Cill Dara le Gaeilge
banner
cilldaralegaeilge.bsky.social
Cill Dara le Gaeilge
@cilldaralegaeilge.bsky.social
Eagraíocht neamhbhrábúis atá ag cur na Gaeilge chun cinn i gcontae Chill Dara. www.cilldaralegaeilge.ie
Oíche cheoil le ceathrar ceoltóirí aitheanta atá faoi anáil cheol a muintire, agus a chruthaíonn fuaim bheomhar atá fréamhaithe sa traidisiún, a mheallann agus a spreagann an lucht éisteachta. Bígí linn le haghaidh oíche den scoth idir cheol, amhráin agus rince.
October 7, 2025 at 11:11 AM
Inniu fágaimid slán le Sarah Walsh, an chéad fhostaí a ceapadh siar in 2021. Tá Sarah tar éis bunchloch láidir a leagan síos don obair le cur chun cinn na Gaeilge i gCill Dara agus beidh oidhreacht shuntasach fágtha ina diaidh aici. Míle buíochas leat a Sara.h Fostaí na míosa gan amhras ar bith!
May 29, 2025 at 9:26 AM
Beidh siúlóid cois canála againn ón Bargetrip, na Solláin, go hÓstán Lawlors, Nás na Ríogh, Dé Sathairn, 17 Bealtaine. Buailfimid le chéile ag 10:00 os comhair an Bargetrip, W91 HYV5. Beidh Bricfeasta as Gaeilge ag tosú ag 11:00 in Óstán Lawlors.
May 15, 2025 at 1:55 PM
Ag súil go mór leis an Lá Mór Spraoi Dé Sathairn seo an 17ú Bealtaine!
May 14, 2025 at 3:04 PM
Is féidir clárú anois dár gcéad champa samhraidh do leanaí 5-12 a bheidh ar siúl i nGaelscoil Chill Dara, Droichead Nua, an 7-11 Iúil! Costas €60 atá ar an gcampa seachtaine seo. Tuilleadh eolais agus clárúchán anseo: www.tickettailor.com/events/cilld...
May 1, 2025 at 8:04 AM
Beidh an Club Spraoi ag tosnú arís inniu i McAuley Place! Buail isteach am ar bith idir 13.30 - 15.30. Beidh rogha mhór cluichí, Lego agus Duplo ann do leanaí bunscoile de gach aois!
April 30, 2025 at 9:54 AM
Cúpla mór-imeacht ag teacht go luath do theaghlaigh le Gaeilge! Teacht le chéile i gclós spraoi Bhaile Chairdif an 27ú Aibreán, Lá Mór Spraoi i Nás na Ríogh an 17ú Bealtaine i gcomhar le Teanga Tí agus le tacaíocht ó Chomhairle Contae Chill Dara agus ár gcéad champa samhraidh i mí Iúil le Dúlra.
April 17, 2025 at 2:41 PM
An chéad lá dúinn ar Blusky! Lean sinn anseo le nuacht a fháil faoi imeachtaí do lucht labhartha na Gaeilge i gContae Chill Dara, tacaíochtaí do theaghlaigh le Gaeilge, bealaí leis an nGaeilge a chur chinn cinn i gcúrsaí gnó agus ár bpleananna do chultúrlann don chontae #cilldaraabú #spéirghorm
April 17, 2025 at 12:11 PM