Derek
banner
dirkvanbryn.bsky.social
Derek
@dirkvanbryn.bsky.social
Amach as na muineacha is isteach sna driseacha
Eagarthóir foclóireachta 📖
https://www.focloir.ie/en
tá na cosáin sna bólaí seo uafásach - siúlaimse timpeall mar seo
November 10, 2025 at 11:19 AM
Titeann an sampla sin idir dhá stól beagán braithim - áit éigin idir siamsaíocht agus crá croí
November 9, 2025 at 2:18 PM
Cuma aduain air sin ceart go leor ach b'éigean dúinn 'cleasa' áirithe teanga a úsáid i gcásanna áirithe. Is é an focal is intuigthe é sa chás chun an bhrí sin a thabhairt slán.
November 6, 2025 at 4:15 PM
Is ait liom féin an c beag má luaitear an contae féin ina dhiaidh caithfidh mé a rá.
Cén fáth? Níl a fhios agam 💅 ✨
November 6, 2025 at 10:28 AM
Tuigim nach bhfuil cuma rómhealltach air sin cgl - níl ansin ach cúldoras an chórais. Beidh leagan amach an tsuímh i bhfad níos cairdiúla.
Feictear dúinn go bhfuil scóip ann eolas gramadaí agus nótaí úsáide a chur leis an soláthar foclóireachta agus freastal a dhéanamh ar riachtanais éagsúla áfach
November 6, 2025 at 10:24 AM
Tagaim leat agus measaim gur rídheacair a bheidh sé an foclóir a neadú sa seomra ranga go háirithe gan leagan clóite éigin a bheith i lámh an dalta, cé gur nós coitianta go maith é an scáileán a bheith sa seomra céanna anois.
Na gnáthcheisteanna/gnáthdheacrachtaí faraor - am, acmhainní, airgead
November 6, 2025 at 10:13 AM
más é sin an rud is mó a chuireann olc ort glacfaidh mé leis...
November 5, 2025 at 4:53 PM
Feicfimid anois ceann amháin de bhuntáistí an fhoclóra ar líne- cuirfear sin ina cheart, go raibh maith agat!
November 5, 2025 at 4:52 PM
Stáisiún Uí Chonghaile ar 8.30am
November 2, 2025 at 12:12 PM
seans gur shíl sí nach féidir rud a chur san áireamh má tá sé fós ag dul ar aghaidh...
November 1, 2025 at 10:52 AM
my personal fav
October 31, 2025 at 4:43 PM
@ coimisineirteanga an bhfuil sin ceadaithe?
October 31, 2025 at 4:08 PM
Seolfar chuig 'Foclóir Gaeilge' thú
October 31, 2025 at 3:49 PM
An-bhródúil as an obair atá curtha i gcrích againn le trí bliana anuas. Tá dúshlán ollmhór amach romhainn chun cultúr na bhfoclóirí dátheangacha a bhriseadh ach tá súil againn go nglacfaidh an pobal leis seo agus go mbeidh sé ina áis ríluachmhar don teanga.
October 31, 2025 at 3:42 PM