Garraí in Oirialla
banner
oirialla.bsky.social
Garraí in Oirialla
@oirialla.bsky.social
Spéis agam sa gharraíodóireacht, sa bhia, san amhránaíocht ar an tsean-nós. Agus in am a chur amú ar líne, dar ndóigh.
Tá mám cainche ar mo chaenomeles japonica! Cha raibh mé ag súil le torthaí ón sceaichín seo, nuair nach bhfeiceann sí an ghrian ach ar feadh seala i lár an tsamhraidh. Caithfidh mé tabhairt faoi membrillo a dhéanamh.
November 14, 2025 at 3:53 PM
Bígí ag caint ar athrú aeráide... níl sé normalach trátaí mórea mar seo a bhaint amuigh faoin spéir i gCo. Lú. Faoi scáth a bhí síad cuid mhór den lá, go fiú.
September 28, 2025 at 11:55 AM
Tá mé sásta leis an cheann seo, a d'fhás sa teach gloine. Níos troime ná punt an tseanchórais!
August 23, 2025 at 6:34 PM
An-chuid bácála ar maidin, ach b'fhéidir nach leor na chéad trátaí ón gharraí le ceapairí a sholáthar don teaghlach uilig. Domhsa amháin, mar sin...
July 6, 2025 at 11:15 AM
Rósanna thar oíche! Hósanna!
May 13, 2025 at 3:41 PM
Is cosúil nach raibh mé chomh cúramach agus a shíl mé agus na prátaí á mbaint agam anuraidh, no d'aimsigh mé na cinn seo ag borradh leo in athuair Dé Domhnaigh. Well, tá síad thíos arís anois! Iomaire beag buidheach.
March 18, 2025 at 10:11 AM
Ní chreidfeá an boladh cumhra as an aon bhláth amháin seo ar an tseasmain.
February 26, 2025 at 3:56 PM
An bhfuil tuairim ag saoi ar bith agaibh cad is ciall le "sacáin-a-mhála" sa véarsa seo ag Peadar Ó Doirnín? An comhthéacs ná briseadh na nAlbanach ar son Charles Stuart i ndiaidh cath Culloden i 1745.
January 27, 2025 at 11:45 AM
Ó bhó, mó theaichín beag trátaí is figí! Sractha scriosta stróicthe! #Éowyn
January 24, 2025 at 2:29 PM
Seo an chéad uair dom aon rud a dhéanamh le fia-úlla seachas glóthach. Buíochas le Dia nach gá an craiceann a bhaint díobhtha.
October 20, 2024 at 2:12 PM
Tá mé sásta tusa a fheiceáil chomh maith, a thráta.
October 11, 2024 at 6:07 PM
Tá mé ag baint an fhómhair roimh theacht na fearthainne. Úlla, trátaí, sútha, physalis, fíonchaora, piobair Padrón...
September 29, 2024 at 1:01 PM
Tá subh na hoíche déanta agam cheana (sméara dubha, cuiríní dubha). Seo chugaibh subh na gréine, a bhuí le sútha craoibhe den chineál All Gold.
September 14, 2024 at 10:48 AM
Nuair nach raibh an lus gréine seo in ann cur suas leis na scamaill a thuilleadh, thit sé go talamh. Socair, socair, ardaigh do chloigeann! Tá peata de lá ann!
August 10, 2024 at 3:15 PM
An bhliain is fearr sútha talún riamh! Déanfaidh na cinn seo císte, Eton mess, fíoneagar agus biotáille 🤤
July 28, 2024 at 12:20 PM
Bonn óir don chéad fhige i mbliana: Pedro!
July 13, 2024 at 2:30 PM
"Sure, cha ndéanann lá amháin moille aon difear. Cuirfidh mé an líon ar na sútha talún ar maidin." 😫
June 12, 2024 at 6:46 PM
Nuair a chonaic mé na Fíréin ag an Fhéile Chraiceáilte i Ráth Chairn i 1994(?), níor rith sé liom go mbeinn arís anseo i 2024 agus duine den chlann agam ag tabhairt léirmheas ar an amhrán Tír na nÓg, "Bhí an ceann sin cineál maith, actually." #FéileNaGealaí
June 8, 2024 at 5:14 PM
"Tá na leacacha thíos anois, maith go leor?"
"Réalta óir ag gabháil duitse, mar sin."

Ní bean mhór DIY mé, ná bean mhór ar chor ar bith, agus dá bhrí sin, tá mé thar a bheith bródúil as 6 cinn de leaca a chur síos LIOM FÉIN. 👷🏻
June 3, 2024 at 4:23 PM
Lá cruaidh curtha isteach agam sa gharraí agus na trátaí thíos amuigh agam anois, i measc jabanna eile. Am dí.

Guth mó ghrá ghil: "Ach nar chuir tú na leaca suiminte sin síos go fóill..?"
June 1, 2024 at 3:25 PM