Aoife Ní Ṁuirí
banner
anim32.bsky.social
Aoife Ní Ṁuirí
@anim32.bsky.social
Feirsteach i mBÁC
Ag foghlaim na Gaeilge
Saoirse don Phalaistín 🇵🇸
Thosaigh mé an leabhrán seo inniu - tá mé ag léamh an leagain Gaeilge ar dtús. D’amharc mé ar sraith ar TG4 maidir le toibreacha beannaithe ⁊ bhí sé iontach suimiúil. Chuaigh mé sa tóir ar an tobar beannaithe atá i mBarra an Teampaill i ndiaidh an clár sin🧐 #100daysofGaeilge
January 19, 2025 at 8:05 PM
Chaith mé an mhaidin sna Sceirí ag imeacht trí Ghaeilge - bhí comhráite deasa agam le go leor daoine. Chuaigh mé ag snámh agus cé go raibh an t-uisce sioctha bhí an-spraoi agam. Iontach buíoch gur thug mé cupán tae liom ☕️ #100DaysofGaeilge
January 18, 2025 at 5:03 PM
Léigh mé alt inniu ar ExtraG fá dtaobh den chás Seán Brown - “ábhar náire don Bhreatain” mar a bhí ráite sa chúirt an tseachtain seo. Mholfainn go hard an clár ‘Murder of a GAA Chairman’ #100DaysofGaeilge
January 17, 2025 at 10:04 PM
Bhí me ag scrolláil ar TikTok anocht agus chonaic mé cuid mhór físeáin a bhí déanta i nGaeilge - ag plé le hachan rud, cosúil le smideadh, feisteas an lae, ⁊ an Ghaeilge, srl. Chomh deas iad uilig a fheiceáil! An staidéar é sin…? 🥸#100DaysofGaeilge
January 16, 2025 at 8:39 PM
Bhuel, tá An Seomra Tobac críochnaithe agam anois. Caithfidh mé a rá nár léigh mé an cur síos agus tá mé iontach sásta fá sin, mar cha raibh mé ag súil leis an scéal a tháinig amach. Scéal gairid suimiúil a bhí ann #100daysofGaeilge
January 15, 2025 at 9:07 PM
Póstaer úr atá greamaithe i mBÁC 👏 tá leagan #Gaeilge ann fosta ach níl sé feicthe agam go fóill
December 2, 2024 at 8:25 PM
Tháinig mé ar An Páipéar anseo i mBÁC ⁊ tá sé chomh deas nuachtán Gaeilge a fheiceáil! Léifidh mé fríd nuair atá an t-am agam 🗞️
November 18, 2024 at 12:34 PM