An Chrannóg- Comharchumannn Forbartha Ghaoth Dobhair
banner
ancrannog.bsky.social
An Chrannóg- Comharchumannn Forbartha Ghaoth Dobhair
@ancrannog.bsky.social
Is é aidhm Chomharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair ná forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn i gceantar Ghaoth Dobhair, le béim ar fheabhas eacnamaíochta, sóisialta agus cultúrtha.
Dráma úr 'An Lá Deireanach' le Aisteoirí Óga na Crannóige in Amharclann Ghaoth Dobhair ag 8 Dé hAoine 7ú & Dé Satharn 8ú , táille €10 daoine fásta, €5 páistí
November 4, 2025 at 9:24 AM
November 3, 2025 at 11:16 AM
October 28, 2025 at 5:04 PM
Tá ár margadh bia foscailte!! Tar amach agus faigh roinnt táirgí baile-dhéanta agus táirgí baile-fhásta!
---------------------------
Our food market is open!! Come and get some homemade & homegrown produce!
October 25, 2025 at 11:15 AM
Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair 2025- 27/12/25- 01/01/26 i nGaoth Dobair. Ranganna ceoil agus Damhsa, seisiúin, coirmeacha agus go leor craic!
Níos mó eolais scoilgheimhridh.com
October 16, 2025 at 9:39 AM
Beidh margadh bia ar siúl Dé Sathairn, an 25ú Deireadh Fómhair 2025, ó 12:00 go 4:00 i.n. sa Chrannóg (F92 EYT3).
Bígí linn fá choinne táirgí úra ó mhuintir na háite - torthaí, glasraí, bia baile, agus atmaisféar breá pobail!
October 14, 2025 at 9:49 AM
Tá Suíomh Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair 2025 beo anois!

Thig libh anois:
✨ Bhur ranganna a chur in áirithe
✨ Ticéid a cheannacht do cheolchoirmeacha is imeachtaí

Bígí linn i nGaoth Dobhair do sheachtain lán ceoil, amhráin is cultúir ó 27 Mí na Nollag 2025 go 1 Eanáir 2026.
Scoil Gheimhridh – Irish music Festival every Dec. in Ghaoth Dobhair, Co Donegal.
scoilgheimhridh.com
September 17, 2025 at 1:32 PM
Bus chuig an agóid ar an 20/09/2025 i mBaile Átha Cliath ag fágáil an Chrannóg F92EYT3 ar 8:00 ar maidin. Bígí linn!Bus saor in aisce don phobal chuig an agóid ar an 20/09/2025 i mBaile Átha Cliath ag fágáil an Chrannóg ar 8:00 ar maidin.
**Spásanna le cur in áirithe, cuir scairt ar 087 249 1101
September 16, 2025 at 3:17 PM
September 16, 2025 at 3:16 PM
Ranganna ar ais sa Chrannóg ón 8ú Meán Fómhair 2025.

Téarma 10 seachtainí 8/9/25 - 21/11/25.

Thig clárú & íoc ar líne ag an nasc seo -

cfgd.wufoo.com/forms/t1-sna...

Tá uirlisí le fáil ar cíos scoilnacrannoige@gmail.com
September 4, 2025 at 2:23 PM
Reposted by An Chrannóg- Comharchumannn Forbartha Ghaoth Dobhair
Reposted by An Chrannóg- Comharchumannn Forbartha Ghaoth Dobhair
Tá Dorn San Aer 2025 -féile in ómós do Rónán Mac Aodha Bhuí - anois seolta!

Bígí linn a chairde i nGaoth Dobhair 26-28 MF d'fhéile den scoith le bannaí den scoith.

Scaipigí an jah-sceála

Ticéid ar fáil ag dornsanaer.ie

@raidionalife.bsky.social @raidiofailte.bsky.social @gunghaol.bsky.social
August 5, 2025 at 12:08 PM
August 27, 2025 at 8:42 AM
August 18, 2025 at 2:00 PM
August 14, 2025 at 11:04 AM
BIA ÚR, BIA SLÁINTIÚIL, CÚRSA SCILEANNA SIMPLÍ
CÓCAIREACHTA – GAOTH DOBHAIR
Tá lúcháir orainn a rá go mbeidh cúrsa oíche 12 seachtain ar siúl sa Chrannóg ag toiseacht i mí Mheáin Fhómhair, le tacaíocht ó ETB Dhún na nGall – agus tá fáilte roimh bhaill den phobal clárú!0749532208/cfgd@crannog.ie
August 7, 2025 at 12:15 PM
July 31, 2025 at 8:42 AM
Tá áthas mhór orainn a rá go bhfuil Tionscadal an Teach Glas ag dul ó neart go neart! Míle buíochas ó chroí le Deirdre Brennan agus Cluain na dTor as an chuidigh uilig – ní bheadh muid tagtha chomh fada seo gan sibh.
Tá fáilte mhór roimh dhaoine úra páirt a ghlacadh sa tionscadal!
July 23, 2025 at 2:11 PM
July 23, 2025 at 1:29 PM
July 3, 2025 at 10:41 AM
Tá rang ióga ag toiseacht tráthnóna inniu ag 6:30-7:00 sa Chrannóg. Beidh na ranganna ar siúl gach Luan agus Déardaoin go dtí deireadh mhí Lúnasa. Fáilte roimh dhaoine le meascán de chumais, lena n-áirítear tosaitheoirí.
July 3, 2025 at 9:56 AM
🎶☀️ Tá Campaí Ceoil an tSamhraidh Ar Ais! ☀️🎶
30/06/25 - 25/07/25
Is deis iontach iad na campaí seo do pháistí taitneamh a bhaint as cluichí, gníomhaíochtaí spraíúla, agus blaiseadh a fháil de shaol an cheoil — uirlisí ceoil úra a thriail, amhráin Ghaeilge a fhoghlaim!
May 27, 2025 at 11:24 AM
Beidh an dráma úr “Biseach” ar siúl Dé hAoine an 9ú Bealtaine i Scioból an Phobail, Anagaire. Osclófar na doirse ag 7:30 agus tosóidh an dráma ag a hocht. Is dráma grinn é seo atá suite in ospidéil, áit a dtéann go leor rudaí contráilte. Maireann an dráma seo thart ar 45 bomaite.
May 5, 2025 at 4:03 PM
Bhí turas ghalánta ag ár ngrúpa dúla Dé Sathairn le tacaíocht ó Saol Ar An Mhacaire agus DLDC. Chuaigh muid go Ionad Teach na mBocht i nDún Fionnachaidh leis na hiarrachtaí dúlra agus caomhnaithe atá á ndéanamh ann a fheiceáil agus rinne muid turas treoraithe ar Bhaile Dhún Fionnachaidh.
April 14, 2025 at 10:25 AM