Ciarán Dúnbarrach
banner
ciarandunbarrach.bsky.social
Ciarán Dúnbarrach
@ciarandunbarrach.bsky.social
Tuairisceoir.
Is cuimhin liom gur tháinig páistí as Conamara ar cuairt againn agus fuair siad droch-íde béil ó pháistí eile san éastát - iad ag rá gur teanga amaideach mharbh a bhí sa Ghaeilg - iontas orm gur chuala siad trácht uirthi
November 16, 2025 at 10:24 PM
Tá mé a' smaoineamh ar mo ladar a chur isteach ann - char bhac mé mórán leis ach mhothaigh mé ar na mallaibh go bhfuil maitheas ann - súil eile, mar a dúirt an neach PR a dúirt é
November 14, 2025 at 3:04 PM
Is suimiúil an rud é, deir na Francaigh a bhfuil aithne agam orthu gur thaitin 'seirbhís náisiúnta' go mór leo - san Iodáil áfach, ní amhlaidh an scéal, sheachain beagnach gach duine a bhfuil aithne agam orthu é - bheinn in amhras faoi thiomántas mhuintir na hIodáile i leith an tír a chosaint
November 14, 2025 at 12:53 PM
Is trua nach bhfuil 'Flaithrí' ar bith againn anois
November 13, 2025 at 4:01 PM
Tá an duine áirithe sin i gcoinne mórán gach rud a bhaineann leis an teanga
November 11, 2025 at 9:04 PM
Is dócha go n-íocfadh daoine as!
November 11, 2025 at 4:12 PM
Cad atá muid ag caint faoi anseo?
November 7, 2025 at 8:21 AM
Reposted by Ciarán Dúnbarrach
Agus alt a mbeidh na foilsitheoirí Gaeilge sásta leis: naoise.substack.com/p/the-strang...
The strange divide
Irish literature versus literature in Irish
naoise.substack.com
November 4, 2025 at 8:49 AM
*nach n-aontaím
November 3, 2025 at 8:10 PM
An chontúirt atá ann ar ndóigh, ná dá gcaithfí Reachraidh amach as ár dtuigbheál cad is Gaeilge Éireannach ann - cá stopfá? Dún Geimhin?
November 3, 2025 at 8:03 PM
Mar a dúirt scolaire amháin gurbh chosúla le Gáidhlig nan Sgiathanach í Gáidhlig Árann ná le Reachraidh (ní dóigh liom go n-aontaím leis sin go hiomlán ach cibé ar bith).
November 3, 2025 at 8:01 PM
Ar ndóigh, dá n-éistfeadh duine le Gáidhlig Árann, nó Chinn Tíre fiú, chluinfeadh siad cosúltachtaí ach ba chosúla le Gaeilge na nGlinntí a bhí sí ná leis na canúintí sin.
November 3, 2025 at 8:00 PM
Dá gcaithfeadh daoine tréimhse in Eileanan an Iar, thuigfeadh siad cé chomh 'Éireannach' is a bhí GR, agus cé go raibh sí mar chuid de chontanam, ar bhealach bhí sí níos 'Éireannaiche' ná mar a ba chóir di a bheith.
November 3, 2025 at 7:58 PM
Sa chéad dul síos, ritheann sé liom nach bunaithe ar staidéar a bhíonn an tuairim sin ach gur scéal scéil a bhí ann. Sa dara dula síos, tá Reachraidh in Éirinn agus is é sin a dhéanann Gaeilge na hÉireann as, ní tréithe teangeolaíochta ACH...
November 3, 2025 at 7:57 PM