Hannah
hannahmonaghana.bsky.social
Hannah
@hannahmonaghana.bsky.social
Muineachánach go smior. Aistritheoir, léitheoir, taistealaí. // Very Monaghan. Translation, books, moseying about.
Cén col atá ag an (anáil fhada dhomhain isteach) Roinn Caiteachais Phoiblí Bonneagair Athchóiriúcháin Seirbhíse Poiblí agus Digitiúcháin (phew) i gcoinne na camóige?
November 13, 2025 at 3:20 PM
Tá cultúrlann bheag á hoscailt ag Muineachán le Gaeilge ar Shráid na Páirce i mBaile Mhuineacháin. Bhí muid istigh ann anocht roimh an oscailt oifigiúil amárach agus tá cuma ghalánta air. Rinne siad an-jab agus focal breá Ultach acu ar an bhiachlár 👏
November 7, 2025 at 9:35 PM
November 6, 2025 at 8:50 PM
Agus an rian sin air!

An cló Gaelach 🤝 Fraktur
November 4, 2025 at 11:26 AM
November 3, 2025 at 10:08 PM
An bhfaighfeá seo ag meán oíche sa Gleneagle? Ní dóigh liom é…

(Tá an smear campaign in aghaidh Chill Airne faoi lán seoil agam)
November 1, 2025 at 11:03 AM
Ní raibh mé faoi dhíon Aonach an Oireachtais ach leathuair an chloig sula raibh an t-airgead póca ar fad caite agam
October 30, 2025 at 5:54 PM
🚢 Corcaigh 🔴⚪️
October 26, 2025 at 5:09 PM
Níl a fhios agam cad é a rinne sí ar an 3 Samhain 2020 ach G’wan Catherine Connolly!! arís inniu an 25 Deireadh Fómhair 2025
October 25, 2025 at 6:34 PM
Vóta caite 🗳️

An rural pursuit is fearr liom
October 24, 2025 at 8:35 AM
B’iontach Catherine Connolly a fheiceáil i mBaile Mhuineacháin ar maidin. Caithfidh go bhfuil sí traochta faoin tráth seo, treise léi!
October 22, 2025 at 12:09 PM
An mar seo a mhothaigh sé a bheith ag ollchruinnithe Dhónaill Uí Chonaill?
October 21, 2025 at 9:19 AM
Aghaidheanna Theach an Chustaim
October 12, 2025 at 7:32 PM
D’fhaighinn an béile seo (Beijing Zhajiangmian) go rialta agus mé i mBéising ach níor éirigh liom teacht air aon áit anseo go dtí anocht. Is deacair Sráid Parnell a bhualadh!
October 12, 2025 at 6:48 PM
“While Fianna Fáil may well be aggrieved that their actions have had consequences, it’s the public at large who will have to suffer the consequences. So far, so Fianna Fáil.”

Éiríonn le Carl Kinsella tochailt go croí na ceiste agus é a tharraingt chun solais i gcónaí.
October 11, 2025 at 9:37 AM
October 9, 2025 at 1:18 PM
Chuaigh mé amach le fuílleach mo lóin a thabhairt do na puisíní inné, ba dheacair an pota tuinnín a fháil ar ais nuair a thit sé ó mo lámh…
October 9, 2025 at 8:53 AM
Arbh é an físeán seo an buille marfach a chur JG as an iomaíocht?
October 5, 2025 at 10:13 PM
October 5, 2025 at 8:08 PM
Cad as a dtáinig an téarma ‘bricfeasta Gaelach’ don bhéile thíos? Samhlaím brachán, mil, cnónna agus caora, nó farlaí b’fhéidir, nuair a chloisim bricfeasta Gaelach…
October 2, 2025 at 3:39 PM
Catherine Connolly agus Alice Mary Higgins ag labhairt leis an tslua os comhair na Dála ag am lóin
October 2, 2025 at 2:27 PM
Sárleabhar. Fite fuaite ina chéile sa scéal tá an Chríostaíocht agus creideamh na ndaoine, an naofacht agus an daonnacht, cumhacht agus fimíneacht. Cé go bhfuil cuid den ábhar trom tá an insint líofa éasca, agus éiríonn le MÓC neart a chlúdach i leabhar an-ghearr.
September 24, 2025 at 12:05 PM
Ní fhaca muid seo go dtí inné. Dán álainn a scríobh Éilís Ní Dhuibhne cúpla bliain ó shin faoi bheith ag éisteacht le Arena.
September 16, 2025 at 8:57 AM
Tháinig postáil on leathanach seo aníos ar m’fhotha agus cheap mé gur phostáil urraithe gan lipéad a bhí ann ach chonaic mé nuair a chliceáil mé ar an chuntas go raibh mé á leanúint?? An mbíodh an cuntas seo in úsáid ag dream/duine eile roimhe seo? An-aisteach…
September 14, 2025 at 12:17 PM
September 13, 2025 at 11:38 AM