Donncha Ó Murchú
banner
donnchaom.bsky.social
Donncha Ó Murchú
@donnchaom.bsky.social
Comhfhreagraí Polaitíochta | Political Correspondent

Nuacht RTÉ & TG4 🎥
Scoil Náisiúnta na Tulaí, i Rinn Mhaoile, réabtha as a chéile ag Stoirm Éowyn.

Tá lorg na scríbe le feiscint ar fud an cheantair.

#nuachtrte #nuachttg4 🎥🌪
January 29, 2025 at 4:14 PM
Jennifer Whitmore SD tofa ar an 9ú comhaireamh i gCill Mhantáin.

#Vóta24 🗳️
December 2, 2024 at 12:33 AM
Farasbarr Simon Harris FG á dháileadh anseo i gCill Mhantáin.

#Vóta24 🗳️
December 1, 2024 at 11:07 AM
An chéad chomhaireamh i gCill Mhantáin.

Simon Harris FG tofa 🗳️
November 30, 2024 at 10:13 PM
An Taoiseach Simon Harris 'dóchasach' go mbeidh an dara suíochán ag FG i gCill Mhantáin.

#Vóta24 🗳️
November 30, 2024 at 7:43 PM
Dáilcheantar Chill Mhantáin de réir an chéad teailí ;

1. Simon Harris FG
2. John Brady SF
3. Jennifer Whitmore SD

4. Shay Cullen IND / Edward Timmins FG / Stephen Donnelly FF

#Vóta24 🗳️
November 30, 2024 at 11:09 AM
An sprioc aimsithe … an mar sin a bheidh Dé hAoine? 🎯🎱

#GE24 🗳️
November 27, 2024 at 4:02 PM
Ann Grimes, Ard-Mhéara Shráid an tSirriam, ag bualadh le Mary Lou McDonald ag Ionad Iarscoile do Pháistí faoi mhíbhuntáiste.

Tá 110 páiste ag freastal ar an ionad faoi láthair & 100 páiste ar an liosta feithimh. 🗳️
November 25, 2024 at 1:39 PM
Cumann Bodhar na hÉireann ag éileamh ar an gcéad rialtas eile leasú a dhéanamh ar an mBille um Theanga Chomharthaíochta Idirnáisiúnta le dul i ngleic leis an nganntanas mór ateangairí do dhaoine bodhra. 🎥🗳️
November 25, 2024 at 12:01 PM
Cois Fharraige faoi bhrat sneachta ar maidin 🎥❄️
November 21, 2024 at 4:52 PM
Grúpa Forbartha an Lucht Siúil i mBaile Bhlainséir ag lorg leithscéal oifigiúil ón rialtas mar gheall ar an leithscaradh ar bhonn cine a deineadh ar an bpobal.

🎥 Nuacht TG4 @ 7pm
November 20, 2024 at 12:46 PM
“Tháinig triúr airí oideachais ar cuairt thar na blianta agus gheall siad scoil nua dúinn. Ach fós, táimid ag fanacht.”

Eimer Nic an Rí, ó Ghaelcholáiste Reachrann i nDomhnach Míde, ag caint ar chruachás na scoile.
November 19, 2024 at 9:21 PM
Deir Eimer Nic an Rí, Príomhoide Ghaelcholáiste Reachrann, go bhfuil 23 bliain caite acu ag éileamh ar an rialtas go dtógfaí foirgneamh nua scoile dóibh.

Tá os cionn 400 dalta sa scoil agus iad ag brath ar sheomraí ranga réamhdhéanta a bhfuil drochbhail orthu.

#GE24 🎥🗳️
November 19, 2024 at 9:21 PM