Cathal Seoighe
banner
cathal.bsky.social
Cathal Seoighe
@cathal.bsky.social
Cuntas as Gaeilge. Suim agam sa nádúr, eolaíocht, cadhcáil, fidléireacht ar aonrothach agus rudaí fánacha eile.
Fíor, más siúcra bán atá uait, ach go leor tuairiscí ar líne gur féidir siúcra donn a dhéanamh sa mbaile.
November 8, 2025 at 9:48 PM
Gan dabht.
November 8, 2025 at 2:27 PM
An rud a bhí ar intinn agam ná an difríocht idir knowledge agus knowing. I m'intinnse baineann eolas leis an gcéad cheann agus fios leis an dara cheann.
November 8, 2025 at 2:25 PM
Comhfhios ag teastáil don dá cheann ar barr amháin, nó don chéad trí chinn?
November 8, 2025 at 2:23 PM
Ní úsáidfainn an focal 'roghnú' i gcás na meáchan. Na billiúin meáchain á socrú, den chuid is mó sa bpróiseas réamh-thraenála ar thasc sách ginearálta sula n-iarrtar air tasc mar seo a dhéanamh. Easpa 'aithne' agus comhfhiosacht a chur an qualia a tharraing Denis aníos i gcuimhne dom.
November 8, 2025 at 2:19 PM
Sa gcás go bhfuil mo chuireadh go féile na mbunnóg sa bpost, is oth liom a rá go mbeidh orm é a dhiúltú.
November 8, 2025 at 2:12 PM
An bhfuil gá le suibiacht don eolas? Bíonn amhshonraí á sú isteach is á bpróiseáil ag an IS. Is féidir iarradh ar SMT léirmheas litríochta a scríobh ar réimse taighde agus chuile sheans go ndéanfaidh sé an-jab de. Níos mó ná sonraí i gceist ansin - cnuasach eolais agus á chur i dtomhal a chéile.
November 8, 2025 at 2:03 PM
I nGaeilge tá fios agus eolas againn (knowledge atá ag FGB orthu araon ach i m'intinnse ar aon chuma ní hionann iad). An féidir eolas a bheith ag IS ach gan 'fios' a bheith aige? Más amhlaidh, b'fhéidir go mbeidh ról ann fós do léachtóirí le fios a fhorbairt i ré an IS.
November 8, 2025 at 1:43 PM
Tá an-chuma ar na bonnóga sin. Ach ceist bheag amháin ag cur as dom: cá bhfuair tú na silíní? (lúide 5 phointe más silíní glacé atá iontu).
November 8, 2025 at 1:17 PM
Bheadh idir cathú agus faitíos orm greim a bhaint astu sin! Thaitin an focal entheogen agus an coinceap lena mbaineann i gcónaí liom. Feicim go bhfuil indiaigin ag Téarma air. Dia sa teach a deireadh na comharsana agus an t-Amanita á bhreith chun an tí leo.
November 3, 2025 at 8:08 PM
Tá roinnt mhaith Mheiriceánach i measc na Spéiríní agus táim cinnte nach raibh sé ar intinn agat iad a mhaslú. Ar ndóigh, tá Meiriceánaigh agus Meireánaigh ann.
November 1, 2025 at 12:43 PM
Cumann Damhsa Seite fós gníomhach. Níl fhios agam faoi DCU. Cumann Craice = Cumann Gaelach de réir mo thaithí féin mar mhac léinn. Is dócha go bhfuil mise ag lorg an Cumann Lándáiríreachta leis.
November 1, 2025 at 12:13 PM
Tá siad sin fós ar an liosta socs.universityofgalway.ie/societies/. Tá fhios agam go bhfuil an Cumann Damhsa Seite gníomhach, níl aon eolas agam faoin gCumann Drámaíochta. Bhíodh an Cumann Díospóireachta ann chomh maith in aimsir @duinedeas.bsky.social. Mór an trua nach bhfuil sé sin ann níos mó.
University of Galway - Societies -
socs.universityofgalway.ie
November 1, 2025 at 11:56 AM
Seans gur dúnadh an Cumann Díospóireachta ó shin (nó an é an Cumann Lit & Deb atá i gceist agat?). Ach feicim go bhfuil Cumann Drámaíochta ann i gcónaí mar aon leis an DramSoc.
November 1, 2025 at 10:20 AM
As Gaeilge? Níl.
November 1, 2025 at 10:17 AM
Ná i nGaillimh fiú.
An-mholtaí.
Ba dheas rud éigin a bheith ann nach bhfuil ar fáil as Béarla mar sin féin. Cumann na Smaointe Móra, dírithe ar aon ábhar ar bhealach ginearálta, cumann eipistéimeolaíochta, dírithe ar bhunús an eolais.
November 1, 2025 at 8:27 AM
Fíor, ach ró-Ghaelach. Aon mholtaí agat nach mbaineann le cúrsaí cultúir agus oidhreachta?
November 1, 2025 at 8:20 AM
Ba é an taglíne a thatin liom, is a cumadh tamall siar is dócha (mar is dóigh liom gur chuala/go bhfaca mé cheana é). Aon bharúil agat cathain a thosaigh Guinness ag baint úsáide as 'ní féidir an dubh a chur ina bhán air'?
October 31, 2025 at 8:54 AM
Go deimhin!
October 31, 2025 at 2:19 AM
Agus is líonmhara i bhfad na sócháin a dhéanann dochar ná iad siúd atá ina chabhair (agus is líonmhara fós na cinn nach ndéanann maitheas ná dochar).
October 24, 2025 at 8:03 PM
Cén scéal lena mbaineann sé sin? Agus comhghairdeachas leat a @laoighseach.bsky.social! Chlibeáil Dennis ar do dhea-scéal mé toisc go raibh mé ag caint faoin bhficheall (Síneach) anseo ar na mallaibh.
October 24, 2025 at 7:50 PM