University of Galway Library Heritage Collections
banner
uniofgalwayasc.bsky.social
University of Galway Library Heritage Collections
@uniofgalwayasc.bsky.social
Archives, Special Collections and Digital Collections at the University of Galway Library
Chun an tseachtain #CuardaighDoChartlann a chríochnú, roghnaigh muid rud a bhaineann le séasúr na Nollag.

Is catalóg álainn í seo ar chartaí Nollag a bhí ar díol i 1938 ag Royal Renaissance Art Christmas Cards.

#EYADoChartlann
December 7, 2025 at 10:17 AM
Bhí dhá cheiliúradh againn i mbliana don iarnród ó Ghaillimh go Clochán- comóradh 130 bliain a oscailte (1895) agus 90 bliain a dhúnadh (1935). Tá tógáil an iarnróid le feiceáil san albam Arthur J. Balfour.

#EYACuimhneacháin #CuardaighDoChartlann
December 6, 2025 at 10:05 AM
Is é téama an lae inniu ná #EYACuimsiú

Taispeánann Dr Mary Warde Moriarty grianghraf dá hathair, Edward Warde, dúinn ó chartlann Mincéirs.

Tá cuid den chartlann ar fáil go digiteach anseo:
digital.library.universityofgalway.ie/p/ms/categor...

#CuardaighDoChartlann
Digital Archive
digital.library.universityofgalway.ie
December 5, 2025 at 12:12 PM
Táimid an-bhródúil as na bailiúcháin dhigiteacha éagsúla atá againn.

Inniu, táimid ag tarraingt aird ar Imirce, bailiúchán Kirby A. Miller le litreacha agus cuimhní cinn a chum Éireannaigh i Meiriceá Thuaidh.

#EYADigiteach #CuardaighDoChartlann
December 4, 2025 at 12:00 PM
The Boy Who Drew Cats ó bhailiúchán Ringling North.

Is aithinsint ar scéal sí Seapánach le Lafcadio Hearn é seo. Déanann an leabhar cruthaitheacht agus indibhidiúlacht a iniúchadh.

#EYAPeataí #CuardaighDoChartlann
December 3, 2025 at 5:03 PM
Peataí Siobhán McKenna darb ainm Pegeen Mike agus Rory. Nuair a fuair Rory bás, scríobh cara Siobhán an litir seo mar chomhartha ómóis dó.

#EYAPeataí #CuardaighDoChartlann
December 3, 2025 at 2:32 PM
Is é téama an lae ná #EYAPeataí

Grianghraf ó chartlann Uachtaráin de Micheál D. Ó hUigínn lena chara Richard Kearney agus a theaghlach, chomh maith lena dhá mhadra Bród agus Misneach, 31 Eanáir 2016.

#CuardaighDoChartlann
December 3, 2025 at 11:37 AM
'Oíche Chiún' le Franz Gruber ó chartlann Chonradh na Gaeilge. Rinne Colonel Sauerzweig an t-aistriúchán agus an cóiriú ceoil seo.

#EYACiúnas #CuardaighDoChartlann
December 2, 2025 at 12:17 PM
Is é téama an lae inniu ná #EYAMeánaoiseach

Is Tráchtaireacht Bíobla le Nicholas of Lyra (c. 1270-1349) é seo i gcló ag an gclódóir ar an Nuremberg Chronicle, Anton Koberger in 1497.

#EYACuardaighDoChartlann
December 1, 2025 at 11:52 AM
Irisí Vogue ó chartlann Siobhán McKenna, le grianghraf de Siobhán McKenna lena clann san áireamh, agus fógraí le haghaidh stocaí níolóin.

#EYAÁilleacht #CuardaighDoChartlann
November 30, 2025 at 1:14 PM
An tseachtain seo caite, tugadh An Tiomna Nuadh, an t-aistriúchán Gaeilge ar The New Testament ó 1602, ar ais chuig an bhfoireann bailiúchán speisialta. Rinneadh obair chaomhnaithe ar an leabhar i dTeach Mhucrois, Cill Airne agus anois tá cuma iontach air!

#EYACaomhnú #CuardaighDoChartlann
November 29, 2025 at 12:22 PM