanity to man
Makes countless thousands mourn!”
www.poetryverse.com/robert-burns...
Mo thomhas ar “doom-scrolling” as Gaeilge ->
Tóraíocht Dhearmadach and Ghránna.
Mo thomhas ar “doom-scrolling” as Gaeilge ->
Tóraíocht Dhearmadach and Ghránna.
Bó hó! Tick-Tock
An uair seo - bronnta orm
Do na ba
nach bhfuil agam
Don mbleá
nach ndéanaim
Mar sheanfhear ag dul in óige
Mo mhíle fáilte léi
(go sciobfar uaim arís í
san Earrach)
Bó hó! Tick-Tock
An uair seo - bronnta orm
Do na ba
nach bhfuil agam
Don mbleá
nach ndéanaim
Mar sheanfhear ag dul in óige
Mo mhíle fáilte léi
(go sciobfar uaim arís í
san Earrach)
Nod don eolach!
Tá saothar Gaeilge den scoth le fáil san iris seo, agus tá an PDF saor in aisce!
www.angaelmagazine.com
Nod don eolach!
Tá saothar Gaeilge den scoth le fáil san iris seo, agus tá an PDF saor in aisce!
www.angaelmagazine.com
Malcolm Knapp Forest, BC, Canada
Áilleacht na foraoise:
Beacáin faoi chlúdach na gcrann
Malcolm Knapp Forest, BC, Canada
Áilleacht na foraoise:
Beacáin faoi chlúdach na gcrann
Teach an Pháir
Foiche chónaitheach ag
Cogaint, urlacan
Ón gob amach
Seo é a teach –
Cealg i bpár
Ó bhun go barr
I scríbhinn dhaonna,
Cogaint, urlacan
Ón gob amach
Gach aon neach –
Cealg i bpár
Nach mór an náir’?
Nóta:
Foiche chónaitheach = steadfast wasp
Cealg = sting / deceit
As a aithle sin
As a aithle siúd
Gach a bhfuil ann
Ar thuras a lorg
Gach a raibh ann
Deacair a lorg
As a aithle sin
As a aithle siúd
Gach a bhfuil ann
Ar thuras a lorg
Gach a raibh ann
Deacair a lorg
“Deireadh Fómhair”
An t-aer
Fionnuar
Ar a bhealach
Síos
Go pógfar an talamh
Fionn-fuar
Le sioc mín
Le sneachta íon
“Deireadh Fómhair”
An t-aer
Fionnuar
Ar a bhealach
Síos
Go pógfar an talamh
Fionn-fuar
Le sioc mín
Le sneachta íon