Seán Mór Ó D
seanmor.bsky.social
Seán Mór Ó D
@seanmor.bsky.social
Gael, pósta ar Gina, beirt iníonacha, as an tSrath Bán. Is breá liom an rothaíocht, an ceol Gaelach, an léitheoireacht agus giota beag scríbhneoireachta.
Mar a mbuaileann an sliabh leis an fharraige. Oileán Acla.
May 8, 2025 at 11:29 AM
Ba dheas a bheith amuigh leis an chlub rothaíochta arís maidin inniu. Rinne mé go leor rothaíochta aonair anuraidh. Ach bíonn fuinneamh breise agus comhluadar breise sna turais chlub. Míle buíochas leis an lucht eagraithe agus le mo chomrádaithe diallaite.
February 9, 2025 at 1:41 PM
Chaith muid seal beag ag uaigh Rónáin Mhic Aodha Bhuí ar maidin roimh dúinn Gaoth Dobhair a fhágáil. Ní duine mé a dhéanann guí ná urnaí, ach thug mé ómós dó trí mo mhachnamh air. I mo chuimhní féin, tá an áit Gaoth Dobhair agus an fear Rónán fite fuaite ina chéile. Suaimhneas síoraí air.
January 19, 2025 at 1:36 PM
Mise agus Gina thíos i nGaoth Dobhair sa Trucailín Taistil don deireadh seachtaine. Béile deas i dTigh Jack aréir, chodlaigh cois cósta, ag an chladach clochach inniu san áit a dtugaimis na cailíní ag campáil blianta ó shin!!
January 18, 2025 at 1:05 PM
Díreach pillte ón Oireachtas. Réitigh mise agus Grian gach ceist pholaitiúil ar an bhealach síos, agus cheol muid gach amhrán Gaelach ar an bhealach abhaile. Tá an turas féin tábhachtach!
November 5, 2023 at 8:01 PM
Ba chóir an tOireachtas a úsáid mar shlat tomhais d'aois an duine. Tá mé 21 Oireachtas d'aois anois (thoisigh mé go mall i mo shaol). Tchím bearnaí sa chomhluadar, tchím liath in áit an doinn, tchím an óige ag teacht fríd. Is deas a bheith anseo le m'iníon den chéad uair riamh.
November 3, 2023 at 7:22 PM
Lá deas le Gina inniu ag tabhairt cuairt ar Ghrúdlann Guinness sa phríomhchathair. Béile den scoth anocht i mBialann Rudy i mBaile Blainséir, pota mór bia mara eadrainn. Ardchócaireacht. Ar ais sa lóistín anois, codladh roimh Thuras Rothaíochta Átha Cliath amárach.
September 16, 2023 at 7:19 PM
Bhí seisiún deas ceoil againn sa ghairdín anocht, ar son cara le iníon s'againn atá ag pilleadh ar an Astráil go luath go ceann tamaill. Cuireann mo chairde ceoil an-iontas orm, agus an-sonas orm, lena gcineáltas.
September 1, 2023 at 11:44 PM
Ní minic a bhím ag sileadh na ndeor. B'annaimhe arís a shilfinn deor i lár an lae ghil. Ach tháinig na deora go fras liom tráthnóna inniu nuair a léigh mé an méid a dúirt máthair Nicole Murphy fána nighean a maraíodh sa timpiste i dTiobraid Árann. Níl leigheas ar an bhriseadh croí sin.
August 31, 2023 at 9:41 PM
Tá neart Gaeilge sa taobh seo tíre. Go hiontach!
August 31, 2023 at 10:34 AM
Fadó fadó, i mbroinn chian cheoch na haimsire, nuair nach raibh ionam ach leathstócach, ba ardphíosa trealaimh ar fad ar fad é seo. Má bhí seo agat, dar leat gur mheicneoir críochnaithe thú.
August 30, 2023 at 7:42 PM
Bhain muid an-sult as an lúthchleasaíocht le cúpla seachtain anuas, idir éachtaí ár lúthchleasaithe féin agus cuid as tíortha eile. Iontach bródúil as na reathaithe ráibe agus meánfhaid ach go háirithe. Tá piachán i mo scornaigh ag scairtigh ar an tv! Agus maith í Sha'Carri Richardson sa rás 100m!
August 30, 2023 at 1:10 AM