Saorbhreathach Mac Giobúin
banner
macgiobuin.bsky.social
Saorbhreathach Mac Giobúin
@macgiobuin.bsky.social
Queerdo🏳️‍🌈, Gaeilgeoir 🇮🇪, Baltimoron🐀🦀🙃
'a tháinig thar lear isteach' cloiste uair nó dhó agam ó chainteoirí maithe.
November 7, 2025 at 12:27 AM
N'fheadar go fóill ach beidh mé ann i gceann míosa chun féachaint timpeall agus taighde a dhéanamh - seachtain amháin in Porto, seachtain eile i Liospóin!
July 30, 2025 at 9:03 PM
Mé ag smaoineamh ar bhogadh go dtí an Phortaingéil, i ndáiríre
July 30, 2025 at 7:53 PM
America is so fully doomed 🤦‍♂️
July 30, 2025 at 5:22 PM
'... go rabhthas chomh mór leat tráth' dar mo chluas féin, ach an focal 'chomh' cineál báite. B'fhéidir go bhfuil dul amú orm.
July 11, 2025 at 11:32 AM
Is gá saoránacht LEE a bheith ag duine nó stampa 4 nó 5 ar a víosa, nach bhfuil le fáil go dtí go mbeidh na blianta caite aige ar víosa oibre de ghrád níos ísle. Níl mé ag rá go leigheasfadh sé an ghéarchéim earcaíochta dá gcuirfí deireadh leis sin, ach bheadh fostaí amháin sa bhreis acu pé scéal é.
July 10, 2025 at 11:50 AM
Fógraíodh folúntas aistritheora le Tithe an Oireachtais cúpla mí ó shin. Theastaigh uaim cur isteach air; tá mé go hiomlán cáilithe. Ach tá an critéar saoránachta ina bhac orm. B'fhéidir nach dóigh leo go bhfaighfí iarrthóirí ón gcoigríoch a bheadh sách inniúil ar an nGaeilge, ach táimid ann! 😡😭
July 10, 2025 at 1:03 AM
An fhoghraíocht sách maith ag Jennings, ar a laghad
June 25, 2025 at 12:17 PM
Go háirithe agus 'aoil' curtha leis 😵
May 21, 2025 at 5:09 PM
Please, it is your responsibility to get the language right. These are not deportations. US citizens are being abducted, trafficked, and rendered to foreign soil, not deported.
April 27, 2025 at 12:57 AM
Chuaigh mé an bealach céanna arú anuraidh. B'fhiú duit cuairt a thabhairt ar Crater Lake NP má bhíonn deis agat agus tú sa chomharsanacht.
April 9, 2025 at 8:44 PM
Ach cuireadh ar ghearrliosta Ghradam de Bhaldraithe é don leabhar aistrithe is fearr, mar sin féin 🤦‍♂️
March 12, 2025 at 2:12 PM
Tá, muise, thar a bheith maslach. Yikes...
February 25, 2025 at 4:32 PM
Esperanto, cheapfainn
January 23, 2025 at 7:28 PM
Cás fíor-fíoreisceachtúil a bheadh ann. Ach tá bealach eile ann tríd an bPortaingéil: víosa mar fhánaí digiteach > cead cónaithe 2 bhliain > athnuachan 3 bliana eile > cead saoránachta. Seans go bhfaighinn pas Portaingéileach in 5-7 mbliana agus uaidh sin go hÉirinn. Playing the long game!
January 22, 2025 at 12:40 AM
Agus mo mháthairse!
January 22, 2025 at 12:21 AM
Dhera, tá misa togha. ACH... b'fhearr liom go mór is go fada gan bheith i Meiriceá a thuilleadh. Tá mé ag cuimhneamh ar imeacht go dtí an Phortaingéil roimh dheireadh na bliana. Céard fútsa?
January 21, 2025 at 11:58 PM
Breithlá sona duit!
January 21, 2025 at 11:27 PM
Is deacair a bheith chomh scoite sin amach ón bpobal Gaeilge. Dá mbeadh breith ar m'aiféala agam is dócha nach bhfágfainn Éire choíche agus an chaoi a bhfuil cúrsaí polaitiúla anseo anois. Ach is deas aithne a chur oraibh agus b'fhéidir go gcasfar ar a chéile muid ag Oireachtas éigin amach anseo!
January 20, 2025 at 9:57 PM
Níl cur amach agam uirthi, ach tá sí spéisiúil go deimhin. Go raibh maith agat
November 29, 2024 at 7:26 PM
Go díreach
November 29, 2024 at 3:46 AM
Airgeadra freisin. Agus go leor eile. Is breá liom iad!
November 29, 2024 at 3:28 AM
Tá laochra agus laochra ann. Ceann ina ghnáthiolra ar laoch agus ceann a oireann don liosta seo, cheapfainn, óir tá a uimhir iolra féin aige, laochraí, agus iontráil ar leith in FGB. Níl ann ach gurb ionann foirm dóibh, feictear dom.
November 29, 2024 at 3:27 AM