Fergus Ó Néill
banner
fergusone.bsky.social
Fergus Ó Néill
@fergusone.bsky.social
Gaeilge, Gauss, Getz, Kafka, Bealtaine, beoir, blues, Bartók, Peig(!). Agus na gnáthrudaí. Und das Übliche.
Is dushlán mór iad na staighrí beo i mBudapest; luas mór futhú. Níl sé inmholta titim chun suain ar an mbealach síos.
November 12, 2025 at 11:00 AM
Conas mar atá an córas i bPrág?

Dála an scéil, bhíos i bPrág aimsir na Cásca 1988. Die Ruhe vorm Sturm.
November 11, 2025 at 9:34 PM
Ach fós féin.
November 11, 2025 at 9:01 PM
Ní córas ceart faoi thalamh é agus faigheann an tram an aibhléis ón gcábla os a chionn fiú amháin nuair a théann sé isteach sa tollán. Tá an cineál córais chéanna i gKöln. Dá fheabhas í ní U-Bahn ceart í.
November 11, 2025 at 8:59 PM
Bhí comhghleacaí agam ón Steiermark agus bhí aithne ag a teaghlach ar Arnold; ba chomharsana iad. Ach san Ostair níl a leithéid chomh oh-my-god!-úil agus i dtíortha eile, de réir dealraimh.
November 11, 2025 at 5:56 PM
Burgenland?
November 11, 2025 at 5:45 PM
Cuireann an méid sin Céadaoin an Luaithrigh i gcuimhne dom.
November 11, 2025 at 5:39 PM
Níor thaitin na lampaí liom a raibh coinneal iontu áfach mar théadh lampa nó dhó den chineál sin i gcónaí trí thine.
November 11, 2025 at 5:03 PM
Is breá leis na páistí a bheith ag siúl thart leis na lampaí & ag canadh. Agus bíonn teachtaireacht chineáltas Sankt Martin a roinn a fhallaing leis an bhfear bocht (nuair nach raibh a leithéid i bhfaiseán) ina cuid lárnach de. B'fheasach dom nach raibh an nós sin againn ar an seanfhód. Nós álainn.
November 11, 2025 at 4:59 PM
Táim im' chónai leis na cianta i gceantar Protastúnach & is nós é a chleachtann an na Caitlicigh. Bíonn (nó bhíodh ar aon nós & ár bpáistí sa Kindergarten/bhunscoil) léiriú i lár na cathrach le Sankt Martin ar muin capaill, fallaing srl. Protastúnaigh i láthair freisin & meon réchúiseach ag cách.
November 11, 2025 at 4:52 PM
Féach air sin, anois! Ní raibh sin ar eolas agam, rud a chiallaíonn go bhfuil an creideamh á ath-inmheánú agam i ngan fhios dom. Nach rúndiamhrach an dóigh...
November 11, 2025 at 3:59 PM
Dála an scéil, ar chuir an vox pop a luann tú ionadh ort? Mar is eol duit is dual don vox pop i mBeirlín a bheith neamhbhalbh agus, ar uaire, garbh.
November 10, 2025 at 8:11 PM
*Ghaelach (scríobh - léamh - athléamh!)
November 10, 2025 at 10:51 AM
😂
November 10, 2025 at 10:42 AM
Tá an chuma ar an bhfocal sin nach bhfuil sanasaíocht íonghlan Gaelach aige. 😎
November 10, 2025 at 10:40 AM
Níl stáit AE/ECAT ró-cheanúil ar an stát thall faoi láthair de bharr an scéil sin sa Mheán-Oirthear agus tá an baol ann nach ligfidh síad an deis seo tharstu teacht i dtír ar laige slándála an stáit thall.
November 9, 2025 at 10:06 PM
B'áit stairiúil daoibh mar sin. Níor chuala mé riamh trácht ar an nós sin áfach. 🤔
November 9, 2025 at 9:08 PM