ABAIR.ie
banner
abairtcd.bsky.social
ABAIR.ie
@abairtcd.bsky.social
Ag forbairt teicneolaíocht urlabhra ⁊ teanga don Ghaeilge ó bhí 2008 ann 💬

https://linktr.ee/abair_tcd
A chairde Gael, tá deireadh chomórtas taifeadta Mhíle Glór na nÓg ag teannadh linn! 🎙️🌟

Is inniu an lá deireanach a ghlacfar le aon thaifid i dtreo an chomórtais. Déanfar buaiteoirí an chomórtais a fhógairt ar an Chéadaoin beag seo. Tá muid ag súil go mór leis! 🫣
January 31, 2026 at 4:25 PM
Chuir muid fáilte roimh an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD ag ócáid sa tSaotharlann anseo i gColáiste na Tríonóide áit ar fhógair sé go mbeidh os cionn €2 milliún, thar tréimhse cúig bliana, a cheadú do thionscadal ABAIR
January 31, 2026 at 4:17 PM
Bhí scoth lae ag ABAIR i mbun seisiúin idirghníomhaithe acadúil le toscaireacht na hInstitiúide Teicneolaíochta, Harbin. Bhí suim acu cloisteáil faoin taighde atá ar siúl faoi láthair ar theicneolaíochtaí urlabhra agus teanga in Éirinn agus bhí neart le plé againn. Go raibh maith agaibh, a chairde!
December 4, 2025 at 1:53 PM
Bhí an-lá ag ABAIR ag caint ar an intleacht shaorga maidir leis na teangacha Ceilteacha ag Belfast Media Festival, a bhí ar siúl ag tús na míosa seo.
November 27, 2025 at 4:35 PM
Ba mhaith le foireann ABAIR tréaslú lenár gcara agus comhghleacaí, Liam Ó Lonargáin, ar a bronnadh Duais Iarchéime 2025 dá thionscadal doctúireachta, "Aithint Chainte Ilchanúnach na Gaeilge", ag comhdháil bhliaintiúil IRAAL an deireadh seachtaine seo caite. Comhghairdeas leat a Liam!
November 27, 2025 at 4:20 PM
November 24, 2025 at 9:23 PM
COMÓRTAS 🎤💬🌟

Tá comórtas taifeadta do pháistí á réachtáil againn le ceiliúradh a dhéanamh ar ár suíomh taifeadta sluafhoinsithe úr, Míle Glór na nÓg - agus tá iPad le buachaint! 📱👾

Le síniú suas don chomórtas nó le tuilleadh eolais a fháil air téigh chuig mileglornanog.abair.ie
November 24, 2025 at 9:23 PM
Tá Oireachtas na Samhna buailte linn! 🎃 Beidh ABAIR le feiceáil ar Ardán an Oireachtas trí lá i ndiaidh a chéile i mbliana, agus neart áiseanna úra á chur i láthair againn… 👀 Déanaigí cinnte is cuairt a thabhairt orainn ag ár seastán san aonach chomh maith. Tcífidh muid ann sibh!!
October 29, 2025 at 4:09 PM
Tá an Dr Dávid Veljanovszki ar cuairt faoi láthair againn ó Ollscoil Seirbhíse Poiblí Ludovika, Budapest mar pháirt de scéim soghluaisteachta foirne Erasmus+. Fuair sé blas dár réimse leathan gníomhaíochtaí acadúla agus é ag casadh lenár mbaill foirne agus ag freastal ar ranganna na Roinne
October 20, 2025 at 10:16 AM
Agus #LáFeasachtaAAC á cheiliúradh againn an Aoine seo caite, rinne ár gcomhghleacaí Julie Mhic Con Iomaire ár gcóras AAC, Geabaire, a chur i láthair ag maidin chaifé i Roinn an Staidéir Chliniciúil ar Urlabhra agus Teangacha Choláiste na Tríonóide.
#TáGachGuthTábhachtach #AACAwarenessIreland
October 15, 2025 at 11:22 AM
Comhghairdeas mór do Mhuireann Ní Dhómhnaill, a bhain an duais de iPad úr ar son taifeadadh glóir a dhéanamh le Abair.ie i nGaoth Dobhair an samhradh seo. Deir an girseach chliste, fhlaithiúil seo go dtabharfaidh sí an iPad dá deartháir, Naoise. Maith thú, a Mhuireann!
August 29, 2025 at 12:02 PM