Falmaire Mór
falmairemor.bsky.social
Falmaire Mór
@falmairemor.bsky.social
Mhínigh mé an Cháin Phinc do m'iníon inniu. buíochas do @smythstoysroi.bsky.social as an deis foghlama.
January 25, 2025 at 10:47 AM
Fiú na stalcairí, teastaíonn caife uathu.
January 19, 2025 at 10:12 PM
Chuir an comhartha seo i Páirc Loch Roisín sceitimíní ar na gasúir (mé féin san áireamh)
January 7, 2025 at 11:05 PM
An fonóta is fearr liom:
November 21, 2024 at 7:01 PM
Teacht an tseagail ar an bhfíseán seo: World Record ó 2002, nach raibh an cleasaí féin sásta é a roinnt go poiblí go dtí inniu.
youtu.be/U9wbn2hQ-Z8?...
Albert Lucas - 13 Rings
YouTube video by David Cain
youtu.be
November 21, 2024 at 9:50 AM
Déardaoin beag seo in Ollscoil na Gaillimhe, déanfaidh mise cur síos ar na mionlogainmneacha atá bailithe againn in Oirthear Chathair na Gaillimhe, mar chuid den imeacht suimiúil seo:
November 12, 2024 at 12:20 PM
Photos of Michael Fitzgerald's house in Headford, in 'Ireland Beautiful', Wallace Nutting, 1925
November 10, 2024 at 11:12 AM
Lá i #gCathú!
Crúibíní á n-ithe againn i dTigh Mhaggie (mar dhea) - Tigh Fhionnagáin, trasna ó oifigí Curadh Bhaile an Chaisil.

Níleadar ró-ghoirt!
April 20, 2024 at 3:10 PM
Lá i #gCathú: Ag éisteacht le sliocht cinniúnach - buaileann Máirtín Ó Méalóid lena dheartháir (an sagart) in Óstán an Bhóthar Iarainn - The Hardiman mar atá air anois.

"Foirgneamh cearnach ceithre stór a bhí san óstán, déanta d'aolchloch gearrtha. Cáca bainne a mheabhródh sé do dhuine"
April 20, 2024 at 2:05 PM
Sna cláracha breithe - cuireadh síos an leagan béarla i gcónaí. An ceann seo ón Fhál Carrach thar a bheith eisceachtúil. Gach duine eile sa chomharsanacht le hainmneacha mar 'Teague', agus 'Annabella', ach glacadh leis an t-ainm cruinn - 'Pádraic Seosamh' - don Inland Revenue Officer
April 19, 2024 at 7:44 AM
Sa bhliain 1528, chuir bardas na Gaillimhe cosc ar chearrbhachas ar chartaí, díslí, agus táiplis mhór "nor no other unlawull gamys for monye, by yonge men and specialle by prentisys nor Irishemen"

Agus ní dhearnadh aon aisghairm ar riamh.
November 1, 2023 at 10:23 AM
Ag tochailt i gcartlann an Connacht Tribune. 11/9/1920 an chéad uair a fheicim Gaeilge ann. Cuma giolcach ar an alt seo ó pheann 'Sean-Ghaedhilgeoir'.
October 7, 2023 at 10:13 AM
Léirmheas ar Sorcas Le Croí - a bhí ar siúil sna hAille, Indreabhán, le coicís anuas.
https://sorcasblog.wordpress.com/2023/08/14/sorcas-le-croi-2023/
Sorcas le Croí, 2023
Bhí sé seo i bhfad níos fearr ná mar a bhí mé ag súil leis. Bhí puball breá acu, agus slua breá mór ann chomh maith. Shíl mé go raibh sé thar a bheith uaillmhianach an seó seo a chur ar...
sorcasblog.wordpress.com
August 14, 2023 at 1:23 PM